(35)
6Mhadh Rol. Uimh. 11.
MÍMEADHÁIN,
1888.
NUAIDHEACHT NA MÍOSA.
Is gnáthach linn rud i cínt a rádh gach mí
san g-clár-innse seo eidir "sinn féin"
agus ar léightheoirighibh Gaodhlach. Ní'l
mórán le rádh againn an mhí seo, ach air
d-tús, iarramuid leithsgeul faoi dheir-
eannacht Gaodhal na míosa seo. Ní'l
aonduine leis an nGaodhailge chóiriughadh
san nGaodhal ach sinn féin, agus bhí an
teasbach cho mór air feadh tamaill a's
gur ghoill sé go mór orrainn, ⁊, air an
ádhbhar sin, b'éigin do 'n Ghaodhal fanamh-
uint siar.
Tá ádhbhar ríméid againn go bh-fuil
cúis na Gaodhailge dul air aghaidh go h-
an mhaith. Deich m-bliadhana ó choin ní
rabh ach aon pháipeur amháin sa tír seo
a chlódhbhuail Gaodhailge — clódhbhuaileann
leath dhoisín aca 'nois í. Sin comhartha
go bh-fuil an chúis a dul air aghaidh. A¬
gus má chuireann na Gaodhailgeoiridhe
rómpa é tig leo iachlach a chuir air gach
páipeur Gaodhlach sa tír a clódhbhualadh.
Cuidighidh leis an nGaodhal chó maith as
féidir libh. Ní'l ionainn-ne ach an frith-
eoluightheoir; agus caithfidh gach duine
breath'núghadh air fhéin mar mháighistir ⁊
má dheunfaidh gach mar seo, ⁊ an aire
cheudna thabhairt do'n Ghaodhailge a's thiúr
óchadh sé d'a ghnóthuidhe saoghalta, béidh
an Ghaodhailge saorthadh, agus béidh meas
air Éireannaighibh.
Is mór an sochar a bhaineas an cine
go h-uile ar saothar na teangan. Is
beag an meas a bhí air Éireannaighibh sa
tír seo chúig bhliadhana deug ó choin bh-far-
ras mar tá i n-diu. 'Sé saothar na
teangan, gigheadh a chreapaltacht, a chuim-
sidh é seo. Chonnairc ar g-comharsan-
aighe fóghlamthacht ar d-teangan, agus
dubhradar leobhtha fhéin, "Ní shé seo an
cineál daoineadh ar chualamar na Sas-
sanaighe a trácht ortha." Deunighidh mar
sin, gach h-uile dhuine a dhithchioll.
Leanaighidh a lig sompla an Tíghear-
nánaigh agus béidh rath orraibh.
