AN GAODHAL.
793
Mr. Ward's Letter.
PHILA, an t-AONMHADH LÁ DEUG
Air fhichead de mhí 'n Mhárta, '88
A Shaoi :— Gheabhaigh tú 'sa leitir seo
nóta posta cheithre dollar, le h-íocadh
air son Gaedhil Bail'-ath-Cliath, air feadh
bliadhna, damh féin, agus air son do
Ghaedhil féin damh-sa agus do na saoith¬
ibh, ag na h-áitibh a leanas, air feadh an
ama ceudna [ beidh na h-ainmneacha in
áit eile, — F. ]
Tuigfigh tú gur ath-nuadhughadh ar bh-
faoi-sgríobhadh atámuid uillig acht an
Saoi Tóner; agus go bh-fuil mé féin ag
íocadh air son páipeur an t-Saoi Phlae¬
miun atá tú ag cur chugam le tamall.
Mar bh-fuil an nóta seo mór go leor le
h-íocadh air a son uillig cuirfidh mé chug¬
at ce bith méid a deirfeas tú atá mé
giorradh.
Is fada a budh chóir dam an t-airgiod
seo chur chugat. Ní'l garr a bheith ag deun¬
adh leith-scéil. Ní gantanas 'na díomhail
airgid, acht faillighe, agus b'fhéidir, fal¬
sacht, a budh chionntadh leis.
Go fíor,
A. P. McMHÁIRD.
Mr. MacCauley's Letter.
BAILE NAOMH SHÉAMUIS, CONDAE
Mhainiton, Mish, 8mhadh la do'n Mhart
'88.
A Shaoi Dhílis :— Cuirim cugat anns an
litir so aon dollar agus fiche pighinn,
luach an Ghaodhail air feadh na bliadhna
ta teacht, air son Dhomhnaill MhicChomh¬
laghe agus air mo shon féin.
Ta sé bliadhain thart ó chuir mé litir
de'n t-sort seo chugat; agus anns an
litir sin scríobh mé beagan focla d-taoibh
an "National League." Dubhairt mé ins
an am sin nach raibh an cumann so deun¬
adh aon mhaith air son tír ar n-dúthchais.
Dubhairt mé mar an g-ceudna go d-tiuc¬
fadh leis an g-cumann so mór-mhaith a
dheunadh; oir thiuchfadh leis scol Ghaedhil¬
ge chuir air bun ann gach cathair anns an
tír, agus an gach cathair a n-Éirinn mar
an g-ceudna.
Deir na "M. P's" ata claibireacht i
bh-féis na Sacsan ag iarraidh "Hóme
Rúle" gur gearr go raibh bh-fuil siad iar¬
raighe acu. Sé mo bharamhailse nach bh-
fuigheadh siad feis a m-baile Áth Chliath
go brath go nuige troid le arm, púdar,
agus teine, air a son. Daoine meall¬
tach agus fealltach na Sacsanaighe, agus
budh chóir go bh-fuar Éireannaighe fios
air sin bh-fad ó choin. Ta na mílte dol¬
lair ag dul anonn as a tír so gach blia¬
dhain leis an g-comhraic a chongbhail suas
ann feis na Sacsan. Da g-cuirfeadh
siad an treas chuid de'n airgiod so le
scolaibh Ghaodhailge chuir air aghaidh b'fhear
do Éirinn é na iad a bheith deunadh mar
ghnigh siad. Ní bh-fuil meas air bith ag
Sacsain air a g-cuid cainte, mar ta
fios aice nach bh-fuil neart air bith ain¬
ti. Tá'n "N. L" anois mar fathach gan
arm agus ta fios maith aig Sacsain air
so. Is gearr go raibh cogadh aig Sac¬
sain anns an Eorip no anns an Asia
le Ruisia, agus bh-fuil Éireannaighe ab¬
ult buntaisde a ghlacadh air a namhaid?
Ta'n an tam ag Éireannaighe na tíre
so a súile do fhosgailt agus nídh eigin a
dheunadh air son a d-tíre.
Ní bh-fuil Parnell no a dhream ag dul
a deunadh maith air bith. Ma abrain na
Sacsanach go bh-fuil na M P's mór leis
na "Fennians" ta Parnell agus a chuid
clabaire na seasadh ag seunadh so mar
sheunfadh an diabhal a bhaisde. Na'r chóir
go bh-fosglóchadh so súile na "bh-Fenians"
ata cuir a g-cuid airgid ann sar na M
P's ? Budh chóir do gach Éireannach anns
an tír beagan a dheunadh le teangain a
shinsear a chongbhail beo. An t-Éireann¬
ac nach mian leis an nidh so a dheunadh,
ní Éireannach ata ann, acht fear de
shliocht Chrommhell.
Ní bh-fuil níos mó agam le rádh an t-
am so, acht is mé do charaid fhírinneach,
SÉAMUS E. MhacCAMHLAIGH
As is the usual custom, the New York P. C. S.
will hold their annual entertainment in Clarendon
Hall, 114 & 116 13th St., bet. 3rd & 4th Avs., on
Friday evening, April 27th. Every lover of the
language in New York and Brooklyn should be
present at this entertainment, as it will be a gen¬
uine Irish gathering.
