780
AN GAODHAL.
charraig no air leath-thaoibh an bhóthair shé,
ach bainim shé as mo chnámhaibh & as cnámhaibh
mo mholrach aig dul go Sacsania, ag ob¬
air 's an samhradh agus ag teacht i bhaile
's an dubh-gheimhre. Má shaoileann tú a
Mr. Burk, go n-deunfaidh tú chúig phighinn
deug níos mó 'na sé phunt de 'n gabhalt¬
as go ceann chúig bhliadna deug, bheirim
suas duit shé gan dlighe, gan cháin, agus
cuir glas air an dorus. 'Nuair a thain¬
ic tú steach orrainn mar agent bhí fáil¬
te mhór againn rómhat. Shaoil sinn, ó 'n
teastas fuair sinn ort, go bh-fuigheadh
sinn fair play, nach m-bainfidh dhínn feas¬
ta acht an cíos b' fhiú ar ngabhaltais: tá,
go deimhin, muinighin againn asat fós go
bh-fuigh sinn shé. Agus thuilleamar shé fhágh¬
ail, oir 'nuair bhidheadh scanradh air land¬
lords dhul naoi slata ó n-a hall door
budh thig leat-sa agus le Mr. Vesey siúbh¬
al gan sgáth, gan faitchíos, de ló agus d'
oidhche, ameasg bhur d-tonónta."
Sin mar labhair mise leis an agent,
Mr. Burke, agus d'éist sé liom go ciuin,
tláth. "Ní féidir liom," ar sé, "níos mó
lascanaidh thabhairt dhaoibh, acht aitriseó¬
chadh bhur n-athchuinge do Mr Vesey." D'
imthigh linn i bhaile in sin, agus bhí go maith
gur chualamar go n-deachaidh naonbhar de
na tonóntaibh i d-taoibh ar g-cúil agus
gur íocadar cíos, gan fhághail acht na trí
sgillingeacha as an b-punt. Is mar sin,
d' fheall cuid dínn air an g-cuid eile!
Ní'l amhras 's an domhan dá seasfadh
sinn go dílis dlúth le chéile nach bh-fuigheadh
sinn an choróin.
O Thighearna, is sinn a fuair an chreapailt
ó Jackson, an t-agent a bhí orrainn roimh
Mr Burk. 'Nuair dhiúltuigh sinn oibriugh'dh
dhó air shé pighne 's an ló, dubhairt sé go
lúbfadh sé sinn, agus go g-cuirfeadh sé
cruit orrainn ó nach n-díreóchadh sinn
choidhche. Agus gan mhagadh, gan bhréig,
chuir sé sin orrainn. Is beag nár dhúb¬
ail sé an cíos orrainn. Budh sé phunt mo
chíos-sa agus d' árduigh sé trí phunt naoi
sgillingeacha shé, agus bhidheas aig íoc an
árduighthe air feadh chúig bhliadna deug
agus fiche, go d-ti 1883, 'nuair a ladhad¬
uigh na Land Commissioners shé punt a¬
gus naoi sgillingeacha. An t-am ar mhian
linn chúig stáicín a dheanadh d'ar m-bárr
beag arbhair cuireadh sinn in trí stáca
shé le faitchíos dá bh-feicfeadh Jackson
chúig stáca, go meudóchadh sé arís an ci¬
or orrainn. Is cuimhin liom bliadhain a
thainic sé, air trosgad lae Nodlac agus
thug sé, ó n-a neasg a d-téin, a tigh, bó
le fear bocht agus chuir sé 's an garraidh-
gabhan shí. Bhí an laoi agus naoidhneán ag
sgreadach le ocrus, agus ní raibh greim
bidh aig an muirighin no go n-deachaidh an
mháthair go Tuaim le n-a cóta-beag chuig
an b-pawn office. O Jackson, Jackson !
nár leigidh Dia aon duine eile choidhche 's
an b-poll in a bh-fuil tú n-diu.
Acht gidh go bh-fuil Coercion nuadh ag¬
uinn, ní'l an saoghal cho dona a's bhí sé,
buidheachas mór go deo le Parnell, an
fear a chuir Mac Dhé chugainn le n-ar
sgaoileadh ó chuibhreach na landlords: Ní
'l sinn 'g ár saltairt faoi chosaibh mar
bhidheadh sinn. Is fíor, mar dubhairt mé,
go bh-fuil Coercion againn, acht má tá
féin ní bhainfidh sé cleite asainn. Bí Co¬
ercion níos géire orrainn le bliadhan¬
taibh. Ní doluigh Coercion do dhaoinibh,
bochta mar sinn-ne a tá aig obair ó ló
go ló, ó sheachtmhain go seachtmhain, agus
ó bhliadhain go bliadhain, agus nach féidir
linn punt mairt-fheola, caoir-fheola, no
'Merican bacon a cheannacht agus ithe;
agus is éigin dúinn an mioscán ime ag¬
us ar scór uibheacha a chur chuig an mar¬
gadh gach seachtmhain leis an g-cíos a dheu¬
nadh suas. Cia 'n faitchíos fheudfadh
príosún no treadmill a chur orrainn-ne!
Coercion go deimhin! Maiseadh, deun¬
aidís a n-dithchioll.
Glossary.
siriamh, sheriff; lascanaidh, abatement ;
cóta-beag, petticoat.
Mr Niland of Nashua N H says some of his neigh¬
bors complain that they cannot understand the I¬
rish in the Gael as it is “Connaught Irish.” Now,
the Irish of the Gael is neither Connaught or Mun¬
ster — it is Irish, and two-thirds of those who con¬
tribute Gaelic matter to the Gael are Munstermen,
one of them, Mr Wm. Russell of Oil City, one of
the best (if not the best) Irish scholars which this
century has produced.
Mr Niland also says there is a dispute about the
expressions, gach ceann de'n bhata, and
casadh dham shé; the latter is the correct
expression for , I met him : the former
is also correct if a stick have "two"
heads, which is the question to decide.
