(30)
6Mhad Rol. Uimh 6. MÍ NA NODLAG. 1887.
BOSTÚN, MASS'
An Deichmhadh Lá de mhí na Nodlag, '87.
Do Chaiptín Thomás Mhic Dabhi de
Norradh, fear Calma, Cráibhtheach,
Cródhach, deigh-ghníomharach, deigh-bheusach,
deártúil, fíor-uasal, fírinneach agus
fíor-mhacánta.
Ní misde a rádh gur fear gan chlaon,
Agus fear deágh-chroidheach é an Caiptín;
A's ní bh-fuaireas féin, ó na bheul,
'Riamh am' shaoghal, breug ná sgeul.
'Tá prionnsa fir 's g-Caiptín,
Mar cuir sé, gach am, ainm féin
Le na dhán, a d-teangain na nGaodhal,
Gan spleádh'chas air bith le daoi 'sa t¬
saoghal.
Ní'l beann air domhan aige 'n g-Caiptín
Ortha-so tá ag tabhairt faoi féin,
Mar tá sé fírinneach air feadh a shaogh-
ail.
Agus saor ó'n dream tá ag bagairt
baoghail.
Go d-tugaidh Dia do'n g-Caiptín,
Agus do leigtheoiribh uile "An Ghaodhail"
Odlaig mheidhreach faoi mhór-chuid séin,
Agus Bliadhain Nuadh mhait dóibh go léir.
Aireochaidh tú aríst ó'n ngarsún,
An Puncán Gaodlach ó Bhostún.
Faraoir geur! ta ádhbhar cúmhadh 'gus
caoi aig na Gaodhailgeoiribh an Nodlaic
seo, mar do sciob an bas uatha príomh
thaca a d-teangan — Beannacht Dé le n-
anam. Ach, mar is sé ar g-cineamhain
go n-uile é, ní'l neart air.
Nodlaich shúgach agus Bliadhain Nuadh
sheunmhar aig gach aon d'ar léigtheoiribh.
