AN GAODHAL
755.
uibhir iomadamhuil muinntire na h-Éir-
eann, agus d'a sliocht. Isé teanga Ghae-
dhealach, le labhairt chó cneasda, an aon
chanamhuin a bhainis leis an slocht go uile,
cidhbé áit in a m-beith sé. Agus is taith-
neamhach agus cóir, irisleabhar mar an
Gaodhal, nó níos mó i meud 'ná é, do
bheith ann, agus níos moide a g-céin ón
a d-tir duthchais, ina g-cuirfidhear róm-
pa, briathra agus smuainte do'n phobul
g-coitchinn. Creud fá nach m-beidheadh
ag an nGaodhal a litíreach agus a fhorm
cáinte féin, cho maith le tír ar bith eile?
An eadh do bhrígh go raibh toirmeasg o'n
dlíghe shanntaigh éigcheart na Sacsannaigh
airre, agus air mhuinntir na nGaodhal?
O! chuaidh thart go deó an t-am aingídhe
sin, agus anois tá an teanga cheudna,
buidheáchás le Dia, agus leo-san a bh-fog-
us nó a g-céin atá ag deunadh a n-dithchill
ar a son, ag fásadh go maoth agus glas
iar aimhgeurghonadh agus gortadh dár
fualaing sí. Isé i nGaeghilge amháin,
agus go sunnradhach, chidhfidh an t-Éirea-
nnach, méin agus meamna a chine féin.
Isé i nGaedhilge amháin is féidir le h-aon
duine Gaodhalach comhfhualaing agus comh-
óthughadh le na chomh-Ghaodhal. As creud
fá nach m-beidheadh sé mar sin?
A deirim-se, mar sin anois, dá d-
toiligh neach a dhualgas do dheunadh dó
féin agus d'a Shliocht, dheunadh sé go m-
badh a theanga féin i gcion agus meas
aige agus gan a bheith aimhleisgeach in a
saothrughadh agus in a cleachtughadh.
Budh mhaith go g-ceannóchadaís ar g-
comhursanna, na h-Aiméiricanaigh, an t-
oiread agus is féidir an Irisleabhar
Ghaeidhilgigh atá ar tí a chlodhbhuailte ag-
uinn, agus dheunfamuis-ne an t-oiread
agus is féidir na "iris ngaodhal" Am-
eiracanach do dhíolughadh ann so. Is beag
nach deacair anois na daoine a dheanadh
foghlumtha a d-teangan féin, acht, mar
bhreathnamaid acht go ro mhinic i sgol-
aibh g-coitchinne, táid cloinn éigin níos
deacra do mhúnadh 'ná cloinn eile, agus
caithid fromadh slaite d'fhághail ó am go
h-am. Dá m-beith cuairt maith 'san Aim-
eirica ag Irisleabhar Gaedhilgigh tá aguinn
ann so, do beitheadh níos mó do bhur n-
irise ceannuighthe suas isna margaibh Éi-
reann. Ar an ádhbhair sin, deunaigh an
meud is mó is féidir libh-se ann sin do
cheannughadh dhe. Deunfadh se fóirithin
do'n chumann ann so, agus bheitheadh sé
deimhin libh fhéin, ní budh díobháil sin do
bhur g-cuideachtibh-ne.
Ma clóbhuailtear libh ann sin, "form
beag" mar chairtín faisnéise, agus a
chur chugam-sa, rachfainn timchioll na ca-
thrach so do na cuideachtuibh agus com-
annaibh agus molfainn bhur n-Irisleabhar-
ne, An Gaodhal, do cheannúghadh aca.
Comhairle — Leasuigh an clodh tá aguibh.
Na leig do dhaoine do cháineadh agus bhur
nGaodhal. Do chara Ionmhain. - - -.
[A Cara, tá ar g-clodh maith go leor:
No beidheadh faitchíos ort go ligfimid do
aon bhrumaire éadmhar ar g-cáineadh, no
An Gaodhal do lotadh.---
Le fanamhuint, seadh, do thainic An
Gaodhal,
''Sa g-cumas éinneach ní'l a chur de'n t-
saoghal."--
Foilseoir]
NEAMH.
(Leanta)
fiúntach do Dhia. Cuireann an t-éadan
a bhí cheana glas-bhán le tinneash bláth air
féin go h-obann nach meathuigh go deo.
Fághann cromadh caomh agus ceann liath
na h-aoise air ais an óige is áilne, agus
neart, agus maise, agus díreacht, agus
síorbheodhacht.
An Dara Roinn.
Nuair a chruinnighmid a g-ceann a
chéile na smuaintighthe so fa'n suaimhneas
a tá aig fanamhain linn air neam, chidh-
mid go m-béidh an suaimhneas so de féin
na luathgháir dúinn. Acht ní suaimhneas
amháin a tá a luathgháir neimhe, acht a bh-
fad níos mó. Is é luathgháir neimhe an
luathgháir is mó agus is glégeala agus is
beannuighthe a fheudas croidhe an duine
do mhothúghadh. Is nidh amháin fa a m-beidh¬
mid luathgháireach air neamh go g-cidhfea-
muid Dia agus go ngrádhóchamuid é. Dia
do fheicsin agus do ghrádhughadh an nidh is
mó fa a m-beidh luathgháir orrainn. Chidh-
fimid Dia aghaidh air aghaidh mar atá sé
