(36)
6
Mhadh Rol. Uimh. 12.
OCHT-MHÍ,
1888.
Leis an uimhir seo críochnuighthear an
Seismhadh Rolla de'n Ghaodhal agus an
seachtmhadh bliadhain d'a aois. Ba chóir
go m-beidheadh an seachtmhadh rolla críoch-
nuighthe anois Cia 'n fáth nach bh-fuil?
Tré leisgeamhlacht agus faillidhe a chon-
gantórtha. Tá fios aig gach duine nach
féidir páipeur mar an Gaodhal a chur
amach gan cosdas. Cia 'n chaoi, mar
sin, a m-beidheadh súil uca seo nár íoc
air a shon le trí bliadhanaibh go maireo-
chadh sé? Agus iarramuid air gach Éir-
eannach a bh-fuil sé cóir no ceart an t-
ualach a leagan orrainn-ne agus air an
m-beagán congantóiribh fíora a tá ag-
ainn. Tá fios aig gach duine a chuireas
bárr sa talamh go g-caithfidh sé aire a
thabhairth dhó más mian leis é bheith tor-
amhuil. Air an nós ceudna, más mian
le Éireannaighibh saothar na teangan a
bheith toramhuil cathfidh siad aire thabh-
airt dhó. Ní'l aon dul uaidhe seo acu.
Deirtear go n-déantar faillidhe do
shaothar na teangan de bhrigh nach bh-fuil
aon airgiod ann. B'fhéidir go bh-fuil go
leor de'n fhírinn in seo, ach ta sé cinnte
go bh-fuil go leor daoineadh thírghrádhach
aig oibriughadh go dithchiollach i saothar na
teangan nach bh-fuil súil le luachsaothair
aca ach an obair a ghnigheadar. Feictear
a n-ainmneacha san nGaodhal ó am go h-
am, ⁊ is í an chaill is mó nach bh-fuil a
n-uimhir níos iomadamhla. Tá go leor
eile, thré faillighe, nár íoc píghinn air son
an Ghaodhail le trí bliadhanaibh. Anois,
cia a measann na daoine seo a bh-fágh-
ann muidne an mhaoin le cathadh na
dhiaigh? no b'fhéidir go saoileann siad
go bh-fuilmid baint ar m-beatha as an
nGaodhal! Ma shaoilid táid a dul a-
múgha go h-an mhór. O ta muid 'nann an
Gaodhal a thionsgladh ta muid, mar an
g-ceudna, nann ar m-beath shaothrughadh
gan a bheith d-tiodhlamaidhe déirce na m-
bocht. Sí cúis na teangan cúis na h-Éi-
reann, ba chóir breathnughadh uiri mar sin
