AN GAODHAL.
781
Philadelphia, Jan. 1, 1888.
The annual meeting of the Phila. P. C. S. was
held to-night for the election of officers to serve
for the ensuing year, The following members
were unanimously elected:
J. J. Robinson president, Michael Naughton
Vice President, Thomas McEniry Treasurer, Char¬
les McCann Rec. Sec., Miss E. McSorley Librarian,
Thomas Naughton Sergeant-at-arms, C. E. Cran¬
ny, D. Kennedy, Wm. Philbin, Miss O'Connor,
Miss O'Leary, Mrs. Powers, Edward Meakim, P.
Maguire, Mr. Grogan, Council.
The retiring Pres., Mr. P. McFadden, returned
his thanks to the Society for the courtesy and kind¬
ness shown him during his term as president. He
conducted the President elect to the chair who
delivered the enclosed address :
A Mhná agus a Dhaoine Uaisle:
Is an-mhór an buidheachas atá agam
orraibh fá go n-deárna sibh uachdarán
díom os bhur g-cionn, onóir nár bh-fiú
mé, nár thoil mé uaibh, & nach raibh súil
air bith agam leis. Gidh go bh-fuil mé
sásta rud air bith atá ann mo chumhacht
dhéanadh dhaoibh budh fheárr liom go mór
duine eigin eile bheith 'na uachdarán —
duine eicín níos stuama, níos foghlama
agus níos sine ná mé fhéin. Acht o thár¬
la gur orm a thuit an lot déanfaidh mé
mo mhíle dithchioll air feadh na bliadhna
seo — má mhairim, agus tá súil le Dia
agam go mairfead — an meud a tá cap¬
atha 'mach dham de'n obair a dheunadh
mar is cóir.
Is maith an sgeul dúinn go bh-fuil na
daoine a glaca níos mó cúirim le goir¬
id i d-taobh na Gaedhilge ná mar bhí siad
roimhe seo. Ní'l páipeur air bith, mórán,
i teacht ar Éirinn anois nach bh-fuil beag¬
án no mórán ann, faoi 'n nGaedhilge.
Tá na daoine tháll aig oibriughadh go dú¬
rachtach. Ní'l siad aig radh mórán acht
tá siad a déanadh na h-oibre mar sin
fhéin.
Níor thainic am air bith ariamh is
mó raibh sé riachtanach againn taisbeán¬
adh go bh-fuil teanga air leith dhúinn fhéin
againn, teanga fhóghlamta, teanga bhain¬
eas le nar d-tír féin, 'ná air an uair
seo, Anois 'nuair a tá gach uile dhuine
a rádh go bh-fuilmid le linn saoirse d'
fhághail : go bh-fuil saorsacht a m-beul an
doruis aca i n-Éirinn. Anuair a thioc¬
fas an lá gleagal sin — agus tá me cinn¬
te, cho cinnte a's tá mé go bh-fuil sé aig
fearthainn anocht — go d-tiocfaidh sé gan
mhoill, go d-tíocaidh sé le nar linn féin —
annsin ní Béarla bhidheas d'a labhairth
a's d'a mhúnadh mar a tá anois a n-Éir¬
inn. Mar ní'l mórán Gaedhilge d'a mhú¬
nadh anns na scolta tháll anois, Ní raibh
aon Ghaedhilge da labhairt no da mhúnadh
anns an scoil a n-deachaidh mise aige; a¬
gus ní raibh mórán Beurla aig na scol¬
áiribh acht gach ar fhoghlaim siad o'n máigh¬
istir scola. Níor labhair an maighistir
scola sin aon fhocal Gaedhilge linn o'n
lá fuair sé an scoll go d-tigh an lá d'
fhág sé é : gidh go raib neart Gaedhilge
aige. Ní raib a fhios agam fhéin go raibh
aon mhaith 'san nGaedhilge go d-tainic
mé ann so, agus go bh-facaidh mé na
leabhra breágha tá ann seo,
Anois ó thárla go bh-fuil sé tamall maith
'san oidhche, agus tá fios agam go bh-fuil
deifir abhaile orraibh, ní chonóghadh mé
níos fuide sibh. Glacaidh mé mo chead
libh i rádh, go n-eirighe an Bhliadhain Nuadh
seo libh, agus go m-bhudh seacht feárr
bheidheas gach aon n-duine agaibh ann a
mhaoin agus ann a shláinte bliadhain o n-
diu. — [an-bhuala bos ].
C. M'Cann.
Auburn, Feb. 1th. 1888
Dear Sir — Enclosed please find $1.00
for the GAEL during 1888. I started
out to accomplish a task that a man
40 years old brought up in Kings Co.
with no knowledge of grammar seems
almost impossible, viz, to read my
prayer book and write a letter in the
grand old tongue, and yet, do you
know, I have some hope of succeeding.
what I want now most is a cheap, easy,
pronouncing dictionary. Do you know
of any such work?
You render a great service to such
as me in printing short lessons in pro¬
nunciation in the GAEL. I regret that
Patrick Ford did not see fit to adopt
your suggestions on that point some
time ago, but trust he may in the fu¬
ture. Hoping to drop you a line in
the language some day, I remain,
Yours truly
PETER MEE.
