AN GAODHAL.
791
NEAMH.
An Treas Roinn.
(Continued from page 756)
Do shílfeá go m-budh dothaineach neamh
do bheith n'áit suaimhnis agus luathgháire,
acht ní sheadh. Tá tabhartas eile aig Dia
aig fanamhain linn ann sin; óir tá Neamh
mar an g-ceudna n'áit glóire. Deir
naomh Pól : Glóir, onóir, agus síothchán
do gach uile dhuine a ghnidheas go maith.
Is áit ghlóire a tá a neamh ní shé amhain
de bhrigh go bh-fuil Dia ann sin in a ghlóir
agus go bh-feicfimidne an ghlóir sin, acht
arís de bhrigh go m-beidhmid féin glóruigh¬
the san áit sin, glóruighthe a g-corp agus
a n-anam. Iompuigheamaid anois ar
súile air an n-glóir an-bhárach fíor úd a
tá thart-timchioll na naomh air neamh. Aig
feuchain le súilibh líonta le iongantas
air ghlóir na bh-flaitheas is féidir linn an
áit sin a chur a g-cosamhlacht gáirdín
breágh, bláthmhar darab Dia an garraidh¬
eadóir agus ann a bh-fuil gach naomh na
sgoth áluinn do réir an oiread grása
do bronnadh air nuair a bhí sé 'san t-
saoghal so, agus do réir an nós ann ar
ghlac sé go buidheach an grás so agus ar
iompuigh sé é go h-aireach chum leasa a
anama. Dearcamuis air ghlóir cuide
de'n droing bheannuighthe air neamh. Air
tús, ghlóir Iosa Criosta. Feudamuid
glóir Iosa Críosta do bhreathnughadh le
n'ar súil air a dhiadhacht mar dubhramar
cheana. Aig breathnughadh air ghlóir Iosa
Críosta mar Dhia, cidhmid go bh-fuil an
ghlóir so o shíoruidheacht go síoruidheacht.
Mar eirigheann sí as a nádúr dhiadha, ní
féidir leithe éirighe níos lúgha na níos
mó na tá sí. Aig feuchainn air ghlóir
Iosa Críosta mar dhuine, cidhmid go rabh
tús aici, acht gur n-árduigheadh í, agus
gur cuireadh í os cionn gach uile nidh air
neamh acht Dia féin. Air neamh is glóir
dúinne breathnughadh air a ghlóir-san,
feuchain síos a n-doimhneachtaibh a mhór¬
achta, a fheicsin na shuidheadh air dheis
láimh Dé, a athair, eudaighthe a g-cumhacht
agus a m-breághacht. Cifimid bualadh a
chroidhe ghlórmhair a tá sarlíonta leis an
ngáirdeachas iongantach a bhriseas amach
ó bhlollach na Tríonóide Ghlórmhaire.
Thart timchioll air tá na mílte a chean¬
nuigh Sé ó'n b-peacadh agus ar áilnigh Sé
le na chuid fola. Tá A cholainn sar-iom¬
lán, agus níos lonraighe na grian air
bith, tugann solus do na flaitheasaibh air
fad. Cad fáth a bh-fághann Sé an oiread
seo glóire? Éist le fearsaid de'n abh¬
rán bhinn sin a tá aig deunadh macalla
tré arsaibh na bh-flaitheas & inneosaidh
sé dhuit cad fáth. Deir an Ghlór: "Is
fiúntach Thú a Thighearna an leabhar do
ghlacadh agus a shéalaidh d'fhosgailt, de
bhrigh gur cuireadh ann báis Thú agus gur
cheannuigh Tú sinn le Do chuid fola."
Uime sin, is fíor gur b'iad a luaidh¬
eachda mar fulangthóir air talmhain aon
bun-fhath fa 'r bronnadh air Iosa ann a
nádúr dhaonda an ghlóir is áirde air
neamh. Cuimhnigh: luach-saothair air Neamh
air son fulangtais air talmhain. Anois
feuch air ghlóir na Maighdeana Beannuigh¬
the. Is Sé Íosa Righ, agus Muire Bean-
righean, na bh-flaitheas. Ní'l aon ghlóir
níos mó ná a glóir-san a n-áilneacht a¬
gus a n-oirdhearcas acht glóir Íosa a¬
mháin. Air a brollach tá seoid nach féi¬
dir bárr a breith airthi le breághacht. Air
an t-seod so tá sgríobhtha a trí príbh¬
léid. Is iad so: Muire a geineadh gan
peachadh, Muire mathair Dé, Muire
Maighdean. Is leithe-si amháin na trí
pribhléide so. Goireann Íosa, a thug A
cholain ona colain-san, mathair airthi. An
féidir linn glóir air bith cruthuighthe do
choimsiughadh níos mó na a glóir-san?
Acht ni ona pribhléidibh a thigeas iomlán
a glóire. Do tugadh mórán de'n ghlóir
sin duithe de bhrigh go n-deárnadh sí toil
Dé air talmhain go réidh, agus le iomlán
a croidhe agus a h-anma, agus uime sin
do cúitigheadh í le árd-ghlóir. Do bhí sí
dílis go h-eug. Do chuir sí a ngníomh
mian Dé a nidhthibh budh searbha agus budh
dócamhlaighe do nádúr dhaonda. D'ful¬
ang sí; uime sin thug Dia mórán onóra
dhuithe, agus ainm os cionn gach ainm eile
acht amháin ainm Íosa. Cuimhnigh: luach-
saothair air neamh air son fulangtais
talmhain.
Is féidir linn anois ar smuaintighthe
