AN GAODHAL.
839
an
mar dheunfadh féileacán. Chuir mise mo
ghunna plaosgáin le mo shúil mar ghidheadh
go ngeobhainn urchar air. D'imthigh sé
sgathamh beag eile, agus lean mé dhó, ag¬
us mo ghunna le mo shúil. Acht, le sgeul
fada dheunadh geárr, righne mé dear¬
mad air an méis agus coileach de chineál
na lorgan fhada, agus deireadh nochduigh¬
the, air a rabh péire buataiseadh go nach
d-tochlóchadh sé na h-uinniúin no na plan¬
didh cabáiste agus meacan.
Léim sé suas air thaobh na méise agus
thuit sé air an g-carraig.
'Nuair a bhreathnuigh mé tharth bhí an
mhias imighthe. Air teacht thar air dham
chonnairc mé go rabh sí briste 'na dhá
leith; agus bhí banfhéis ag na cearcaidhibh
agus ag na lachainibh ag slugadh an leite,
de bhrigh go bh-fuil sé folasach, mar atá
sé ráidhte "Gur ocrach 'n dá nidh, cearca
Samhraidh agus coilighe Fóghmhair." Chon¬
nairc mé nach d-tiocfadh liom an leite
do shábháil, agus thosuigh mé'g losgadh le
mo ghunna plaosgáin gur chaith mé mo
chuid piléir go h-uile.
Budh gheárr go d-tainic sean chráin
mhuice Bhriain Uí Chonchubhair a rabh na
seacht m-báis uirri leis an ocras, mar
bhí sí tógbháil dhá cheann deug de bhainibh.
Bhí sí caol, cnámhach agus chomh gránda
go scanróchadh sí na préacháin as páirc
fhóghmhair. Chaith sí a smut 'sa leite a-
steach go d-ti a dhá súil, agus shluig sí
cúpla lán a claib, agus d'éirigh sí air a
dhá cois deireadh agus leig sí scréach
mar dheunfadh fíor-asal; agus rith sí
siar an bóthairín agus asteach 'sa scio¬
ból, agus shín sí siar, agus fuair sí bás
faoi cheann uair a chloig.
Budh é sin an lá dubh dhamsa; an mhias
briste; an leite air fán, agus bainbh
Bhriain Ui Chonchubhair 'na n-díthleachdaibh,
gan mháthair. Mallacht air an dreóilín,
budh h-é budh chionntach leis an mí-ádh a
chur orm an mhaidhin gheal, shamhraidh úd
Ní dheunfaidh mé dearmad dhe go d-téidh
trí shluaisde 'n bháis orm.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go d-
tainic siad chum cheudphroinne. Bhí an
mhias briste agus an leite sluigthe, sca¬
pa thart air an machaire, agus mise am'
shuidheadh air an m-bac ag caoineadh mar
bhean síghe.
B'éigin dóibh a bheith i n-deasbhaigh leite
an mhaidin sin, agus arán, uibheacha agus
baine d'ithe.
Acht 'nuair thainic an oidhche bhí dhá
cheann, air an tráinín agamsa; acht
beannacht Dé le h-anam mo mháthair mhór,
Caitilín Bhán ní Sheiriodáin, 'nuair a
thainic mo chúis air aghaidh, sheas sí suas
air mo shon mar dheunfadh fíor-dhlíghea¬
dóir, agus shaor sí mé ó'n m-bualadh a
b'fheárr d'ar thuill mé ariamh.
Slán leis an sean t-saoghal agus lae¬
thibh m'óige; tá mo dhaoine 'san g-cré in
Éirinn agus mise annso, a bh-fad ó bhaile,
ag troid air shon mo bheatha.
Go Saoruigh Dia Éire!
Mr. Edward Lynch Blake of Ballinrobe co. Ma¬
yo, writes, —
"I read in the Sunday Democrat that your Society
is teaching Irish. I have a large collection of MSS
Traditional Stories in the Irish Language. They
have been collected from the peasantry of the four
Provinces. Some of them were collected by my
father, and the remainder I have collected myself.
I thought I would be able to get them published
in book form but I regret that I am prevented by
illness. The stories have never been published,
and I think it a great pity that they should be lost
I have altogether 127, besides a lot of poetry, old
sayings and nursery rhymes. I will give you the
names of some of the stories. —
Macanna Mór. He was a prince in
the shape of a cat. The cat when dy¬
ing said, —
"Tabhair sgeul uaim a bhaile go Lead¬
aidhe na Luaithe gur mharbhuigh O'Ceallaigh
Rígh-chat na Cruaiche."
It is a long story and occupies about
twelve pages of foolscap.
An Ceannaighe Fionn; An Caisleán air
Sáile; Caisleán na Circe, a story of
Lough Corib; Caisleán na Caillighe, a
story of Lough Masg; An Conán Maol
An Mada Ruadh; An Chailleach Bheurach;
Mac Rígh Chonnachta agus an t-Éun
Ceóil Binn; Cú Bán an t-Sléibhe agus
Mada na n-Ocht g-Cos ; Mac Bran-Dubh
Rígh Laighean agus Cailleach na bh-fiacal
Fada; Noamh Pádraic agus na h-Ull-
phéiste; An Cú Dubh agus an Gearr¬
fhiadh Bán; Domhnall na Gréine; Púca
