(1)
7Mhadh Rol. Uimh. 1.
MÍ NA NODLAC,
1888.
SIAR-BHREATHNUGHADH.
Nuair a cuireadh an Gaodhal air bun
seacht m-bliadhan ó choin is dóigh linn nár
shaoil mórán go mairfeadh sé go d-ti a
ochthmhadh bliadhain. Ach, buidheachas do
Dia agus do na fíor-Éireannaighibh cia
chuididh leis, tá an t-anam ann fós, d'
inneoin na g-cneamhairaidhe, leas-ainm¬
nighthe Éireannaighe, ce shaoil a mharbhadh.
Agus gigheadh gur bhain mórar truisligh¬
the dhó inn a naoidheanantacht, mar gach
naoidheanan eile, dhírigh sé é fhéin airís
leis an taca budh ghoirre 'fuair sé dhó, a-
gus anois tá súil againn nach m-bainfidh
aon truisliughadh eile leis no go g-críoch-
nóchaidh sé a théarma san g-cúis a bhí
curtha roimhe.
Agus ó tharla go bh-fuil An Gaodh-
al as a naoidheanantacht anois agus,
mar sin, ó bhaoghal na ngalra is dual
do naoidheanantacht, ta súil againn go
d-tiúrfaidh na banaltraigh a thug cothugh-
adh naoidheanantachta dhó, biadh níos tac-
amhla dhó 'nois inn a mhalracht.
Is iomdha an t-iompógh a ta air an
saoghal ó rugadh An Gaodhal dá ghiorr-
acht an t-am é. Ní rabh Éireannaigh faoi
shuim i g-ciantaibh, amuich agus a m-bail-
e, cho mór a's a taid i n-diu. Is mór an
t-ádhbhar ríméid e seo do'n fhíor-Éirea-
nnach. Mar sin, ó thainic an t-iompógh
slachtmhar seo air Éireannaighibh le linn
An Ghaodhail búdh chóir dóibh cuidiughadh
go briodhmhar leis i riochd go m-beidheadh
sé 'nan é fhéin a thaisbeáint do'n t-sao-
ghal níos gallánta na ta sé, agus a shoil-
seacht a sgeitheadh níos fóir-leithne air
fuid an domhain.
Anois, tar éis an bhlaidireacht seo, tá
súil againn go bh-fuigheadh ar n-dalta
oileamhúint mhaith air feadh na bliadhna
seo chugainn — go leor buscaidhe Nod-
loc, agus móide seunmhar na Bliadhna
Nuadha.
Nodlaich shúgach agus Bliadhain Nuadh
sheunmhar do gach h-uile cheann de léigh-
theoiribh an Ghaodhail.
