AN GAODHAL.
779
Bh-fuil truaidh in Éirinn, ach mac 's má¬
thair,
A chuir an fán air a chéile choidhche?
Bídhim aig iarraidh déirce agus i guidhe
Dé,
Agus ní cluinim sgeul o bhord na d-tonn
Iarraim air Mhuire go maith thú chúmhdach
Agus fortún chúmhachtach o Righ ua nGrás,
A chuirfeadh bhaile agam slán o chontabh¬
airt,
Mar is mór mo chúmhadh ndiaidh mo mai¬
cín bán.
Bh-fuil truaigh i n-Éirinn ach mise i geur
ghól;
'Ndiaidh an chéad mhac a chráigh mo chroidhe
Bídhim ag iarraidh déirce o dhoras d'a
chéile,
Agus fios mo sgéill ní'l aig aon bhean beo
Ní shé sin a mharbhaidh mé, no chráigh go
deo mé
Acht go ndeárnadh mé an pósadh air ais
arís ;
Bhain sé 'n clann díomh bhí múinte tógtha,
Bhí muirín óg agam 's mé lag na g-cionn
Dá m-ba n-Urrisanaigh bhiodh do chnámhadh
Ní bhéidhinn cho cráidhte seo, no leath, do
dhiaidh,
Ach cuirim mo bheannacht leat go cúirt
na nGrása,
Nuair nach bh-fuil sé n-dán dam thú fheic¬
sint choidhche.
A Pheadairín chúmhra bhi céillighe, múinte,
A chuaidh i g-contabhairt 'bheith níos fearr
Thug mé scoil duit agus beagan fóghluim
Réir mo chúmhachta no níos mó,
Is beag a ghoilleas ort leath mo dhólais,
'S liachtaigh brón tá dul thrí mo chroidhe,
Thainic an tinneas orm is chaill mé an bhó
liath,
'S ní'l luach na cónra agam mar bh-fuil
aig Dia.
This song is well known in the West of Ireland
where it is very popular. I copied it from the
singing of Mrs Joyce. The parties mentioned
must have lived in Erriss Anagh across the bay
from Roundstone, Connemara. M. J. Lovern.
See
abh Chl. Gaedheal. p. 122.
" An Iarthair " 60.
We copy the following speech, which
was delivered by Mr. M'Gough of Car¬
town, at the last meeting of the Natio¬
nal League, from THE TUAM NEWS.
Ní comórtas do dhúithche air bith eile
dúithche Vesey, oir ní'l na daoineadh aig
caidreadh no aig dul cho dlúth le chéile a's
budh chóir dhóibh; agus ní bheidh íongnamh
orraibh faoi seo, 'nuair inniseóchad daoibh
cad rinne cuid díobh 'san droch shaoghal.
Thainic an siriamh go baile an Chart¬
úin; aig tógbháil seilbhe ó dhaoinibh nár íoc
cíos, — daoinibh bochta nár fheud sé íoc, —
daoinibh a bhí 'g a d-treasgairt le bocht¬
aineacht agus le ganntanas. Ní bhídheadh
'san am sin arm, no gárda peelers, no
fiú a's báile i n-aoinfheacht leis an sir¬
iamh mar bhídheas anois. Agus faraoir
geur! ní raibh call air bith leo air an g-
Cartún.
Ní túisge a labhair an siriamh gur
thastuigh congnamh uaidh 'ná thainic air an
m-ball seisear ó bhaile áiridhe de'n dúith¬
che réidh leis an obair mhillteach a thosugh¬
adh, Go gasta, díocasach, chuadhdar
steach agus reubadar rómpa, ag cathadh
amach an troscáin agus ag strócadh a¬
nuas dín an tigh. Ní raibh sé d' fhoighid
aca fanacht go m-beidheadh a m-béilidh ith¬
te aig páistidhibh a bhí preuchta le ocras,
thógadar ó 'n g-crocha an pota in a raibh
stirabóta aig bruith agus teilgeadar a¬
mach shé air an t-sráid, Dá réir sin,
níor bh' iongnamh air bith n-diu daoine na
dúithche seo a bheith aig breith fabháltais
air a chéile,
'Nois, a d-taoibh an chís, thainic sinn
ellug in a chéile, agus rinne sinn suas ar
n-inntinn á dhul chuig oifige an agent, Mr
Bnrk, agus coróin ins an b-punt lascan¬
aidh d' iarraidh. Chuaidh sinn ann, sé
feara fichead dínn, agus mé féin a labh¬
air leis an dúine uasal. Mhínigh mé dhó
fáth ar d-teachta agus an cíos a bhí rún
againn d' íoch, Thairig sé trí scillingeacha
ins an b-punt dúinn. Dubhairt mé leis
go d-tiubharfainn cíos bliadna dhó, sé
phunt, an cíos a bhí air an ngabhaltas sul
a d'árduigh Jackson shé go naoi nguinea,
"Ní leis an talamh," ar mise, "shaothruigh¬
im an cíos, ní fháighim air chnoc nó air
