744
AN GAODHAL.
AN t-ASAL CIALLMHAR, DO'N GHAODHAL LE
UILLIAM RUISÉAL.
Fonn — "Gráinne Mhaol."
Is asal duir mise — mar tuigthear do chách —
Oir is annamh do feictear mo ghliocas go brách,
Ach 'nuair na fuil duine ar b'aith leis mo chreím,
Caithfidh mé seasamh a's labhairt dom fhéin :—
Is feárr í mo chiall-sa ná ciall "Feara-Pail,"
Is fada faoi 'n ama ag Gallaibh d'a g-crádhamh
Óir an t-ualach bo trom liom ní iomparóghainn fód,
Ach chaithfinn go h-obann mé fhéin air an ród.
Bidheann satha dailtínidhe go minic am dheoig,
Buailid mé, priocaid mé — déinid dhíom geoin;
Ach spreachaim iad, leagaim, fós gearaim le greidhim,
No fágaim iad sealadh a laithig na laighe:
'S dá m-béidís na Gaodhail leath cho gasta as taoim,
Do chaithfidís grathain na Breatan d'á n-druim;
Óir an ceann a bhidheann ceannach air, teanntar í leis,
'Sa drom a bhidheann fonnamhar, buailtear air breis.
Bo bhinn liom an Ghaodhailig, do chloisinn fad'ó,
Trí chlár glas na h-Éireann d'á labhairt gan ghó;
Bo láidir, bo líomhtha, bo mhilis í fuaim,
Sean teangan na righthe, na bh-filedh 's na n-druadh;
Ag Pádraic do bhí sí san t-Seanchas-Mór,
'Sa saltoir doighinn Chaisil síos sgríobhtha go cóir;
Sí teanga na nGaodhal í, na h-éagfadh le'm dheoin,
Ach Béarla na Breataine séidim óm' shróin.
'Nuair bhearraim-se aigean, air maidin, go moch,
Ní leigim do dheilgnibh cimilt leam phus —
Fós, tabac ná píopa ní thigeann am bheul,
Na beathuisge 'n donais — sin tuille dem' chéill —
As colaighthibh daora ní ghlacaim áidhbhéis,
Na a d-tightheannaibh móra ní chuirim aon spéis —
Fós tuigeadh an dream atá breun lé mór-chúis
Gur am mhainséar do chodail an Dúilimh air d-túis.
Do léigheadh sibh air Sampson — bo cara dhom é,
Lan-mhíle Philisteach do threasgair leam gheill,
'S an uair do bhí tart air d'á thachta 's d'á chrádhamh,
Mar ghluais chuige uisge amach as mo chnámh;
Agus rod ná raibh riamh ag aon chapall le rádh —
Do bhí Críost air mo mhuin agam annsa t-sean-traith,
'S do thug sé a chros dom, go follas don t-saoghal —
'S ní Págánach mise — dar m'anam — ach Gaodhal.
Do bhí Saul air mo thuairisg 'nuair fuair ríogh-onóir —
Do labhair mé le Bálaam, 'sa t-aingeal am chóir;
Agus deirim anois le Seon-bul- -an búrr claon
Tá gan choinsias, gan chreideamh le fada a réim',
