(29)
6Mhadh Rol. Uimh. 5.
SAMHAIN
1887.
Phila. Lá Samhna, 1887.
A Shaoi Ionmhuin:
Gabhaim buidheachas leat fa cuireadh
thabhairt san nGaodhal dúinn ar sgríbhinn
chur chugad. is maith an chaoi é le mis¬
neach thabhairt dúinn agus fonn a chur or-
rainn agus fóghluim le sgríobhadh. Ní'l mé
féin a nan leitir a sgríobhadh air mo
mhian go fóill, acht tá súil le Dia agam
nach m-beidheadh mar sin a g-comhnuidhe.
Is maith liom sgeul a chur chugad ain-
ti seo — mo cheud leitir. Ní l oidche Dhómh
naig air beith le mí nach bh-fuil cúigear
no seisear scoláirig nuadh againn. Má
leanann dúinn mar seo, beidh an scoil
is feárr i Meiricá againn an Geimhre
seo. Thainig chugainn aig an scoil paip¬
eur Baile Athchléith, agus má thainic féin
gan mhagadh is maith é. Ní'l mórán Béar-
la ann acht Gaedhilge air fad; Gaedhilge
bhreágh nádúrtha mar chleachtamar san
m-baile. Is mór an truaidh nach d-tagan
sé amach níos mince.
Tugann gach aon duine againn a Ghaodh
al leis aig an scoil, is má bhídheann cuid
do nach d-tig linn a dheunadh amach tá
duine an seo le na mhínúghadh dhúinn. Na
bídheadh eagla ort go g-cuirfidh na locht¬
óirigh aon duine ann seo i n-aghaidh do
pháipéir. Tá an oiread de fháilte roimh
an Gaodhal an seo a's bheidheadh roibh nóin¬
ínig na Bealtaine. Do ghlacmaoid foigh-
id leis na lochtóirig seo le fada acht tá
deire na foighide caithte anois, ⁊ mar
m-bidh athrúghadh poirt aca gan mhoill, lá
breágh eicin, nuair nach m-béidh aon t-súil
aca leis ; gheabhaidh siad iarrachd uainn,
agus b' fhéidir go m-béidh a sáith ann a
leath.
Le meas mór, is mé do charaid,
SEÁGHAN RUBIRTUN.
