AN GAODHAL.
767
S Ph. MÍ NODLOG, 1887.
Do Chlódhóir an Ghaedhil.
A Shaoi: Fálaighthe le seo, deónaigh
dollar a b-páipeur thíorthamhuil d'fhághail
air son an Ghaedhil air feádh na bliadhna
so chugainn
Atá Catoilicighe na cathrach so ag
tógbháil árd-theampoll annso anois; ag¬
us chum airgiod a bhailiughadh chum é chur
suas, do chongbhaigheadar na paráistidhe
go léir aonach an-mhór i n-deire na mío¬
sa déigheanaighe seo. Atá óig-bhean ua¬
sal, sáir-léigheanta, annso, gur ab ainm
di Hariat ni Sgidmore, agus d'fhurfhóg¬
air si-se páipeur-nuadhacht, ainmnighthe
"Na Chómhfhuama," * air feádh ann aonaigh, a
thug cungnamh mór do'n chúis; agus mar
do bhí Gearmáinaighe, Spáinighe, Iodáilighe
agus Fraincighe ag tógbháil páirte 'san
aonach, do chuir gach cineadh aca-san leitir
'na theangain féin do'n pháipeur so;
nuair do chonnarcas-sa féin é sin, agus
nár raibh an Ghaedhlig bhocht, fhaillighthe,
taisbeánta 'na measg, do thainic dearg-
náire orm air an m-ball; mar atá's
agat go maith, a Shaoi, gurab é ar g-
cineadh-na do sgaip an creideamh úd
tríd an mór-thír seo. An fhaid a bhí m'
fhearg suas, agus leis an eólas beag atá
agam air an nGaedhilig, do ghlacas meis¬
neach agus chuir mé asteach an leitir seo
mar leanas:
623 Sráid Sansoim, Cathair Sain
Phrioinsiais, an cúigeadh lá deug
de mhí na Samhna, 1887.
A Bhean Uasal Mheasamhuil:
Iarraim párdún ort mar gheall
air an leitir seo a chur chugat i d-tean¬
gain mo dhuthchais, se sin i nGaedhilig.
Tá fhios agam go bh-fuil tú ós cionn an
pháipéir ainmnighthe "Na Chómhfhuama,"
furfhógartha air feádh ann aonaigh seo air
bun anois; mar is dóigh liom go d-tioc¬
faidh mórán d' Éireannaighibh, idir fhear¬
aibh agus mhnáibh, air chuairt dod' oifig,
agus mar atá 's agam go bh-fuil eólas
maith agat-sa air nádúr daona, beidh do
dhóthain suilt agat ag feuchaint ortha ag
taisbeáint a neimheólas air an teang¬
ain bhreágh, mhilis, mhín seo a n-dúthchais.
Leag síos an leitir seo, a inghean ál¬
uin, ós a g-cómhair a n-áit soiléir éigin
ann d'oifig, noch go g-caithfidh siad í d'fhei¬
csin, agus beidh amharc agat air a d-tar¬
cuisne d'a caitheamh uatha mar potáta
teith, ag rádh, nach labhrann agus nach
sgríobhann aon neach anois an teanga
ársa so na naomh agus na n-ollamh acht
na daoine is ísle agus is mó atá leath-
tromuighthe 'san talamh dona úd a n-duth¬
chais. Acht fán go fóil; "Beidh an Ghae¬
dhilig faoi mheas fós."
Agus anois, a bhean uasal, ionmhuin,
ag iarrad d'fhoighde arís, fanaim mar
riamh,
Do sheirbhíseach ro umhal,
SEÁGHAN MACH UI AODHGÁIN
Do Hariet M. ní Sgidmhóir,
Bean-eagair "Na gCómhfhuam."
* The Chimes
De righne an bhean uasal mar a dubh¬
airt mé léithe; do leag sí síos an leit¬
ir 'na h-oifig go puiblidhe ameasg na
leitreach eile; agus ag caint léithe tar
éis an aonaigh, dubhairt sí liom gur
reimhinniseas-sa go díreach mar do thuit
amach. Bhí an t-aonach go h-ádhmharach,
agus chuirfinn an leitir seo chugat
caoicídheas níos túsga muna m-beidheadh
lem' fhuireach leis an g-críoch-chuntas; ag¬
us gidheadh nach bh fuil an t-áireamh go
léir críochnuighthe anois, fós tá go leór
aithinighthe chum do chur a d-tuigse dham
gur tógadh asteach suas le trí fichid mí¬
le dollar; agus gan amhras bhí a Ghrás,
Pádraic Mh O'Ríordáin, ár n-Ardeas¬
bog mhaith, lán-shásda leis an toradh.
Is maith liom, a Shaoi, go b-fuil tú ag
tarraing an Ghaedhil tríd an iarracht
deacraigh só atá air m-beith deunta a¬
nois chum an teanga d'aithbheódhadh; agus
is ró-mhaith liom go d-tugann tú tairbhe
d'irisleabhair do na tosuightheóirighibh chómh
maith leis na céimnightheóirighibh chum a
saothar a thaisbeánt, óir tugann sé meis¬
neach dhúinn ár d-toirthe d'fheicsin clódh-
bhuailte anois a's arís ; agus tugann
sé, mar an g-ceudna, eaga maith dhúinn
iad do chur i bh-feabhas le dul tharsta a¬
rís go h-aithriseach agus iad d'aithsgrio¬
