(28)
6Mhadh Rol. Uimh. 4. SEACHT-MHÍ. 1887.
NUAIDHEACHT na MÍOSA.
Ní'l mórán i nuaidheacht na míosa so
le sólás a chur air Éireannaibh; ach is í
an uair is duibhe do 'n oidhche a thigeas
roimh dhealradh an lae.
Deirid go bhfuil prionnsa na m-Breathnach
air thaobh an t-Saoi Ghladstóin. Tá sé-
sean níos críonna ná a mháthair; ach is
cuma leithe-si; tá a cúrsa bunáite rith-
te, agus tá a fuath air Éireannaibh cho
mór is go d-teilgfeadh sí síos le fánadh
an duibheagáin iad. Agus b'fhéidir go bh-
fuil an fuath ceudna aig prionnsa na
m-Breathnach ortha ach go m-budh mhó an
sochar dhó iad a bhréagadh le Féin Riagh¬
la 'ná bheith g-contabhairt a bheith caithte
air leith air fad; agus gur bh-feárr
leath bhuilín 'ná bheith gan aon arán.
Tá Éireannaigh ró shimplidhe. Ní'l aon
ghangaid in a g croidhthibh, agus, mar sin,
imirigheann cleasaighthe an t-saoghail or-
tha. Ligeann siad spíodóiridhe na Sas-
anach in a measg agus, go minic, is mó
an aire a bhéarfaidh siad d'a g-cómhrádh
feallta 'ná do chómhairle dhílse a g-cáir-
de féin.
Tá braitheadóiridhe Shasanaigh go fair-
sing in ar measg anois. Cad é budh
chóir a dheunadh leo? Sreangán a chur
faoi na muinéilibh, an sheadh? Ní sheadh,
ach píos talmhan a cheannach in Alasca,
príosún adheanadh ann, agus a g-congbháil
dúinte suas ann no go m béidh Éire saor.
Ach, air aon chor, níor chóir cead a g-cinn
a thabhairt dóibh anois.
Béidh rímeud air Ghaodhaillibh a chlos go
bh-fuil cúis na teangan a dul air aghaidh
go maith, agus má chuireann siad rómpa
a dhéanadh, béidh sgeitheadh míosamhla an
Ghaodhail os cionn deich míle go goirid.
Tá sinn-né déanadh ar n-díthchill ; má
dhéanann sibhse an nidh cheudna is ró¬
gheárr no go bh-fágfamuid ar long 'nár
n-diaidh.
