792
AN GAODHAL
d'iompógh air ghlóir sluaighe mhóire na m-
beannuighthe sheasas thart-thimchioll air
chathaoiribh ríoghdha Íosa agus Muire.
Deir an Taisbeánadh: "D'éis so chonn¬
airceas sluagh mór, nach bhfeudfadh aon
fhear do chó-aireadh, de gach uile náisiún
agus treabh agus pobal agus teanga na
seasadh os comhair na cathaoire agus a
n-amharc an uain, clúdaighthe a n-euduigh¬
ibh geala agus pailmidh ann a lámhaibh."
Anns an sluagh glórmhar sin tá'n drong
bheannuighthe air fad, — na mairtírídhe a
d'éug le na ngrádh daingean agus le na
n-déineachd do chruthughadh, na dochtúirídhe
a chraobhsgaoil an creideamh agus na
confeseoirídhe a chosnuigh é, na maighdea¬
na a thug iad féin suas do Dhia go h-iom¬
lán, na daoine riaghalta a thug cúl do'n
t-saoghal agus a d'imthigh leo le cómhnuighe
a mainistiribh uaigneacha, na daoine
craibheaca a chongbhaigh a g-caradas le
Dia, na naodhnáin bhaisde nár goineadh
ariamh ann san g-cath leis an saoghal.
Tabhair fa d'aire cuid de na drong¬
aibh so — gach aon air leith. Feuch air an
m-buidhin bhreágh sin mairtireach, saigh¬
diúiridhe treuna Íosa Críosta a d-eug
air A shon, tollta leis an g-cloidheamh,
no reubtha ó cheile air an raca, no dói¬
te aig an staic. Taisbeánann an árd-
ghlóir ann a lonruigheann siad amach iad
mar ghaisgidheachaibh treunadh an chreidimh.
Is leo-san a nos áiridhe na focla breágh
sin a léightear a leabhar na h-Eagna:
"Acht tá anama na bh-fíreun a lámhaibh
Dé, agus ní bhuainfidh pian an bháis leo.
An amharc na neamh-eagnach do shamhluigh¬
eadar bás d'fhághail, agus saoileadh gur
mí-ádh a bhí ann a n-imtheacht, agus gur
leirsgrios a bhí ann a n-imtheacht ann
bealaigh, acht táid a síothchán. Agus gidh
gur fhulangadar pianta in amharc daoin¬
eadh, tá a n-dóthchus lán de shíorbheodhachd
Buadhartha a m-beagán neithe, a mhórán
neithe gheibhid luachsaothair; mar do sgrú¬
daigh Dia iad agus go m-budh fheicthear
Dho go rabhadar oireamhnach Dó fhéin.
Mar ór ann san bh-fuirnéis do dhearbh¬
uigh Sé iad, agus mar iodhbhairt loisgthe
do ghlac Sé iad. Nach árd-réimeach an
drong iad? Amhail rósa dearga ameasg
sgoth glégeala a ta na mairtíridhe dearg
euduighthe ameasg na naomh eile a n-gar¬
raidhe na bh-flatheas. D'fhulangadar air
talamh. Cuimhnigh: luachsaothair air neamh
air son fulangtais air talamh.
Le bheith críochnuighthe san nGaodhal seo
chugainn.
OISÍN Agus PÁDRUIC.
[ Ó an Saoi Tomás Ua Gríomhtha ]
Oisín.
An uair do shuidheach an Fhiann air chnoc
Is do séimhighe gan locht an dordfhinn.
Do chuireach na g-codla an t-sluagh
Le manuar bo bhinne na an chliar.
Tá sgeul beag agam ar Fion,
Ní rabhamar ann acht sé fir deug,
Do ghabhamar Righ Sacsan na bh-flaith,
Is do chuireamuir caith ar Righ Greag.
Do ghabhamuir an tiathar ar fad,
Bo mhór an neart agus ar d-treann,
Crioch Lochlan sa niniath mhór
Do thigeach an Tór go teach Fhinn.
Ní raibh comh-mheas leis o Chríost,
Ní fheaca Rígh os a chionn,
Is mairg damsa do mhair dá éis,
Is gan mo spéis a g-cluithe na g-ceol.
Am dhamh chrion dailte na slogh,
Ce gur mhór mo threan neart seal,
Óch, is truadh mé bheith beo
Anois is lag mé, ó chón!
Ní h-ianga mé gan greann gan croidhe,
An tan do smuaighnim ar na fir bhí garbh
Ar easba catha bighe agus dighe,
Tri ni riamh do cleachtan.
Is minic do bhíosa fa ghreann aoibhinn,
Gan céim síos ag neach dar bheo;
Do luithmhar m'imirt ar chleasaibh luith,
Is mé anois ag searg sa feo.
Iarsa a Phádruic ar Dhia
Neamh d'Fhionn na bh-Fian is d'a chloinn,
Dein guidhe ar an bh-Flaith,
Ní chuala mé a chomh-mheas le mo linn.
Air na leanmhuin.
Send 60 cents for the Gael.
