AN GAODHAL.
805
sinn! 'Seadh, is mór sin agus is bríogh¬
mhar; oir iarras an Sagsa mar d'iarr¬
adh sí le faide, sgaoileadh ar na Gaodhal¬
aibh ó chéile, le na d-traothadh agus iad
féin do neartadh ar ar g-caitheamh-ne.
Amhlaidh dlaoigheas pudar an carraig, is
mar sin d'iarradar na Sacsannaigh le
meoin an Bhéarla ar dteanga do mhilleadh
agus iar sin ar muinntir do sganradh
agus do sgapadh.
A's badh cliste an t-slighe dar ghabha¬
dar ar laimh sin do dhéanadh. Budh dóigh
leo, an t-am labharann siad teanga na
g-coigcridheach in ionaid a d-teanga féin,
nach d-tiocfadais le chéile, agus gan
tuigsint le chéile dóibh, go n-déanfad¬
aois-ne a d-toil féin asda. Imbreith¬
ribh eile, do rinneadar a g-caochadh agus
a n-dalladh do dheunadh; óir is dall go
h-inntealachtach ar an g-cuid is lugha de,
an mhuinntir nach d-tigeas a chéile fa
seach. Is dall iad gan amhrus, agus
buaileas buillidh go minic ar a g-caird¬
ibh, agus ar a g-comh-Ghaodhalaibh, an tan
budh toil aca a n-deargnaimhde do smach¬
tadh. Mas mian le na Sasannaibh nidh
mhaith a dheunadh dóibh fein, agus d'a d-
teangain, nach leor an saothradh sin dóibh,
gan iarradh agus buaireadh do ghlacadh i
dtuille leis? agus, mar an g-ceudna,
mas mian le h-Éireannachaibh nidh maith a
dheunadh chum meas agus seun a bheith ar
a d-tír n-dúthchais, is eigin go g-croithfi¬
dís a leisge díobh, agus ar d-tús, a d-
teanga féin do chleachtadh eatorra agus
gan a neart agus a n-inncinne uile lei¬
gean amach ar Bhearla fuar camchumtha
na Sacsann.
Ní bh-fuil leisgeul ar bith d'Éirannach
anois. Ta clódh ann in a g-cuirfidhe an
Ghaoidhilge, agus sgapfaidhe í go fóirlea¬
than i m-beagán d'aimsir; agus déanfadh
aon sileadh agus leabharaithris tá agaibh,
gidh gur beag mar a bh-fuil sé, níos mó
maitheas dar slicht agus dar g-clú, 'ná
a bh-feudfadh do dheunadh an t-oireadh fa
dhó no fá thrí do na leabharaibh do bhídis
in aimsiribh chuaidh thart. Buidh'chas le Dia
gur marbh iad d'iarraidh ar ar d-teang¬
a do bhaint dínn, agus go bh-fuil meas chó
mór airri a bh-fogus a's a g-céin; agus
dá mbadh Éireannach cho fuar in a chroidhe
agus in a anam agus teanga a mháthar
& a thíre do chuir neamhshuim innte! có¬
mhairlím dhó gan a bheith mar sin nidh bhus
sia.
Slán leat, a Shaoi, agus go ngeárr¬
fadh an teanga sean, uasal a slíghe féin
insan d-tír mhóir sin.
Cuirim cúig sgillinge ar an nGaodhal,
gabh chugam é go míosamhuil tars an t-
sáile.
S O'Fearghaile.
Mr. J J Lyons, Phila. Pa. who sends us this
song says that it is one of the songs sung by Miss
Maggie Connolly at the McHale anniversary last
month. It is a very popular song in co. Galway.
CEARC Agus COILEACH.
Cearc agus coileach a d'imthigh le chéile,
Shiubhladar Éire gur briseadh a g-croidhe,
'S chuadhdar go Gaillibh le h-éirighe na
gréine,
Gur cuireadh an péire isteach aig an dligh.
'S aig uilliam Ua Neuláin a bhí siad air
feurach
'G ithe mónógaidhe sléibhe is i codhladh sa
bh-fraoch
Go dtainic an siriam go lúthmhar 's ao¬
rach,
'S scuab sé an péire isteach go Bail'áth
an Rígh.
Dá bh-feicthá-sa 'n coileach lá aonach na
Sráide
Thata breágh lásadh air 'sa lamhainnidhe
buidhe,
Ceithre spuir fhada de'n airgiod Spáinne
Fuip in a láimh 's é teacht mar an righ.
'S aig muilleann na Leice seadh chualadh
mé an tráchda
Aig mnáibh bhí cathadh aig bleachach Sheagh¬
ain Mhóir,
M'éinín coiligh bhí agam le h-aghaidh na
Féile Martan,
Gur mharbhuigh na mná é le dúil anns an
bh-feoil.
Thug siad isteach é gur scoilt siad a
chnámha,
'S gur chaith siad an lá sin spóirt'mhuil
go leor;
air — Petrie's
A.I.M.
No 1508
" 1509
5 's chuaidh siad go 8.
péire
1
2
3
6
5
4
7
8
