742
AN GAODHAL.
Mr. St. Mary's Seminary, Oct. 18, 1887.
The following is a translation of a sermon on
Heaven preached last February by Rev. Daniel
Quinn, of Cin. Ohio, then a member of the Semi¬
nary. Rev. Mr. Quinn was ordained priest on the
26th of August last. He is now in Greece where
he intends to remain for a year or two to improve
his knowledge of Modern Greek, and acquire a fac¬
ility in speaking it."
[The translation is by the translator of “The
White Hare,“ a young theological student of the
Seminary, who we have no doubt, will make his
mark in Gaelic literature. — Ed.
NEAMH.
"Agus do chonnairc mise, Seághan, ann
Cathair Neamhtha, an t-Iarúsalem Nuadh,
aig teacht anuas as neamh o Dhia ullmhuigh¬
the mar chéile d'a fhear-chéile," — N, Eogh¬
an, tais. caib. XXI. r. 22.
Ann san g-caibidil so de'n taisbeán¬
adh insighean Naomh Eoghan dúinn ciannos
ar fheuch righeacht neamha nuair a chonn¬
airc sé é a n-aisling. Do labhradh agus
do seanmóruigheadh fa neamh go minic.
Do tráchtadh faoi mar a g-ceudna le
sgríbhneoiribh móra. Thug lucht diadhach¬
ta, aig deunadh úsáide d'a n-eolas air
an sriobtiúr agus air an m-bheul-óideas
diadha, saoithe aig leanamhain reasúin
cheirt, filidhthe ag cur a saoilim d'a d-
teitheadh is áirde, an-mhórán eolais dúinn
air an áit chomhnuidhe iorgantach so Dé
agus na muintire a ghrádhuighean Sé acht
níor rabh ariamh agus ní feudfar do
bheith go brách lan-eolas fa neamh ag
daoinibh air talmhain, oir, "ní fhacaidh
súil, níor chluinn cluas, níor chuimsigh
croidhe an duine na neithe a tá ullmhuigh¬
the aig Dia fa chómhair na muintire a gh¬
nidheas a thoil." Is é neamh an áit d'ar
cruthuigheadh sinn. Is sé neamh ar n-áit¬
reabh. Ní shé an talamh ar n-ait chómh¬
nuidhe. Is sé neamh an chríoch chum a bh-
fuileamar ag triall. Is sé an cuan ann
a bh-fuileamar ag dul a fasgughadh an¬
coire ar long de charaig na n-aois. Is
sé neamh an ait ann a dtastuighean
uainn dul. I n-diu teidheamar in súd a
spioraid ag tabhairt as comhair ar n-in¬
tleacht cuid de na fírinnibh a mhúinean
an Eaglais dúinn fa neamh. Fághthar trí
n-duile i g-croidhe gach uile dhuine ;- duil
i suaimhneas, duil i luthgháir, duil i nglóir
Líonfar na trí n-duile so i righeacht
neamha. Ní líontar go brách iad air tal¬
aimh.
Ciannos a bh-fuil neamh na ait shuaimh¬
nis. Tá neamh na áit shuaimhnis de bhrigh
nach bh-fuil nidh ait bith ann sin a thorsoch¬
adh sinn, ach sealbuighean sé agus tugann
uaidh gach uile nidh a bheireas suaimhneas
agus ath-úrúghadh. Ní bh-fuil ann so air
talamh, acht deifir, rioth, luachair, corr¬
uidhe, toran, fait, brosdúghadh. Ní féi¬
dir linn sgith no suaimhneas d'fhághail in
seo de bhrigh go bh-fuileamar nar lucht siú¬
bhail ag nach bh-fuil cead stadadh go righ-
fear neamh, críoch ar n-aistire. Ní bh-
fuil suaimhneas dúinn go bh-fosglighe fear
gheata neamha geataidh na m-baeain óir
dúinn, go d-treoruighidh sé asteach sinn,
agus go d-tugaidh sé áit a rígheacht na
n-athar agus an aoibhnis. Ann sin ní
fulangfar aon phian, ní silfear aon deor,
ní tharraingeochar aon osnadh, ní bheidh o¬
bair no cúram le dul faoi, ní bheidh tin¬
neas le fulang.
Is fíor go bh-fághmar suaimhneas eigín,
aoibhneas eigín ann so, acht ca ladhad?
An san g-cathair, a g-cuid de na sráid¬
thibh, is féidir le duine mórán d'fheicsin
atá sólásach, agus mórán atá áluinn,
breágh; deifridh dronga daoineadh thart
air a bh-fuil éadach breágh; acht ann san
t sráidh eile is fogusa dearc air an
teach gráineamhail tonóntaidhe úd ann a
b-fanann an boichteanacht ag pollughadh,
ann a bh-fághann mná pósta bás, beagnach,
le ocras, agus ann a sgréadann mal¬
raidh ag iarraidh bidh, agus ann a n-éir¬
igheann na fir deamhanta an a n-éadóth¬
chus. Má 's mian leat a bh-feicsinn in
a n-an-shógh, agus má's fear gan faitchíos
atá anad, gluais tre a sráid i nocht.
Na g-comhnuidhe air an t-sráid sin tá na
ceudta daoineadh a chaithfeas an oidhche
i nocht gan neul chodalta. Cad fádh ?
Feuch asteach orra thríd an fhuinneóig
bhriste agus ní riachtanach dhuit fiafruighe
cad fáth. Cad a fheiceas tú ? Dadamh,
de bhrigh go bh-fuil sé cho dorchadh sin insin
astigh — gan aon t-solus. Eisd! B'fhéidir
go g-cluinfeá cneadaighil thruaghach o chru¬
thaibh caithte, ag iarraidh sócamhal fhághail
air urlár cruaidh, fuar, — gan aon chlúd¬
údhadh. Tá siad ann'sin ag crith ann san
dorchadas — gan aon teas. B'fhéidir nár
