AN GAODHAL.
817
'S ocht m-bliadh'na-déag air chnámh do dhíthchill,
Thugis ag múine an beag 'sa mór, uasal a's ísiol;
Is 'módh deidhghuighe ort 's béannacht na n-daoine,
Age bocht a's saídhbhir, óg a's críona.
Is minic do chuagh tú thar d' acfuinn,
Chum athanta Dé dhóibh do spreaga,
Ag tabhairt comhairle dhóibh a's d'a d-teagusg.
Le briartha do bhéil a's sampla do bheatha.
Tá tú bádhmhar, dílis agus fíor
Dod' chreideamh, dod' theanga 's dod' thír;
Urraim a's meas ort air fuaid na Stáit,
"Sláinte gheal chugat," teacht o gach áit.
Mar bhí tú diaganta, rialta, ciallmhar séimh leó,
Ag craobhsgaoile an chreidimh, a's athanta Dé dóibh;
Ag tabhairt comhairle a leasa dhóibh le féirim,
'S carthanacht a's truadh, gach am, ad' bhréa'thra.
Bo tú an sagart fonmhar, diothollach dian,
Do rin obair mór a's d'fhág rian
Do lámha 'guinn, an ceallsa, chum guighe ann,
Do mharfhig 'nar ndiaig go deó a's choídhche.
Bo mhór é do chúram agus d' ímníomh.
Dá n-aodhireacht a's d'a spreaga chum deidhghníomh;
'S ag tabhairt comhairle, ghan sgith, do gach n-aon,
"Tabhair aire dod' anam a's seachain an braon."
Is mórtus duit féachaint air thionól an lae seó,
Pabal mór, Easboig a's cléire,
Bailighthe annso a d-teannta chéile,
Le bádh 's grádh a's greann duit, a shéimfhir.
Sguir a n-am, 'sé 's áil linn,
'S thabhair fóghadh anann thar sáile.
Chum misneach do chuir ort, 's tú chómhad o bhaoghal,
Feabhas air do shláinte a's fad air do shaoghal.
Leis sin, bídhmíd feasta guidhe dhuit,
Go dúrachtach chum Rígh na ríghthe;
Tú thabhairt slán anunn 'sa nall thar taeunmhuir,
Gan tinnios fairge, fá tharmuinn Dé chúghinn.
'Stú bhuanughadh an fhaid eile 'n-ar measg,
Chum sinn do stiúrughadh 'sdo chuir air ar leas;
Saoghal fada chúgat, a's bás naomhtha,
Anuair is toil le Rígh na ngrás thú ghlaoghach uainn.
'Sgo rabhair, 'na dhiadhsan, as comhair na Trínóide,
A bh-fochar Phádruig naomhtha, Easbog Críoch Fódla;
Ag guighe air ar son, agus aig fóirthint,
An fhaid is bhéid Dia ag cathabh na glóire.
An 29 de mhí na Bealltaine, 1888.
