770
AN GAODHAL.
THE PEELERS AND THE GOAT.
Translated by WM. RUSSELL ; For THE GAEL.
Mar chuaidh fir-airm na Báinsighe
Oir oifig, oidhche aorach O,
Do casadh gabhar leo annsa t-slíghe,
Bo dealrach bheith 'na straedhre O.
Le baignetibh oir bhár gunnaidhe,
Suas beirid oir smigiall oir O;
Agus dearbhaíghid na mór-mhionnaidhe,
Go b-priosúnfaídhe an ciallach O!
Foill, foill! a uaisle, arsa 'n gabhar,
Agus bídhgídhe liomsa córach O,
Ní gadaidhe mé ná buachaill-odhar, —
Fós Croipidhe Fuig ná Tóirídhe O;
Ní bh-fuilim cionntach ionn aon chuir
A g-coinne righ, ná rioghachda O,
Ach is call dom threibh a bheith a rith,
Ann aimsir na rothuigheachta Ó !
Ní'l ach saobhnós ionn do ghearán —
Cuir srian led theangain nimhneach O;
Atáir oir iarradh, ód' bhothan,
Go sgleipeach 's go diomhaoineach O:
Ad dhlaoithibh liaithe ní'l aon neart,
Ná ad oraid bhreágh threightheach O;
Oir beidhir gan mhoill, le brigh ár n-aicht
Tras-phórtaighthe, gan éitheach O!
Níor bhriseas féin péinn-dhlighe, ná reacht
Le gníomh ná fós le smaoineamh O;
Ní'l agam áras-didhin, ná teach,
Mar sgáith a d-tráthaibh síne O:
M'áit dúthchais, sí an Bhainseach ghlas,
Mar ar rugadh mé 's ar tóigeadh O;
Táim síolraighthe ó rás gan chleas —
Aon dlighe ach san ní h-eol dom O.
Oir do neamhúinteacht cuirfead smacht,
A's oir do shlíghe, mhioghrádhmhar O;
Oir linn go Caiseal caithfir teacht —
Go h-áit ná faigheadh tú fádhbhar O :
Tabharfaid na giuistísíghe a d-toil,
Síghneáilte, chum tú dhaoradh O;
'S as san go Corcaig caithfir dul,
'S thar lear, go grod, na dheighsin O!
Tá an paráiste seo, mágcuairt,
Siothchánta, lán do reighteach O;
Ní'l traosachd ionn ár measg, ná buairt,
'S ní méinn linn bheith círéipeach O;
'Nn bhúr leabhar ní chuirim spéis oir bith,
Dá spalpadh chum mé dhaoradh —
Beid uaisle oir mo choiste-si.
Go dílis chum mé shaoradh O!
Biodh an t-iar-eagair olc no maith.
Is le nár g-comhachtaibh ciapfam thú:
Beidh cufaídhe-lámh ort suas go prap
Is go príosún linn seadh thriallfaidh tú:
A bhrútaig feuch! a g-cúirt an chirt,
Ní féidir leat a shéanadh O;
Gur agat do fuaireadh dhá gheur-shleagh,
Chum dunmharbhadh do dheunadh O!
Is cinnte mur a meisge dhíbh,
O fuisgídhe, rum, no brannda O,
Ná beidheadh aon spionnadh ann bhúr ngníomh
Ná meisneach ionn bhúr m-bannda O!
Is tapadh sgaoilfidhe liom mo phas,
Dá m-beidheadh an prás am' dhuirnín O,
Chum glaodhach air dhig don phoitín, fras —
Annsin bo mé an múirín O!
BÍ CUIMHNEACH ORT : BÉIDH MÉ,
( Remember thee ! yes )
Bhí cuimhneach ort! béidh mé, 'n fhaid bhual
feas mo chroidhe,
Ní chaillfidh sé cuimhne ort, leunmhar ad
luidhe;
Is annsa adh bhrón thú, fá ghruaim a's fá
shíon,
'Ná tíortha na cruinne, dhá ghileacht a
ngrian.
Dá m-béidhtheá mór, glórach, a's saor;
réir m'fhuinn,
Ad cheud bhláth air talamh — ad cheud
sheod air tuinn,
Aig beannughadh dhuit, bhéidheadh mo bhród
ní badh mhó,
Acht O! m-béidheadh grádh mo chroidhe
ort ní badh teo?
Ní bhéidheadh! óir mar is mó meirg do
chuing,
'S caill d'fhola, mar sin fós is annsa
thú linn;
'S as d'fhuil dhórta fághmuid deoch ghrádh¬
a dhá'r g-croidhe
Mar fhághann eun fásaigh fuil máthar
mar bhiadh.
"Laighneach."
