AN GAODHAL.
803
Coláiste Naomh Charoill,
Fál-thar-shrobh, Phila.
3adh lá fichthead dh'Aibreán, '88.
A Chara Dhílis:
Seo dhuit sean obhrán eile a righnigh
Peadar Breathnach. Measaim go bh fuil
a fhios agad-sa go maith agus aig léigh¬
theoiridh an Ghaodhail, cé h-é Peadar.
Mar bh-fuil, cuimhnighigidh aríst air "obh¬
rán an Mhuiltín," a bhídh 'sa' nGaodhal
thimchioll 's air cheithre bliadhna ó shoin.
Deir na sean-dhaoinidh gur b'é seo a
cheann is feár, de bhrigh gur dh'á chailín
féin a righneadh é, agus feicthear dham
féin go bh-fuil sé eilic air fheabhas ach
an ceathradh, an cúigtheadh, agus an seach¬
tadh roinn. Sílim go bh-fuil siad seo
bun as cionn, ná go bh-fuil cuid dhe na
líonta cailte. Má thig le duine air bith
le n-a chongnadh, mise a chur air an
treoir cheart, béidh mé an-bhuidheach dhó,
agus faoi réir níos feár as coinne an
chéad chlodhughadh eile, le meas agus onóir
Pheadair a neartughadh.
Righnigh mé mo dhithchioll an t-obhrán a
scríobh go díreach mar casadh liom é, sé
sin, a nGaedhlic shean Thír-Chonaill, ag¬
us tá dúil agam nach g-cuirfidh tusa, le
do thoil, aon athrughadh air bith air, ach a
chur sa' nGaodhal mar tá sé. Oir is
mian liom tasbáint dhó 'n dream seo a
bhidheas a g-comhnuigh ag cáineadh na Gaedh¬
lice agus ag rádh nach labhartar í mar
is cóir ann aon chumar a n-Éirinn, nach
bh-fuil ann a g-caint ach cabaireacht, ag¬
us gur b'í an Ghaedhlic chéadna a labhar¬
thar a g-Connachta, a labharthar a d-Tír-
Chonaill.
Tugadh an Connachtach faoi dear gio¬
racht na cainte, a beodhacht agus a tap¬
acht, agus léigheadh sé a g-cuid dhe na
focla,
ó
ann
áit
á
a geár
"
"
o geár
éi
"
"
ia
ea
"
"
io
ai
"
"
oi
c caol
"
"
g caol
r éadtrom
"
"
r trom
t "
"
"
t "
Ag dul air a aghaidh mar seo, tig leis
an mhéid eile a thisgint go h-an-réidh.
Bhéarfaidh mé scéal níos fuide dhuit
air an obhrán seo uair a céanacht eile.
Duitse go fíor,
Domhnall O'Murchadha.
PEADAR BREATHNACH ro chan. —
Chuaidh mise seal tamall ar cuairt,
Go m-breath'nfainn 'bh-fad uaim a' spéir,
Thart fá na h-oileáin ar ruaig,
Mar eilid a's cú 'nna déigh;
'Sé 'déarfadh 'ach duine fá 'n chuan,
Tráth 'thonaig mé 'nuas ann a' chéigh;
"Is furas liom aithn' ar do ghruaim,
Gur fear thú 'bh-fuil ruaig 'do dhéigh.'
Casadh damh cailín deas óg,
'S mar casadh 'sí 'lobhair go géar;
"Má 's duine thú 'bhoin de mhnaoi óg,
Ní mholaim go mór do chéard;
Ná thonaig mé fear as Tíor-mór,
Aig imtheacht gan bhróg a n-dé,
'Sé 'mhiosaim gur thusa 'n fear óg,
A rabh sé sa' tóir 'nna dhéigh."
D'fhriogar mé 'n oinfhir gan bhród,
Mar ghlac mé go mór a scéal;
"Stad de do mhogadh níos mó.
Ní duine de'n t-seort sin mé ;
Ach druid thusa 'nall do mo chomhair,
A's leig de do ghlór gan chéill,
Ná rachfaidh me 's coinne do shróin',
Amach go Tíor-mór 'mo léim."
"Thuit mis' a d-torse ro-mhór,
A's d'fhiafruigheas de'n óig-bhean chaoin;
"Cé 'bh-fuigh mois gloine le n' ól,
A thógfadh a' bhrón so doínn."
"Tá toigh biog air leath-taobh a' ród,
A's coinnigheann sé 'g-comhnuigh 'n braon,
Teidh thusa 'gus buail a' bórd,
A's díolfaidh mé 'n scór mé fian."
Tráth 'chuaidh moid asteach go toigh 'n óil,
B' fhaiteach go leor liom suidh,
Ar iogla go d-tiocfadh a' tóir,
'S go m-boinfidhe 'n óig-bhean doím.
Tráth 'fuair moid 'ach cineál d'ár fhóir,
'Sé 'mhios mé nár chóir dúinn suidh;
Ach dúbhairt sí, "Bidh thus' ag gobhail cheoil,
