806
AN GAODHAL.
'S nar bh-fearr dhóibh spóillín a cheannadh
air fonadh
'Ná an chaoi a n-deachaidh a g-cáil air
fud chondae Mhaidheo.
Bhí cearc aig Seághan Bán budh deise ná
Péacóg,
Ubh agus ceud rug sí san lá,
Thainic an sionnach a mharbhuigh na ceudta
'S thug sé de'n réim sin í steach go
Sliabh Bán.
Dhamhsóchadh sí mionuabhar, cuadrill, a's
céper
'Muith air an stage os coinne Dhúnmhóir
'S air bharra na Gaillibhe lig sí an cheud
ghlaoidh,
Cleite as mo ghame níor baineadh go fóil
D'éirigh mé suas air maidin san drúchta
Mo chúpailín cú liom 's mo mhadadh beag,
bán,
Chonnairc mé an sionnach 's é fillte,
fuaighte
Shiar anns an uaimh agus cloch air a cheann
Tharraing mé 'niar é go n-dearnaidh sé
uachta
Ann a bh-facaidh a shuil no lorg a laimh;
'S é Tomas Abúrca an buachaillín
sciurtha
Chuireadh na cearca 's na coillighe air fa¬
ghail.
M' óchón! arsan chearc, 's í dul air an
bh-faragh,
Nach bhrónach 's nach deorach le h-innsin
mo sceul;
Athair mo chloinne 's céile mo leaptha,
A dul ins an b-pota a's leac air a bheul
'Nois, arsan chearc, o tharla am bhain¬
trigh mé,
Gráinne ní phiocad d'a rachaidh 'sa g-cré
Acht bheirim mo mhallacht trathnóna 's
maidin
Do mhnáibh Dhoire Leathan a mharbhuigh mo
ghame.
Were it not for the degradation of the thing, it is
laughable to see the champions of Orangeism in
Ireland, the gallant (!) Col. Saunderson and John¬
ston, of Ballykilbeg, going to Rome “to kiss the
Pope’s toe.” in order to keep themselves and their
neighbors under the iron heel of the foreigner.
Verily, verily, wonders will never cease. The be¬
nighted papists! The world may see now who are
the benighted dolts.
THE GREEN FLAG.
By WILLIAM RUSSELL — For THE GAEL.
Air — “My Name is Freedom.”
A Chlanna-Gaodhal! a laochradh, grádh,
Seo preabamaoid chum laochais;
'Sa rancaibh airm teigheam, gan mhoill,
Le fonn ár d-tíre shaoradh:
Agus mar Ghall-Ghréine shéin, na m-buadh,
Do bhí ag sluagh na Féinne ;
Ar m-bratach uaithne sgaoiliom suas,
Go lonnrach, buacach sgéimheach!
San oidhche chidhiom, ár g-comhartha cáig,
A g-clodh na realt, go h-áluinn,
Do ló, ár b-pioloir-scamail ádhach,
Sí ghluaisionn romhainn gan spleadhchas:
Agus mar an meirg naomhtha, chaomh,
Ó neamh do thuit, le cóire;
Seadh tá ár m-bratach lonnrach féin
Na h-urramh le síor-ghlóire.
Go grod, a meadhan an chatha, chruaidh,
Tre dheatach pudair, ármhar,
Agus cárr an bháis, go spealmhar, ruadh,
A stealladh fola námhad ;—
Mar ghléire ruithne, annsa spéir,
Do thuaras madhm do mhéirlibh,
Dealroghadh ar n-ailean soillseach, glé,
Go glínn tre smuit an éirlig.
O bidheadh gach Cealt, do theidheas na feidhil
Oir buile chum a saortha;
Agus feiceadh anns gach amhas gaill,
Claon Herod feill, nó Néró:
Oir lasadh bidheadh ar bh-fuil, le gráin, —
Ar ngaisge árd san spéirlinn;
Agus troidimíd, gur léir an bládh,
Do bheith go brách le h-Éirinn.
Go roibh an buadh, go deo mágchuairt,
Ar m-brataighe uaithne, ársa.
Agus crodhacht Gaodhal, le céim dá luadh,
A starthaibh buana, árda:
Gur bí ár g-caithréim is aoirde cáil —
Ar lámhach gunnaídhe, is tréine;
Agus Inis-Fáil, go raibh le fághail,
Ameasg na d-tiorthaibh saora!
So as to give turn about to Gaelic writers
we hold over the conclusion of the sermon,
Heaven, until next issue.
