828
AN GAODHAL.
Air an mhóimeint, bhí cosg leis an uaill a's an gháir,
Agus chlosfaidhe glór bioráin air lig an úláir.
A's bhí an sagart ag tosúghadh air léigheadh, 'nuair do fuair
An dorus aon t-sáthadh a's aisteach ghluais Conchúbhar.
Ó! budh é Pádraic Conchúbhar an t-anbhruith garsúin,
Agus sheas sé sé troighthe agus ochd n-órlaíghe,
Bhí a chuisle chó rámhar le h-uachdar ceathramhan,
Do ba é Pádraic bu mhó agus bu chóraíghe.
Go mall shiubhal sé suas faoi 'n dlúth-amharch bu géire,
Mar neul dubh ag gluaiseachd thré reultain na spéire,
'S níor chuir duine stop leis, — mar sé Pádraic bhí mór,
Gur sheas sé mar raibh h-Anláin a's Cáit, — ann a g-cómhair;
Mar bhíodar nna suídhe air shuídheachan taobh le taobh,
An t-ógánch uaibhreach agus Cáit an bhean chaomh.
Thug sé feuchaint air Cáit bhocht, — nách beag, bhris a croidhe.
'S d'iompuigh sé air a h-athair a's labhair leis mar bhí ;—
'S bhí a ghuth mar an tóirneach; domhain, fuaimneach a's treun,
A's a shúil mar splanc soluis ag eiteall faoi neul.
"Níor tháinic mé 'd láthair mar lochóg bheag ag snághadh,
Achd seasaim mar fhear threun air úrlár mo námha,
Níor ghabh eagla riamh Pádraic air bhóthar ná 'r pháirc,
Agus tá fhios aig Dia go n-dímeasaim é 'd pháirt,
Leis sin, fág mé 'r mo shuaimhneas aon mhoimeint no dhó,
Go labharfad leis an g-cailín nach bh-feicfead go deo."
D'iompoigh sé air Chaitlín agus d'aistrigh a ghlór,
Mar do smuain sé air na laethibh 'nna raibh sí a stór,
A's bhí lasadh 'nna shúilibh mar tinnteach faoi neul,
Ag amharc air an g-cailín 'sa brethnúghadh a sgéil, —
Agus dubhairt sé, "A Chaitlín, an fíor go bh-fuil tú,
Dod' phósadh le do thoil féin, gan eagla gan brúth?
Má táir, abair an focal a's fagfadsa an áit,
Meallta an chéud uair am shaoghal, le croidhe fallsa Cháit."
Le brón agus le grádh, bhí sí balbh a's bodhar,
Do chuir sí chum cainte achd níor bh'fhéidir léi labhairt,
Mar do chuaidh fuaim a ghotha chó fuar air a croidhe,
Le gaoth dub 'san n-geimhre no le leac-oidhr 'san oidhch'.
Bí a pluc chó liath-bhán le ré-ghile air shneachdaibh,
'S na deorth' ó na súilibh ag tuitim 'nna g-ceachaibh.
Din, d'at croidhe fearámhail Phádraic go h-árd ann a áit,
Mar thuig sé ó aon amharc ann aghaidh mhilis Cháit,
Gidh thig le coimídheacha a lámha do dhealúghadh,
Budh leisean a croidhe, cinnte, choidhche gan mhearúghadh,
Agus d'árdrigh sé 'guth mar ghlaodh garbh fiolair,
A's dubhairt sé, "Is lioms' í a n-aimhdheoin bhur g-cómhluadair."
Din, suas phreab Ua h-Anláin, — agus fear mór budh é,
A's d'fheuc sé air Phádraic, agus fíochmhar bhí sé,
Agus dubhairt sé, "Dar crúca, thar a bh-fágfair an áit,
