816
AN GAODHAL.
Do'n Athair Phádruig Ó h-Aenghúsa air a chúigiúghadh bliadhain fhichiod mar sag¬
art dó in Eaglais Dé. Go m-buanuighe Dia an fhaid eile os bhur g-cionn é, an
fear fírinneach, grádhach, measdamhuil a's ceannamhuil air a theanga 's air a thír,
agus sagart na m-bocht go bás,
Athair Dhílis :
Tá sé 'nois a bh-fad 'sa g-cian,
Agus suas le dathad bliadhain,
"O cuireag amach" in Innis Fáil,
D'aithir a's do mháthair 'sa g-cuid triosgáin.
'Sis le láimh láidir do thóig na báilídhe
Seilbh air a raibh air fuaid an tíghe;
Na baith, na capaill agus na barraídhe,
'S níor dh' fhágadar féin fiú an gharraídhe.
Chuir tighearnaidhe tíre gan truadh gan daonacht
Air fán air fuaid an domhain na céadtha;
Agus na mílte de Chlanna Gaodhalaibh
Air muir 's air tír dá n-deasga ag éugadh.
Acht b'é gur smachtuig Dia a dhaoine féin.
'S gur sheoil Sé iad ann imigéin;
Chum go d-tabharthac Clanna Gaodhail
An creideamh leo air fuaid an t-saodhail.
Chuir tú annsann dhíot go Sasanna Nuadh,
'S chaith tú seal ag obair 's gnódh;
Bhí slídhe dheas beatha agut a's ealaídhe,
Acht ní rabhais sásta ann aon t-slídhe.
Bí buairt aigne ort 's tú trí na chéile,
Anuair ag thagach gach ceann féile;
Acht le urraim dod' mhuinntir & le meas,
Níor labhair tú leo air giorréiseach ná pras.
Acht ag brúghadh fút ag cuimhneadh 'sag machtnamh
Air a ngnódh bhí air d' aigne anois le sgatabh;
Sé sin, an chuid eile ded' shaoghal do chathabh,
Mar fhear oinead Dé air a d-talamh.
Chuaigh tú annsann gan mhoíll mar sgoláire,
Ó deas air fad go di Sléibhte Mháire;
Ad' chuir féin a g-cóir chomh maith is b-féi'ir leat,
Ag foghluim Fraíncis, Laidion a's Gréigis.
Chuadh tú assann anun go dí'n Róimh
Chum do chúrsa léighin do chríochnúghadh;
'S t'réis roínnt bliadhanta ann do chathadh,
Do chas tú thar 'nais chugainn thar calladh.
Thug tú trí bliadhana í g-Ceill Naomh Peadair
'S i bPoirt Eibhlís trí no ceathair;
Faoi bhuidheachus ionnta a's faoi mheas,
D-taobh d'fheabhais chum daoine chuir air a leas.
