See Vol. XII, p. 1.
732
AN GAODHAL.
DOIRE-UIBHRUIN.
(FROM THE TUAM NEWS)
Doire-Uí-Bhruin (Derrybrien), the ti¬
tle of the following dialogue, is the
name of a village in the neighborhood
of Gort. The dialogue is said to have
taken place between a piper named
Fitzgerald and his wife Una. It has
been copied from a manuscript in the
possession of William Hession, of Cum¬
mer, near Tuam :—
SÉAMUS.
Shiúbhal mise Tuath-Mhúmhan a's bailte
móra,
Sléibhte uaigneach' a's gleannta fraoigh,
O Chorcaigh na g-cuan go Beul-áth'-na-
sluagh,
A's chugat anuas go Gaillimh arís;
Chaith mé trí ráithe 'r bord a g-Ceann-
sáile,
Ag síor-ól na g-cárt 's ag seinm air
mo phíop,
A's samhail do mo ghrádh geal ní fhacaidh
mé 'r an bh-fad sin,
O d' fhágaidh mé na sléibhte shúd Dhoire-
Uí-Bhauín.
Is adhra ! Úna, gluais thusa liom-sa,
A's fág Mac-Cúg air a chúl, 's an bh-fás
aigh;
Ní baóghal choidhche cúmhaidh no galra dú¬
bhach duit,
A's go d-teannfainn thú go dlúth le mo
chroidhe;
Rachfainn air mo ghlúinibh duit-se le úmh¬
lacht,
A's ceol gan chuntas do sheinfinn air
mo phíop
Acht air dul dam anonn thair Chaisiol
Múmhan,
Slán Dé le cúmhaidh leat, a Dhoire-Ui-
Bhruín!
Ní'l ór buidhe no pláta no rud air bith
dá áilne,
O Thobradh-Árainn go Baile-loch-riach,
Nach d-tiubharfainn do mo ghrádh geal
air aon phóigín amháin,
A léigheasfadh an arraing a tá treasna
thrí mo chroidhe;
Nach buadhartha, bocht, a tá mé, 's mé
a ngalra báis leat,
A phlúr na m-ban mánlaigh, 's leat a chaill
mé mo chiall,
Air maidin lá fhéil' Pátruic do sgar
mé le mo ghrádh geal —
Och mo chúig cheud slán leat, a Dhoire-Ui-
Bhruín.
Úna.
Mo chreach agus mo bhrón nach n-deár¬
naidh mé mo cómhairle,
Sul do chuaidheas a chomhnuigh go Doire-
Uí-Bhruín,
A m-botháinín gan fóghnadh bhídheas aig
bagairt orrainn a g-cómhnuidhe,
Gan rud air bhith beo de acht an prop a
a tá faoi;
Chleacht mise lóistín de thigh dhathamhail,
dhóigheamhail,
Nach leigfeadh aon deor do'n fhearthainn
shud thríd,
Airgiod anns an g-comhra, cruithneacht
agus órna,
Agus bairrilidh le n-a d-tabhairt ann a
mhargaidh 'ga n-díol,
Séamus.
Is doilighe duit-se shé cháineadh —
Tá an chno agus an t-airne ann,
A's shiad a' fás ameasg na súgh-craobh,
Tá an eilit mhaol 's a clann
A' sugradh ann 'san gleann;
An broc 's an míol-buidhe;
Tá banbh aig an g-cráin ann,
Tá searrach aig an láir ann,
Agus leanbh aig an mnaoi:
Tá na bric aig eirighe ann áirde ann
'San amhain a' dul le fánadh:
'S nach mór an tuar sláinte bheith n-
Doire-Ui-Bhruín !
Úna.
Nach aoibhinn a's nach aedhrach a mholas
tú na sléibhte,
A's gan nidh air beith 'g an réim sin acht
talta fraoigh;
Ní bhidheann anairt no bréid in air mhar¬
gaibh no aon'chaibh,
A chleachtmar féin againn shíos anns an
tír;
Da m-beidheadh agaibh-se roinn caorach an
chuid díobh nach n-eugfadh,
Bheidheadh an sionach 's a léithe 'g á scap¬
