(33)
6Mhadh Rol. Uimh. 9.
ABRÁN.
1888.
SGEILÍN BEAG EADRAINN FÉIN.
Do réir cosamhlacht na n-aimsire, tá
Éire cho fad ó Féin-riaghla a's bhí sí a-
riamh. Mar dubhairt an t-Athair tír-
ghrádhach Ua Caogáin, fuair Éireannaigh
buntáisde bheag le goirid a d-taobh na
talmhan, ach cia 'n mhaith go h-iomad na
n-daoineadh na lascainidhe talmhan, de
bhrigh nach bh-fuil aon tálamh acu. Ach tá
ádhbhar suime mhóir ag an g-cine go h-uile,
i m-baile 'sa g-cian, i saoirseacht na tí-
re. Dá m-beidheadh saoirse agus Féin-
riaghla aig Éireannaighibh 'sa m-baile bheidh-
eadh meas orrtha ins gach ceárda de 'n
dómhan, ach anois, 'nuair nach bh-fuilid ach
'na n-iarbaillín suarach greamuighthe do
thóin an t-Sasanaigh, ní'l meas orrtha no
suim ionnta. Is mó tá muidne i g-crúdh-
óige Féin-riaghla i n-Éirinn ná ar g-cinne
'sa m-baile. Tá 'n talamh acu-san níos
saoire ná bhí sé 'riamh, ach tá muidne
scapthadh air fuid an domhain gan áit
sheastadh ameasg na g-cinneacha.
Is sí an teanga fréimh agus geug na
Féin-riaghluigheachta, agus is sí an clochán
í budh chóir a theanntughadh i n-aghaidh na
síonta atá d'a treasgairt le na ceud-
taibh bliadhain. Tá sé g-cumas Éireannach
an clochán seo a chosnadh, gan pileur a
losgadh no cloidhim a tharraint. Chuir-
feadh an dream ata stiúradh Féin-riagh-
la na h-Éireann i n-diu a g-cuimhne dhuit
"gaisguigheach" a bheidheadh ag iarraidh
troda nuair a bheidheadh fios aige, nach
ligfeadh na daoine i láthair air aghaidh é
agus a d'eulóchadh air chúl an doruis
'nuair a bheidheadh uain troda aige.
Tig le léightheoirighibh an Ghaodhail, ní shé
amháin teanga na h-Éireann a chosnadh, ach
saoirse na tíre do dhearbhfadh; agus tig
leo é seo a chuimsiúghadh thré craobhsgaoil¬
eadh na teangan go fóir-leathan ameasg
an chine. Cosnuigh an teanga agus ní'l
baoghal nach d-tiucfaidh féinriaghluigheacht
na h-Éireann.
