(34)
6Mhadh Rol. Uimh. 10.
BEALTAINE,
1888.
Éire.
Go bh-feuchaigh Dia air Éirinn bhocht i
n-diu. Tá sí fáisgthe i m-bís ; ní thig lei-
the dhul a nonn no análl, síos no suas,
soir no siar, ach caithfidh sí seasadh mar
an t-Inndian aig dorus siopa tobac, le
n-a dhá láimh fillte air a h-ucht, aig ful-
laint gach poc agus gach masla noch, is
mian leis an aistrigheach a tabhairt dhí,
gan an oiread a's cead aici "feuchaint
cam" air! Maiseadh, go bh-feucaidh Dia
airíst uirre!! Síleamuid-ne go bh-fuil
an Pápa air buile, nó a saoileann sé go
bh-fuil muintir na h-Éireann 'na n-amad-
áinibh? Seo í an cheist. — Bh-fuil ceart
saoirse aig Éireannaighibh? má admhuigh-
thear go bh-fuil — agus ní'l a fhios againn¬
ne ce 'n chaoi 's féidir í sheunadh dhí —
cia 'n t-slighe atá ceadúghach le n-a fágh-
ail? Is feasach do'n t-saoghal nach bh-fuil
Éireannaidhe sáthach láidir le troid air
son a saoirse air an mágh de bhrigh nach
bh-fuil airm acu no aon t-slighe le n-a n-
ollmhughadh. An gleus cogaidh a chuir Dia
i lámhaibh na lag — dynamite — deirid go
bh-fuil sé ró-mhillteach, agus nach n-deun¬
fadh aonduine ach deamhan úsáide dhe.
Mar nach bh-fúil sligh ar bith, mar sin,
ceadughach aig Éireannaighibh le n-a námh-
aid a chlaoidheadh, nach fonnóid a bheith
aig tráchtadh air shaoirseacht na h-Éir-
eann?
Ó 'n lá a sheachad an Phápa, Aidriain,
Éire do'n Dara h-Anrí, tá cúmhachta na
Róimhe air thaobh na Sacsan. Saoileann
Cómhairle na Róimhe go d-tiocfaidh na
Sacsain air a n-ais go locadh an Chreid-
imh. Agus, cuir i g-cás go d-tiocfaidh,
ce 'n bhaint atá acu do Éirinn? Dá
saoilfeadh an Pháda é fhéin Éire do riagh¬
la bheidheadh an fuadh ceudna againn air
a riaghlughadh saoghalta agus atá againn
air riaghlughadh na Sacsan Mar a dubh-
airt Domhnall Ó'Connaill, glacfamuid ó'n
b-Pápa riaghlughadh an chreidimh, ach tóig-
each sé a lámha d' ar riaghlughadh tíreamh-
la!
