AN GAODHAL.
827
PÁDRUIC CONCHÚBHAIR.
(Another translation by Prof, Lovern has been published
in THE GAEL.)
Vol. V. p. 683.
Budh é Pádruic Conchúbhair an t-anbhruith garsúin,
Agus sheas sé sé troighthe a's ocht n-órlaíghe:
Bhí a chuisle cho ramhar le h-uachtar ceathramhan,
Do ba é Pádraic bu mhó agus ba chóraíghe.
A's bhí gruaig air cho dubh le sgáth anns an oidhche,
Mar chlúdaigh sí créachda bhí líonmhar ó bhruigheanaibh,
'S bhí a ghuth mar an tóirneach — domhain, fuaimneach a's treun,
A's a shúil mar splanc soluis, ag eiteall faoi neul.
Bhí grádh na m-ban óg' air, bhí sé chó síbhialta,
A's milis 'nuair b'áil leis, mar bhí sé chó diabhalta,
Ní rabh cailín d'a chrosdachd faoi chúigdéag air fhichid,
Ná feudfach mealladh, bhí theanga chó cliste ;—
Acht d'á mhéid na mná deasa do leag air smiodgháir,
Bhí aon óigbhean amháin ghabh a chroidhe ós a m-bárr,
Chó teith leis an n-gréin a's mar charruig siúráilte,
Bhí a grádh a g-croidhe Chonchúbhair, go domhain diongmháilte.
Gheobhfach bás air aon fhiod-gháir ó Chaitlín ní Bhriain,
Bhí a ghrádh, mar an leomhan, a's a fhuathadh chó treun,
Acht bhí Mícheál Ua h-Anláin a n-grádh léi chó maith,
'S bhí a ghráin air Chonchúbhar, bhí mar ifrionn le neart.
Thóghaidh a h-athair Ua h-Anláin, mar bhíodar d'aon pháirtí,
Clann Mhurchú, Clann h-Anláin, Clann Bhriain 's Clann Cár¬
(thaigh,
Agus bhídhdís le chéile ag cáine Chonchúbhair
Mar budh mhinic do thug sé dhóibh bualadh go leor.
Dubhairt Ua h-Anláin, a bh-fiadhnuise an Bhrianaigh, gan sgith,
"B'áil liom d'ingean do phósadh ;— má thugair dam í,"
Do dhéanadar cleamhnas, a's bhí chuideachta ann,
'Nuair a thainic an Inid ;— trí chéad má bhí ceann;
Bhí ann, buidhean h-Anláin, buidhean Mhurchú, a's búidhean Char-
[thuigh,
Cailínídhe a's buachaillídhe 's gasraídhe de'n pháirtí,
Bhí Brianaigh an lá úd, go líonmhar 'san h-alla,
Na píobaídhe d'a séide, 'san bhilín d'a greada.
Bhí béiceach 'gus léimneach, abhráin a's meir-ríngce,
An t-aos-óg 's na sgolóig a damhsa air a b-poinnte,
Agus bhíodar ag gáirídhe ;— mar b'áil leo an cor,
'Nnar dhéan h-Ánláin bhloc-magaigh de Phádraic Chonchúbhair.
Bhí caint agus sgige air faid bhóird na féise
Ag ithe 's ag ól a's ag folamhúghadh miasa,
Bhí píob'reachd, fidlínteachd a's géimneach d'á thréine,
Gur dhóigh leat do cheann bheith d'á sgoilt as a chéile.
"Ciúineas," ghlaoigh an sagart, — "cuirigh stop leis an ghreann,"
,S do thóg an leabhar deas-ghnáith chum an ghnótha, bhí ann,
