756
AN GAODHAL.
ann féin, agus chidhfimid é níos soiléire,
agus aithneochamuid é níos iomláine na
is féidir linn anois ar g-caraid is fog-
usa d'aithnúghadh na d'fheicsin nuair a
dhearcamuid air go díreach le nar súilibh.
Feuchfaidh ar n-anama iad féin go dír-
each air Dhia ann sin, fiadhnuiseochaidh a
áillneacht neimhtheóranach, a mhaitheas
neimhaithriste, agus a chuid iomláine eile
go h-uile, agus beidh siad ann sin lasta
suas, ag soilsiúghadh agus ag dealrúghadh
le lonrachd De féin, air lasadh le grádh
Dé. Ceangalóchaidh an grádh sin sinn cho
dlúth do Dhia, go d-tabhairfidh sé, a nós,
cineál seilbhe dhúinn air Dhia, ionnos go
samhailfimid Dia do shealbhúghadh, 'g ar n-
deunadh cosamhail le Dia, mar éirighean
barra iarainn, a chuirthear san teine,
dearg-theith ⁊ a g-cosamhlacht na teine
féin. O! a anama seanmara! Creud
atá air talmhain cosamhail leis so? Is
féidir le fear dall ó bhroinn a mháthar
mórán feasa a bheith aige fa 'n ngréin.
Is féidir le na chairdibh gach a d'ins¬
inn dó fúithi. Is féidir leis siúbhal ann
a gathaibh, agus a teas d'airiúghadh, Acht
gidh go b-feudann sé a shuile gan leurg-
as do chlaonadh chúici, ní féidir a feicsin,
Mar an g-ceudna, ní féidir linne air
talmhain Dia do fheicsin. Deir Naomh
Eóghan; "ní fhacaidh aon duine Dia am
air bith." Deir Naomh Pól, "an te nach
bh-facaidh duine air bith, ⁊ nach bh-feudaidh
duine air bith d' fheicsin; an te a chomh-
nuigheas anns an solus nach féidir do
rochtain." Acht air neamh béarfar dúinn
tabhartas eile lé'r bhur féidir linn Dia
d' fheicsin. Is é an t-ainm do'n tabhar-
tas sin, solus na glóire. Le meodhain
an tabhartais sin, chidhfimid Dia thart-
timchioll orrainn ann a cháilídheachta
árd-chéimeacha. Feuchfamuid síos a n-
doimhneachta a eagna, agus beidh roinn
againn san eagna sin. Béidhmuid fol-
uighthe ann a ghlóir agus clúdaighthe ann a
áilneacht. A chairde, go deimhin is luath¬
gháir a tá ann so. Smuaintighthe air Dhia
an luathgháir is áirde agus is glaine noch
is féidir linn dó bhéith againn air tal-
mhain. Do scap smuaintighthe de'n chin-
eal so lán-áthas tre anamaibh na naomh,
agus chuireadar na mairtirídhe aig gáir-
e faoi na b-phiantaibh. Agus má chuir-
eann cuimhniúghadh amhain air Dhia san
t-saoghal so an oiread gáirdeachais or-
rainn, creud é a fheicsin san m-beatha a
tá le theacht? Dia do aithniúghadh agus
do ghrádhughadh, a aithniúghadh mar aithnigh-
eann sé-sean muidne; a ghrádhúghadh le
nar n-anamaibh go n-iomlán; é do bheith
againn na fhlaith agus na righ; gan fait-
chíos a cheileamhain; roinn do bheith againn
ann a bheannuigheacht — is luathgháir, lán-
aoibhinn na neithe so, luathgháir a éirigh-
eas os cionn gach uile mholadh, agus mar
súd a tá luathghair na bh-flaitheas. Agus
ca fhad a mhairfeas sé? An g-caithfidh
sé é féin a n-uimhir de bhliadhantaibh?
Mar theine theith an loisgfear amach é
go tapa? Ní loisgfear acht biadhuighthe
le ádhbhar-teineadh grádha Dé. Beidh sé cho
buan le Dia féin, agus uime sin, mair-
fidh sé go deó. Chidhfimid Dia an t-Ath-
air, Dia an Mac, agus Dia an Spioraid
Naomh. Feicfimuid Dia an Mac ann a
nádúr dhaonda agus ann a nádúr dhiadh-
a. Is minic a tharluighean gar mór linn
do na h-apstolaibh, agus do dheisciobal-
aibh ar d-Tighearna an t-aoibhneas mór
a bhí aca dó na trí bhliadhanta do chathadh
ann a chomhluadar, nuair a bhí sé air tal-
mhain ann a nádúr dhaonda. Cad chuige
ar mhór linn dóibh é? Do chonnairc siad
san é in a úirísliúghadh; feicfimuidne é
in a ghlóir. Béidh cead aig an te is ísle
agus is laige dínn a fheicsin, labhairt
leis, agus comhnuidhe leis a d-tír na m-
bheó. Mar an g-ceudna, feicfimid má-
thair De. Béidh againn ann ar g-cúmh-
acht buidheachas dó thabhairt duithí fa na
fabharaibh a fuair sí dúinn Chidhfimuid
mar an g-ceudna na patriarca agus na
faidhidh, agus na mairtírídhe agus ar g-
cairde agus ar n-daoine muinteardha;
béidh na neithe so na n-ádhbhar luathgháire
dhúinn.
Críoch an dara puinc'.
An trímhadh punc le bheith ar leaneamhain.
We have received No. 26 of the Gaelic Journal.
It is full of very interesting Gaelic matter.
Those desiring to get the Gaelic Journal should
send their subscriptions to the Rev. Maxwell H.
Close, 40 Lower Baggot St., Dublin. By sending
subscriptions to the proper officer mistakes will be
few.
