824
AN GAODHAL.
tic nuadh os comhair na cathaoire. Agus
ní fheudfadh fear air bith an chaintic sin
do chanadh acht an ceud 's ceathar 's dá
fhichid míle sin. So iad an dream nár
thruailligheadh. Is iad na maighdeana. Lea¬
nann siad so an t-uan gidh be áit a d-
teidheann sé." Is iad so lílídhe neimhe.
A bh-foclaibh an Spioraid Naoimh is féi¬
dir linn rádh: "Ó nách áluinn é an ghein¬
ealach gheanmnaidhe le glóir; mar tá a
chuimhne síorruidhe de bhrigh go bh-fuil aith¬
ne aig Dia agus aig duine air : buaidh¬
eann sé go deo aig gnódhachan luach-sao¬
thair catha neamhthruaillighthe." Acht ní shí
a maighdeanachd amháin a shábháil iad so;
tá maighdeana baotha ann mar tá maigh¬
deana cagnaidhe. Dá m-beidheadh súil a¬
gainn neamh do ghnódhachan air an tagradh
so amháin, nuair a bhuailfimis aig an do¬
rus aig rádh : "A thighearna, a thighearna,
fosgail dúinn," déarfadh an tighearna :—
"Amén, deirim libh, ní aithnighim sibh," acht
cheana, is luach-saothair fa fhulangtais
air talmhain glóir air neamh.
Acht cia shiad súd a tá san sluaigh
lonrach úd tháll ? Na ceanfart ortha tá
beanrighean nach g-caithean coróin maigh¬
deana. Acht is áluinn í agus is mór a
caradas le Íosa. Is í an bheanrighean sin
Máire Maghdalene, reult an dóthchuis
do gach aon a thuit go mí-ádhamhuil tré
laige daonda a b-peacadh. Atá go leor
onóire air neamh aici-si agus aig an m-
buidhin mhór a leanas í, de bhridh go n-
déarnadar iarrachda móra air talmhain
ofráilte móra, agus gur thréigeadar a
b-peacaidh. Cuimhnigh: Luach-saothair air
neamh air son fulangtais air talmhain.
Atá sluagh eile na seasadh thart-thimchioll
air chathaoir Dé Atá san sluagh sin an
droirg do-áirighthe, fear agus ban, a chon¬
gbhaidh dlighe Dé go naomhtha cho-fhad 's
bhíodar air talmhain. Do chomhnuigheadar
air an talmhain acht níor dhi iad. San
m-buidhin so tá an saidhbhir agus an bocht,
daoine a toghtha amach o gach uile ghnó, ó
gach uile stáid bheatha, ó gach uile cheird,
dligheadóiridhe, liaighe, saighdiúiridhe, cea¬
nnaighidh, fir-oibre, fir-ceile maithe, agus
mná-ceile maithe a ghrádhuigh a chéile agus
a bhí dílis d'a chéile, dea-aithreacha agus
deagh-mhaithreacha darab an cheud aire a
g-clann do theagasg ann eólas agus a
ngrádh Dé; deagh-clann a thug onóir d'a
n-aithreachaibh agus d'a maithreachaibh, ag¬
us a thug aire doibh le caoin-ghrádh, fir
óga agus mná óga a bhí maith air feadh
a m-beatha agus nár tharraingeadh as a
m-bealach le sult an t-saoghail so.
Do bhí siad so air fad deágh-bheusach
le linn a saoghail. D'fhulangadar díogh¬
bhála aimsireacha ionnos go n-gódhóchaid¬
ís luathgháir shíorruidhe. Cuimhnigh: luach-
saothair air neim air son fulangtas air
talmhain. Tá anois os comhair do shúl
agad iomhaigh na sluighe glórmhaire a tá
na seasadh as comháir cathaoire Dé. In
sinn atáid, gach aon aig sealbhughadh a ghló¬
ire féin, agus gach aon mar an g-ceud¬
na, aig sealbughadh glóire a chompánach.
Táid ann sin go h-iomlán a suaimhneas,
gan aon nidh le na d-tiursiughadh; a luth¬
gháir gan aon nidh leis an luathgháir sin
do thabhairt uatha; a nglóir & an ghlóir
sin le bheith aca air feadh na síorruigh¬
eachta.
An d-teastuigheann uainn a dhul air
neimh? Gan aimhreas. Cia an cuighe?
Tá a fhios sin againn go maith. Tá an
bóthar díreach, comhthromh agus soiléir.
Má thréig sinn an bóthar sin is féidir
linn a fhághail amach arís leis an aithrígh¬
e. Caithfimid dhabhairt faoi n-aire go
m-beidh luach-saothair air neimh dúinn má
fhulangfamuid air talmhain.
"Nach ion-ghrádhuighthe do bhotha, a Thigh¬
earna na sluagh? Tá dúil agus ciocras
air m'anam dul asteach a n-árasaibh an
Tighearna."
Tabhair dúinn, a Thighearna, grása
chum go n-déanfamaois cia air bhith nidh
a tá riachdanach ionnos go bh-fanfamaois
san mbealach a thugas sinn go h-áit
suaimhnis, luathgháire, agus glóire shíor¬
ruidhe.
Ámén.
An Críoch.
Thainic an sagart le fear a phósadh;
the priest came to marry a man. Chum
cannot change either the meaning or
the construction of the sentence.
Thainic na fir le [ chum ] obair a dhéanadh,
the men came to do work. The Irish
speaker never uses chum, How, then,
can he be quoted as an authority?
