AN GAODHAL.
733
adh air gach taoibh;
'S gur duine bheidheadh gan chéill a thógh¬
fadh dhó féin,
Bheith casgartha 's na sléibhtibh sin Dhoire-
Ui-Bhruín.
Séamus,
Is aoibhinn an nidh a bheith mí na Beal-
teine,
A ngleanntaibh áluin' so Dhoire-Ui-Bhruín
Bidheann feur fada 's fásach a's cean¬
namháin bhán' ann,
'S bidheann luachra níos feárr ann 'na
'nn áit air bith san tír;
Ó thiocfas ráithe 'n t-samhra bidheann
rince fada 's baire ann,
'San fear bheidheadh air leaba 'n bháis ann
d'eireochadh se 'nn shuidhe;
Fan thusa 'nn m' fhárradh 's tiubharfaidh
mé mo lámh duit,
Aon phighinn amháin go bráth nach n-íocfaidh
tú de chíos.
Úna.
A tráth sheasaim amuigh air bhárr an t-
sléibhe,
Cuirim osna 's ceud amach dem chroidhe,
A's le cúmhaidh 'nn a dhiagh sin, d'fhás
nioscóid chléibhe,
Os cionn mo chroidhe séibh tá 'nois 'g a
claoidh';
Agraim-se féin Críost Mac an Dé ghil,
Nár fhágaidh mé an saoghal, 's nár eug¬
aidh mé choidhch'
Go m-béidh teach agam féin arís go
seunmhar,
Air chnocáinín aerach éigin shíos anns an
tír.
Séamus.
Chaith mé trí ráithe air Chlochán-in-ráithín,
Aig an áithín taobh 'muich de Chill-Chríost;
An trá phós mise Úna, thiteas a g-clam¬
par,
Chaith me ráith an t-samhra suaidhte 's
an dlighe;
'N uair nach air fóghnadh tá sé dul dam
sa,
Seachfad mo ghábhaltas 's íocfad mo chíos
A's rachfad arís go tír shúd na h-óige,
Ameasg mo shean chomharsan go Doire-
Ui-Bhruín
Úna
A Sheamuis O na páirte fan féin go lá
liom;
A's tarruigh liom a' feuchaint Antoine
a' chroidhe,
Aithris dó go páirteamhail go bh-fuil tú
gan árus,
'Teacht oidhche Bhealteine gan áit air bith
's an t-saoghal;
Má tá an sin an t-ádh orrainn tá an
fear go h-an ghrásamhail,
Tiubharfaidh sé dúinn árus shíos anns an
tír,
'S gur míle feárr a gheabhas tú do
shláine ann,
'Na bheith casgartha 's na gleanntaibh sin
Dhoire-Ui-Bhruín.
In "Irish American" also
Aug. 21st, 1886.
A Volce From the Old Sod.
Mí Lughnasa, 31adh lá, 1887.
A Shaoi Dhílis :
Tá tusa aig troid a g-cúis
na teangan duthchais le fada, agus saoi¬
lim go d-tiubharfaidh mé misneach duit
anois, mar thárla go bh-fuil sgeul maith
agam agus is é sin — go bh-fuil greim aig
an nGaedhilge a measg na ndaoineadh a
g-contae Phortláirge a riocht nach g-caill¬
fear annsin é le ceud bliadhain eile, a
g-cás air bith.
Le do chead, tabharfad cúntas in mho
cheud pháipeur eile air mhainisdir Mhell¬
erai agus air stáid na Gaedhilge 'san
dúithche sin.
Tá tú dul air d'aghaidh go maith, agus
go m-budh sheacht bh-feárr a rachfas tú
air aghaidh, is é sin mian do charad,
Go measamhail
NUADHA.
[ We anticipate pleasant papers from Mt. Mellory ]
Aisdear Mic-Léighin.
Ag Fóghluim Gaedhilge.
(Sgríobhtha le h-aghaidh an Ghaodhail.)
"Níor mhór do mhac-léighin dul ag tóg¬
bháil aedhir áit éigin, nuair atá cead
aige," a dubhairt comharsa liom mí ó
shoin.
"Níor mhór, go cinnte," arsa mise,
"agus go deimhin tá mise aig imtheacht
