734
AN GAODHAL.
go goirid."
"Go bréi, baile an Righ, no Sagsanaibh
atá tú ag dul, is dócha ; no b'fhéidir do
'n Fhrainc ? "
"Ní'l baoghal orm," d'fhreagair mise,
"acht rachfaidh mé mar a g-cluinfidh mé
Gaedhilge dá labhairt."
Dar ndóigh, shaoil sé go raibh mé aig
magadh faoi, acht nuair a chonnaic sé go
raib mé daríribh, bhí iongantas air, deir¬
im libh.
D'imthigheas mar dubhairt mé, agus
tar éis teacht air ais, shaoileas go mbu
mhaith le léightheoiribh an Ghaodhail, dá g-
cuirfinn cuntas beag air m' aisdear a
g-ceann a chéile dhóibh. Anois, a bh-foc¬
laibh an fhileadh. —
"Cuirim sin chúghaibh air siubhal gan spás
tar lear,"
Níor 'bhí so an cheud uair do bhuaileas
amach air lorg na Gaedhilge, agus mar
sin, má fheiceann tú annso, a léightheoir,
focla ó shléibhtibh Chonnamara, agus foc¬
la eile ó bhán-chnocaibh na Múmhan, ná bí¬
dheadh iongantas ort.
Ní'l aon rud le rádh agam air m'ais¬
dear suas go baile Áth-Chliath; & ní dhéar¬
fainn aon rud air an m-baile mór sin,
muna m-beidheadh gur casadh an Saoi
Seághan Pléimionn dam ann. Mar is é
céann gaedhilgeoiridheadh na n-Éireann é,
d'fheudfá a rádh leis, mar dubhairt an
file ceudna i do luaidh mé shuas le Pól
O'Longáin. —
"A bhile gan bhéim, réiltinn soluis na
suadh."
Tá Seághan Pléimionn aig oibriughadh
air son na Gaedhilge, in aisge, air feadh
a shaoghail. Ní'l aon obair mhaith dhóibh
so a thainic amach 'san nGaedhilge láith¬
righ le fiche bliadhain, nach raibh a lámh
innte. Agus anois féin, agus é 'na
shean-fhear aosta caithte, is beag leis
airteagail agus litreacha do chur a g-
ceann a chéile, a chuirfeadh eud air an
Dochtúr Céitinn féin.
Tar éis cómhráidh le tamall (i nGaedh¬
ailge, dar ndóigh,) leis an b-Pléimionnach,
shiubhal mé síos mar a raibh an long-gaile
a théidheas go Portláirge, agus a gceann
leath-uaire thriallamar amach, agus d'
fhág sinn glór a's torann na cathrach
'nar ndéidh.
NUADHA.
(Le bheith leanta.)
Jackstones, — Sgreaga [ Arann Islands ]
Wire, — teinnteán iarainn — [ Meath. ]
[ Is ait linn clos uait go minic, a Shaoi
Nuadha. Stróiceadh d'ainm a fosgailt
na leitire, agus, más sé do thoil é, cuir
chugainn arís é. — F. G. ]
i Eoghan Ó'Comhraidhe.
AN t-ASAL agus a Chingaire.
D'imthigh Asal, a bhí d'a thomáint air
faid an bhóithir le 'na mháighistir, as an
m-bealach réidh, agus chuaidh, cho luath as
b'fhéidir léis, a n-aghaidh a chinn go bruach
aille. Nuair a bhí sé air thí titim síos
rith a mháighistir agus rug sé air ghreim
iarbail air, aig iarraidh a tharraint
siar; ach do chuir an t-Asal a n-aghaidh.
Lig an máighistir a ghreim uaidh, ag rádh,
"Maiseadh, a Sheághain, má bhéidhis máigh¬
istir, ní'l gar agam air, caithfidh beith¬
each dána dhul a bhealaigh féin."
THE ASS AND HIS DRIVER.
An ass that was being driven along the road by
his Master, started on ahead, and, leaving the
beaten track, made as fast as he could for the
edge of a precipice. When he was on the point
falling over, his Master ran up, and seizing him
by the tail, endeavored to pull him back, but the
Ass resisting and pulling the contrary way, the man
let go his hold saying, “Well Jack it you will be
master, I cannot help it. A willful beast must go
his own way.”
HERCULES agus an CAIRTEOIR.
Mar do bhí tuata ag tomáint carta
tré bhóithrín greallaighe, chuaidh na roth¬
aighe síos san dóib cho dian as gur sheas
na caiple. An sin, gan iarraidh ar bith
a dheunadh é féin, do ghlaoigh sé air Her¬
cules a theacht agus congnamh a thabhairt
dhó. Ach dubhairt Hercules leis a ghuala
chur leis an rotha, aig deimhiniughadh dhó
go d-tiubharfadh Neamh fóir do'n dream
chuideochadh leo féin.
HERCULES AND THE WAGONER
As a Countryman was carelessly driving his
wagon through a miry lane, his wheels stuck
so deep in the clay that the horses came to a
stand still. Upon this, the man, without making
the least effort of his own, began to call upon
Hercules to come and help him out of his
trouble. But Hercules bade him lay his shoulder
to the wheel, assuring him that Heaven only
aided those who endeavored to help themselves.
It is in vain to expect our prayers to be heard
if we do not strive as well as pray.
