AN GAODHAL.
743
itheadar nidh air bith i n-diu — gan aon
bhiadh. Gan solus, gan clúdhúghadh, gan teas
gan biadh; uime nin, gan aoibhneas; uime
sin, gan sgigh, gan suaimhneas. Acht chea¬
na go n-deonuighidh Dia go soilseochadh
reult treoruighthe anuas ó'n spéir ghorm
asteach thríd an fhuineóig bhriste sin, ag
gliocúghadh óna n-áit chomhnuidhe air neamh,
ag beogh-foilsiúghadh suas a m-beatha dhoi¬
léir, ghruama, ag sgeith aon dealrúghadh
amháin dóthchuis le misneach do thabhairt
dhóibh chum go bh-fulangóchaidís a d-triob¬
lóideacha ionnus go d-tiocfaidís go
suaimhneas tar éis na beatha so. Aris
táir láidir, sláinteamhuil; agus b'fhéidir
gur geur-thaithneamh leat lá fuar, gleach¬
dughadh a n-aghadh líaspad gaoithe na gei¬
mhre, acht an gaoth gharbh a chuireas lasadh
ann do leacan-sa, b'fhéidir go n-goidean
sí leithe an bláth as an bh-fear tinn úd
tháll, a n-insighean a choiscéim lag, agus
a ghnuis gheuruigthe sgeulta fulanghtais
galair.
Acht arís, a deirim, fa 'n m-beagán
daoineadh ag a bh-guil roinn eigin suaimh¬
nis ann so, nach g-congbhuighean siad a bh-
fad é. Mar so; b'fhéidir gur baincéar
atá a bh-fear, acht ma ritheann a fhear
coimhéadaighe ann bealaigh amarach, cad
dheunfas an baincéar? B'fhéidir gur
ceannuidhe atá a bh-fear, acht ma dóigh¬
tear atheach stóir i nocht, cad a dheunfas
sé ? B'fhéidir gur curchóir atá a bh-fear,
acht ma theidhean a chuid báirr síos le
tuile, an t-seachtmhain so chugainn, creud
a dheunfas fé ? B'fhéidhir ann sin go rach¬
fadh an fear saidhbhir so na chomhnuidhe
san teach graineamhuil sin d'ar labhram¬
ar cheana. Cia aig a bh-fuil fios? Ní'l
fhios aige-san. Acht go déimhin ma ta
sé ann a chumhacht a shaidhbhreas do cong¬
bhail a g-cathadh a shaoghail cad é an trio¬
blóid a tharlóchas dó ag iarraidh so do
dheunadh? Ta sé d'a únfuirt féin go dó¬
camhlach air leaba gan suan ag cuimhniu¬
ghadh air na neithibh a ta cumtha agus lea¬
gtha amach aige go deireanach sa n-oidhche,
le na cheann g'a sgoilteadh le tinneas,
deunann sé suas a chuid cuntais. tor¬
suighean sé a intleacht; caitheann sé a
cholain. Ní fhágan sé suaimhneas. Suaimh¬
neas no sgith ní bh-fuíghidh sé no go righfidh
sé neamh. An te nach righfidh neamh go
deo ní bh-fuighidh sé suaimhneas go deo.
O! cad é an lá an lá sin, nuair a cas¬
far le chéile cairde cheanamhla gan sgar¬
adh le chéile go deo arís, agus cuimileo¬
chaidh Dia na deora óna súilibh, agus im¬
theochaidh gach brón agus osnaighil nuair a
rachfas corpa na naomh a stáid ghlórmhar
síorbheo, gan bhaoghal, meadh no gorta, no
bás orra asís go deo. Euduighthe a so¬
lus, asteach tre gheataibh na cathrach
neamhdha, agus a bheidheas baint aca de
Chrann na Beatha ! Agus ní bheidh aon
pheacadh san áit sin, aon ghala anmhian¬
ta, aon ghath coinsiais, aon dealg chath¬
uighthe. Air neamh suaimhneas agus cabh¬
air do gach uile dhuine. Feicfidh súile na
muintire a bhí cheana dall an Righ an iom¬
lan a chuid áilneachta. Tá cluasa na
muintire a bhí cheana bodhar sosgailte
aig éisteacht leis an m-binneas is toghtha,
agus le ceoltoireacht is aonduighthe & is
cumhachtaighe na cruinne. Bainean an
teanga a bhí cheana balbh bárr de gach ui¬
le chuimsiúghadh daonda air sholabhartha
a g-cainteoireachta thapaidh agus a mol¬
adh sarmhaith. Tóigeann an cruth a bhí
cheana bacach, neimhdhíreach, comhthromacht
Le bheith ar leanmhain.
Mr. M. Heffernan, Louisville, Ky.
writes —
I noticed in the Gaodhal a request by
Father Mulcahy concerning certain
words and what they were known by
in the different parts of Ireland
I remember having heard the fol¬
lowing in the South-east of Limerick, —
luck-penny, airling ; whiskers, righaidh ;
a pump, buimpa; jackstones, clocha-cub¬
aidh ; knuckles, rúdáin ; wire, teud-mio¬
tal; wiry, miotalach; paint, péint ; a
tie, cor —
'Cor a n-aghaidh an chaim,
Agus cam a n-aghaidh an choir
Gobhán saer's message to his wife.
Window shutters, fór-fhuinneog, fór
defense : a carpenter's square, riaghal-
cearn, cnoc-greina; buisgeid, a covered
basket, but I never heard of a hod.
M. Heffernan.
