804
AN GAODHAL.
'S ní leigfighear duit feárloinn 'íoc."
Ní rabh mise 'bh-fad ag gobhail cheoil,
Gur chruinnigh go leor ann toigh,
'Ach duin' a's a ghloin' as a chomhair,
Le comáradh 'thobhairt do 'n dís;
Bhí biotáilte farsinn go leor,
A's biogán d'á ól sa' tíor,
'S dá n-ólfainn-sa "Galán Uí Dhomhnaill"
B' fhuras mo scór-sa 'dhíol.
Tráth 'socruigh moid comhthrom a' scór,
'Sé 'd' fhiafruigh 'n óig-bhean doím;
"Cé 'n áit a m-bidheann tusa 'do chomhnuigh,
Ná 'g-connuigheann tú cró duit fian?"
"Tráth 'chaithim-sa seal a d-toigh 'n óil,
Ní dheanaim aen lán de 'n phighinn,
'S a' mhéid aduigh 'chruinnighim sa' lá,
Caithim le spórs sa n-oidh'."
"Má 's duine thú 'leanas de spórs,
Ní mholaim duit lobhairt le mnaoi,
Ní fhóireann sé duine do sheort,
Toisiugh' le buaidhreadh 'n t-saoighil;
Dá d-téidh mois ag congbháil a' chró,
Nach m-béidh mois gan dóigh le 'r saoghal,
Is feár dúinn fuirtheacht go fóill,
Go n-deanamoid lán ar aon."
"Dá bh-fanfainn go g-cruinnigh mois lán,
Nach g-caithfidhe go leor d'ár saoghal,
Is feár dúinn toisiugh' go h-óg,
'S béidh cuideadh d'ár g-comhair aríst;
Má leanann tú mise sa' ród,
Ní h-iogla duit buaidhreadh 'n t-saoighil,
Ach mise 'bheith 'cruinniugh' 'n láin,
A's gheodhfaidh tú láistín saor."
'Dá leanfainn-sá thusa sa' ród,
Badh ghoraid go d-tógfá doím,
Dá d-toisfeá aig imirt 's ag ól,
Ní 'bh-fad a bheidh 'lán 'nna mhaoin;
Ach fan air a' bhaile 'mo chomhair,
A's bhéidh mé 'r nás leat fian,
A's gheodhfaidh tú talamh go fóill,
A's mise go deo mar mhnaoi."
Ní fhéadaim a moladh le 'feabhas,
'Sí 'loguigh go mór mo chroidh,
'S ní'l duine d'á bhfeicfeadh a' t-seod,
Nach d-titfeadh ar, brón d'á digh;
Ní fheacuigh mé 'leithid go fóill,
Aen m-bealach sa' ród a m-bídhim,
'S dá bh-feicfidh í 'm-Baile-na-mór,
Bheit' cailínidh óg' ar phighinn.
16 Sráid Glaistear, 10mhadh lá
Márta, '88. Baile Atha Cliath-Duibhlinne
We fear there are a lot of typographical errors in
Mr O’Farrelly's letter. The writing being so small
(the letter occupying less than two pages of small
note paper) and the distance too far to send proof. ]
A Shaoi,
Tá mé buidheach díot ar son an g-
cineáltas do thaisbeánais dam ag cuir
mo leitreach in bhur leabhar-aithris. I d-
tír mhóir mar sin, in ar chuaidh an uimhir
comhlíonmhar d'ar muinntir, agus cuid
d'ar muinntir is feárr agus is flaith¬
eamhla, saoilim anois agus cuirim-se mo
smuainte i m-briathraibh, amhlaidh do
sgríobh mé roimhe dhuit, gur maith an ob¬
air agus gurab éigin irisleabhar insan
nGaedhilge, .i. an teanga bhaineas leis an
g-cine coitcheann na nGaodhal do bheith in
bhur measg annsin, agus a lámhaibh gach
aoin a fheudas a léigheadh. Ní'l nidh leath
cho breágh nó cho tairbheach as sin. Beir¬
eann sé os tomhair meanmann na muinn¬
tire a léigheas é, cuimhne lan na laoitheadh
in ar saothradh agus in a raibh an tean¬
ga naomh agus n-éigeas i meas agus i
ngean mhór. Insan am úd, bhí Éire saor
óna ngeibheanaibh agus óna chuibhreachaibh
do cuireadh i riamh oruinn. Níor meas¬
adh breághacht nó uaisleacht, nó brigh ar d-
teangan n-dúthais ag na Sagsannuibh, a¬
gus do chuirfidís ina h-ionad-sin dá bh-
feudfaidis, a m-beurla féin. Do rinn¬
eadar a n-díthchioll sinn do chur a n-
gníomh mar is follus faoi 'n domhan uile.
Acht mar ruaigeann agus mar sgaoil¬
eann an ghrian neulta duibhe as na spéi¬
ribh, teitheann anois agus teithfeas na
dubhrúin agus na duibhinntleachta na n-
daoineadh n-daoi so do lamhadar an
Ghaoidhilge do mhúchadh. Is solus ar d-
teanga i meínibh ar muinntire a threór¬
fas iad go díreach, is coinneall í insan
dorchadas dóibh a stiúrfas iad i slighthibh
mín, réidh na fírinne agus an chirt. Tar¬
raingeochaidh sí le chéile iad, nidh is riach¬
danach agus is lainéifeachtach, agus deun¬
faidh aon mhuinntir do na h-Éireannchaibh
gidh bi áit in a m-beidís. Agus nach mór
ach
a
