754
AN GAODHAL.
ne an troid! I d-tosac, bhíodar ag cóm-
rádh agus ag breasuireacht air nós na
muintire eile, insin thosuigh an chaint ag
dul i n-áirde agus i nglóirbheacht, agus
faoi dheire bhíodar chó gleodhach le beirt
bhan-díolacháin lá margaigh. B'éigin do'n
t-Sasanach stríocadh faoi dheoidh. acht
níor admhuigh sé go d-ti an mhaidin go
raibh sé féin 'na Fhéirriaghluightheoir.
Ní geall leis an bh-fear sin an chuid is
mó de na coigcrighibh a tá ag dul thart
anois, acht is Éirionnaighe iad ná sinn
féin. An oidhche cheudna bhí fear eile ag
cómhrádh liom i nGaedhilge, agus go leor
daoineadh i láthair, Sasanaigh agus Éir-
eannaig. Ní raibh fhios acu air dómhan
cia an teanga í, no gur innseamar dóibh
é. "Cad chuige nac d-tig libh-se," d'fhiaf-
ruigh Sasanach de na n-Éireannaighibh,
"sean-teanga bhur d-tíre a labhairt?"
Stop sé a ngáire go luath: ní raibh aon
fhreagra acu dhó, agus ní bhéidhead ceann
acu dá m-béidís da lorg ó shoin.
Nuair bhídheas ag dul chum suain bhí an
ghealach ag snámh go mórdha shuas 'san
spéir, agus ag dealradh go lonnrach air
bhárraibh na d-tonn. 'Siad so na tonnta
thríd ar threabh clann Mhíleadh fad ó, ag
iarraidh an oileáin do chonnaic siad i n-
aisling,
O! cá bh-fuil an t-oileán, críoc ar slíghe
Do facas dúinn i d-támh ?
Mar rúd do sheinn, trá bhí cóir-ghaoth
Dhá seoladh thríd an t-snámh.
Agus cad é mar b'éigin dá g-croidhtibh
léim a thabhairt nuair chonnaic siad uath-
a tír ghlas na h-Éireann, a sléibhte mór-
a, a gleannta saidhbhire, clúmhara, agus
a h-aibhne leathana.
Is air éigin fuair me támh codlaidh an
oidhche sin mar gheall air scárdadh na d-
tonn amuigh, mar ritheadar thar mo
chluais gan acht clár eadruinn. Air mai-
din nuair tháinic mé aníos ó'n m-bothán
codlatha a bhí i g-comhal an árthaigh bhí an
ghrian ag éirghe ó'n bh-fairrge air nós,
liathróide duibh-dheirge — gach uile mhóim-
eud bhí sí ag dul i ngileacht agus i n-
dealracht, agus, faoi dheire, bhris sí am-
ach 'na glóir, agus theilg sí a gaethe análl
chugainn, ag déanadh bothair mhóir teintigh
thar dhromannaibh na d-tonn.
Bo geárr 'na dhiaidh sin go raibh cíb
ar n-árthaigh ag sgréidheadh a bealaigh
suas an t-Siúir, agus ní'l dhá fhuide
chuadhmar suas nár bh'amhla dob' áilne
an radharc bhí sínte ós ar g-coinne.
Is feasach gach einneach go d-tuiteann
an Bhearbha an Fheoir agus an t-Siúir a-
steach 'san bh-fairrge le chéile san áit
cheudna. Tá faill air gach aon taoibh de
'n chuan tá deunta aig na trí n-aibhneac-
aibh so — faill mhillteach í, i súilibh dhaoin-
eadh na h-áite, acht ní fiú dada í le n-
ais faillteadh na Gaillimhe. Do réir mar
ghabhann tú suas ó'n bh-fairrge tá 'n cuan,
no abhainn mhór, mar déarfá, níos cumh-
ainge. Ní fheicthear mórán de'n tír air
an taoibh, mar gheall air áirde na b-port,
no go bh-fuil tú tamall maith suas. Insin
chidheann tú cnoic Locha Garmáin ag-
us Phortlairge theas ad ghoire, agus i bh-
fad uait, ag bun na spéire, sléibhte mhó-
ra an Chumraig. Is í so deatach na cath-
rach tá rómhainn anois — A g-ceann ta-
maillín eile támuid deunadh ar m-beal-
aigh trí loingeas na h-abhann — leigtear
an t-ancaire síos, agus rithmid asteach
le h-ais na céibhe.
NUADHA.
As some of our readers may not fully understand
all the incidents treated of by
Nuadha
in his voyage from Dublin to Waterford, we shall
translate one of them —
“The same night a man was speaking with me
in Irish, and a large number of persons present,
Englishmen and Irishmen. They did not know in
the world what language it was until we told them.
'What is the reason that you cannot' queried an
Englishman of the Irishmen 'speak the language
of your country?' The laugh ceased quickly, they
had no answer to give him and they would not have
one for him if they were after it since."
The following letter is from a member of the
Dublin Gaelic Union. We expect to hear from the
Union often. What of
Craoibhin Aoibhinn?
BAILE ATHA CHLIATH.
A Shaoi,
Sgríobhaim na línte so chugat mar
fheicimse go bh-fuilir fear eagair an ir-
isleabhair darab ainm, An Gaodhal,
Is rud iomchubhaidhe irisleabhar amhlaidh
sin sgiob-clodhbhuailte san nGaedhilge
bheith agaibh in América, tír in a bh-fuil
