790
AN GAODHAL.
AISDEAR Mc-LÉIGHIN.
III
Tá coláisde breágh i b-Portláirge,
agus oididhe, tírghrádhacha ós a chionn.
Aithnighim féin roinn de na sgoláiridhibh
atá ann, agus is feasach mé go bh-fuil
fonn mór aig cuid acu, i g-cás air bith,
a d-teanga dhuthchais d' fhoghluim, dá bh-
fuighdís aon mheadhan nó aon caoi chum
sin a dhéanadh. Cad fá nach d-tugtar
múnadh beag teagasg eigin dóibh? Níor
bheag dhóibh leath-uair 'san ló, gigh gur sua¬
rách an tamall é súd, dá d-tabharfuidhe
dhóibh é, ní chaillfidís an Ghaedhilge bhlasd¬
a atá aig cuid acu cheana. Bíonn an
dream nár labhair Gaedhilge ó'n g-cliabh¬
án ag briseadh a g-ceann, dá n-dalladh
féin os cionn sean-leabhar agus ag rith
anonn 's anall thríd an tír, nauir ata
faill & acfuinn acu, ag déanadh a n-díth¬
chill leis an m-blas ceart d' fhághail. Ní
fheadar an n-eirighean leo fá dheire Acht
air an taoibh eile, ag so an dream óg
so ins an g-Coláisde, Uí Chomhruidhe ag¬
us Uí Dhonnabháin óga, ag cathadh agus
ag diombailt an mhór-eoluis atá acu air
a d-teangain dúthchuis. Atá súil anois
go n-déanfar an scannail mhór so a chur
air g-cúl, ó thárla Easbog nuadh aig a bh-
fuil mhór-spéis i d-teangain a shinnsear
i n-díoghóise Phortláirge le déighionaighe.
Ní dhéanfar dearmad dá ainm leis an
muintir a ghrádhuigheas ár d-teanga, má
thógann sé a láimh í a chur air an m-bun
ceudna leis an bh-Fraincís agus léis na
teangthaibh coigchríocha eile. Go d-tí so,
bhí sí dímheasta annso mar ins gach aon
cheárda eile d'Éirinn, agus tá a shliocht
air an dúithche thart timchioll, ní chlois¬
feá focal dí ó mhaidin go h-oidhche. Bí¬
onn mío-fhonn agus drugoil orm in áit
de'n t-samhail so, agus deifrighim aisti
chomh luadh ar thig liom. Sul d' fhágas
an chathair, thug mé rud eile fá deara,
iodhon, a liacht tightheadh ósda atá innte.
Is clos dam go g-cailltear míle punt
gach lá annso le póitioireacht. Le déigh¬
ionaighe, buidheachas le Dia, tá Connradh
na Croiche ag oibriughadh go maith in agh¬
aidh na h-ainmheasardhachta a bhí ag mill¬
eadh na tíre. Ní fheadar cia sgríobh an
duainín so shíos, acht cuireann sé i n-iul
dúinn na smuainte do bhí aig na daoin¬
ibh an uair do sgríobhadh é, —
Ní bh-fuil 'san m-beatha acht mar an
taoide,
Ní bh-fuil i meanma acht nídh aon laoi,
Ní bh-fuil i ngrádh acht óige inntin'
Fíon amháin mo bhuaidhreadh claoidheann.
Ná leig uait aon am le smuaineadh,
Líon mo chorn, líon go fíor;
Ní bh-fuil 'san m-bith sólás nó aoibhneas,
I g-cosamhlacht le h-ól an fhín.
Creud do mhaith bheith choidhche air muir,
Acht bheith dá luasgadh ó thonn go tonn,
Creud a deir an míleadh meardha,
Fíon amháin tugann dam-sa fonn.
Ní bh-fuil mo spéis i nidh san t-saoghal,
Ní bh-fuil orm aon chás croidhe;
Le Déithibh Olimpus geárr mo ghaol,
Ólaid nector — ólaim fíon.
An tráthnóna ceudna thriallamar air
Chorcaigh, agus bhíomar air fhairrge go
maidin. Tá na daoine easbladhacha a¬
tá go maith as, in Éirinn, aig eirghe an-
uaibhreach. Ní labhróchaidís siolla leat
dá m-beidhtheá ag taisdiol 'na bh-fochair
air fud an lae. Sin ceann eile de na
beusaibh Gallda atá ag teacht go ró-líon¬
mhar in ár measg. Do raobfá do dhá
thaoibh ag gáire, dá bh-feicfeá na daoine
móra so i d-tileadh an bhaid gaile ag
spaisdeoracht, gach duine leis féin, a¬
nonn 's análl, siar 's aniar; agus iad
ag bualadh, ag bogadh agus ag tuitim in
aghaidh a chéile do réir mar chuir an ghaoth
an bád air luasgadh agus ag léimnead
thar na lonnaidhibh.
NUADHA.
Foclóir — acfuinn, means; easbládh¬
ach, independent, well off; diombailim,
I waste; drugoil an míofhonn, disgust
lonnaidhe, billows; siolla, syllable; til¬
eadh, the stern.
Tig le "Nuadha" sgeul inseacht go h-
an mhaith ; dhreachidh sé na "daoine móra"
go fírinneach. B'fhéidir go rabh seisean
a "bogadh," go simplídhe ameasg na m-
buidheán a bhí air bhord luinge 'sa dhá
láimh air chúl a droma, ach tá sé cinnte
nárabh a shúile nó a inntinn díomhaoinach
