758
AN GAODHAL.
THE MEETING of THE WATERS.
From Moore's Melodies; translated by WILLIAM RUSSELL
Air — "The Old Head of Denis."
Ní bh-fuil anns an domhan uile aon ghleann eile síghe,
Mar an ngleann ann a bh-fuil cumar geal na n-uisgídhe;
O! seunfadh gach déigh mé, de bhith is de bhrígh,
Sul a d-tréigeadh snuadh dreacha an ghleann úd ó'm chroidhe.
Níor bh'é gur bí 'n Nádúir do sgeith ann go sár,
For-áilne a criosdail — a h-úaithne dob fheárr —
Níor bh'é draoidheacht srutháinín, na árdáinín flóis,
Ach mhaise bheag eile bo fíor-ghrinne fós.
Dob é go raibh fogasach cairde mo chléibh,
Noch d' árdaig gach daith a's do bhreághthaig gach sgéimh;
Agus d' airig go ngealaid na briochta is feárr,
Nuair a lonnraigheann a sgátha ó ámharcaibh grádh.
A Ghleann dhíl Chath-Abhna bo samh í mo sgíth,
Ad bhrollach an fhosgadh, a bh-fochair na saoi —
Áit a bh-fághmaois-ne sosa o ghairbhshíon croidhe.
Mar mheasgaid do shrotha an aon-tuile síth.
As Slow Our Ship.
Translated for THE GAEL,
By WILLIAM RUSSELL.
Air — "The Girl I left behind me."
Mar bo mhall do gheárr ár lóng a clais
An aghaidh na gaoithe géire,
Do dhearc a bar-bhratach thar n' ais,
Chum na h-innse bhí sí 'thréigean:
Is mar sin, gan fonn, do théidheam a g¬
céin,
'Sdo sgaram ó nár ngaoltaibh;
'Sdo chasann ar g-croidhe o'n slighe, 'nár
meinn,
Chum na búidhne bhidheas 'n ár n-déig-ne.
A d-tír imchian, 'nuair chastar linn
Oilean no gleanntan draoidheachta,
Mar a m-bidheann áille, blátha grínn,
'S gach nídh ach grádh a tígheacht ann;
Seadh shilimíd gur mhór ár leas
Dhá d-tugadh flathas Dé dhúinn;
Maireachtain go bás an áit chómh deas,
Le cuid d'á m-bidheas 'nár n-déig-ne.
Ag clár an óil, 'nuair shuidheam go dluith
Ag tracht oir bhliadhantaibh tréigthe;
Le smiodaibh, dealrach le cathughadh,
Chómh faon chómh lag a d' fheuchaid;
Seadh thugann an chuimhne chúghainn go beacht
gach cuibhreach sean ba léir dhúinn.
O! 's milis é 'n chuach magcuairt dá bhlas,
Chúcha so do bhidheas 'nár n-déig-ne.
Mar ámharcaid lucht siúbhail thar n'ais,
Nuair is soir, go dubhach a d-teirniomh,
Ag breathnughadh oir an luisne lag
Do chídhid na n-diaig a laomadh —
'S mar sin 'nuair thigeann neoin ár rae,
Nách beag, le fonn ár d-traochtadh,
Do chasam go bh-fághmaois radharc oir
spré,
De 'n ghreann do bhídheas 'nar n-déig-ne.
P S You will notice that I have not aspirated
the final g in these compositions, and that I have
also made some other deviations as to the spelling
of particles such as oir and bo, etc. I have fur¬
ther made the noun cuach, a bowl, to be of the
masculine gender, whereas O'Reilly makes no diff¬
erence between this and cuach, a cuckoo, which
in Irish is feminine
W R
The Emerald Vindicator, Pittsburg, Pa., is a
highly interesting and well conducted Catholic
semi-monthly journal. It is edited by J. B. Mc¬
Calley, subscription one dollar a year.
