AN GAODHAL.
841
píosa óir do Pháidín
Ann sin dubhairt an Púca. 'Tá sé 'n
am dhuit a bheith dul a bhaile lean mise"
Chuaidh Páidín amach in diaidh an Phúca
agus bhí dul a marcuigheacht air nuair a
thainic an gandal agus thug píobaidh úra
dhó. Chuaidh sé marcuigheacht air an b-
Púca agus ní rabh sé bh-fad d'a thabhairt
chum an áit ar bh-fuair sé é. "Anois,"
ar an Púca," téirigh abhaile, tá ciall ag¬
us ceol agat — dhá nídh nach rabh agat a¬
riam roimhe — agus má bhídheann tú inseo
san oidhche márach, bhéarfaidh mé go cnoc
Néifinn thú." Chuaidh Páidín abhaile, agus
bhuail sé aig doras a mháthar. D' iarr
an chailleach, "Cia atá in sin?" "Do mhac,
an píobaire is feárr atá in Éirinn, ag¬
us tá lán sparáin de ór agam dhuit."
D' éirigh an mháthair agus leig asteach é.
Ann sin thug sé an sparán dhi, agus
dubhairt, "Éist le mo cheol." D'fhaisg sé
na píobaidh úra air, ach in áit cheoil, shaoil¬
theá go rabh h-uile é agus gandal in Éi¬
rinn cruinnighthe a scriachaigíl. Mhúsgail
na cómharsanaidhe, ní rabh a leithide de
gháire in Éire roimhe is bhí aca d-taobh
Pháidín agus a phíobaidhe. Nuair a choisg¬
eadar ó na ngáire do chuir Páidín na
sean phíobaidhe air, sheinn sé ceol binn,
port i n-diaidh an phoirt, chomh maith is
seinneadh ariamh. Air maidin lá 'r na
mhárach, nuair i d'fheuch an mháthair air
na píosaighibh, ní rabh ionnta ach cnaipidh
gan lúb. Ann sin dubhairt sí, "A am¬
adáin, ní'l ann do phíosaighibh ach cnaipidh
gan lúb." "Tabhair dham iad," ar Páid¬
ín, "go m-beidh amharc agam ortha" Do
thug sí dhó iad, agus chuir sé smugairle
ortha, agus do righne ór buidhe dhíobhtha
Chodail an píobaire cúpla uair agus
nuair a mhúsgail sé chuaidh sé go teach
an t-sagairt, agus d'innis an sgeul ó
bhun go bárr dhó.
Níor chreid an sagart é gur chuir sé
na píobaidhe úr air, agus thainic sgreuch
na n-gé agus na n-gandal astu. "Tabh¬
air na píobaidhe dhamhsa," ar an sagart
Thug Páidín dhó iad, agus chraith sé braon
uisge caisrice ortha, agus air chasadh do
lámh righneadh gandal de ha píobaidhe.
"Téirigh a bhaile anois," ar an sagart,
"agus abair d'ornuidhe. Tá ciall agus
ceol agat."
Chuaidh Páidín a bhaile, agus níor bh-fad
gur phós sé bean. Ó'n am sin go bh-fuair
sé bás ní rabh aon phíobaire in Éirinn
chómh maith leis.
E. L. BLÁCACH.
TOBAR na h-INIGHÍNE CÚL-BHUIDHE.
Sgriobhtha air d-tús le Attí ní Bhriain,
agus aistrighthe do'n Ghaodhal ó 'n g-
"Catoiliceach Éireannach, páipéar breágh
tíreamhuil a cuirtear amach i m-Baile-
Átha-Cliath,
le
LAIGHNEACH.
I g-ceann de na h-áiteannaibh is sia
siar 'san m-barúntacht uaignigh úd Inn¬
se-uí-Chuinn i g-contae Chláir, suidhte i
ngleann beag a bh-fuil na cnuic barr-
bhuidhe 'na thimchioll ata an sean-tobar
beannuighthe "Tobar na h-Inighíne Cúl-
bhuidhe," a bh-fuil a uisge cuipeacha ag
gaiseadh amach as brollach na talmhan le
ciantaibh as cuimhne. Is iomdha la breagh
Earraigh do chaith mé go brionglóideach
air an áirse foluighthe le caonach ta ós
a chionn, nuair do bhidheadh on bhliadhain óg
ag córónughadh na g crann thart timchioll
leis an úr-dhuileabhar glas, agus ag déan¬
adh aisléine i bhog chaonaigh d'fhigheadh do na
carraigibh loma; agus ag cuimhniughadh in
aimsir órdha an t-samhraidh air shean-
steultaibh leath-dhearmadta an ionaid,
gan de thorann le clos san uaigneas
ma g cuairt acht dordán f na m-beach a¬
gus cogar siosarnach l an duilleabhair air
luasgadh.
Do thugaidís oilithrig j o' áitibh iomdha
turuis air an tobar, agus iad lán de
chreideamh daingean aig iarraidh léighis
do gach uile shórt aicíd, agus bhí sé dhá
luadh féin cadorra go bh-fuair duine do
bhí dall ó bhroinn a radharc air ais le ú¬
said a dhéanadh de 'n uisge míorbhuil¬
teach. Do déantaoi ofrailínidhe beaga
as cuimse I d'fhagbhail aig an áit naomh¬
tha so — ait a mhairfeas chomh fada le
cumhne na na h-Inghíne úd — ceann de na
h-inighine dob ailne do bhí aig Éirinn a
riamh agus air a bh-fuil meas naomh aig
(Le bheith ar leanmhaint.)
i shroud. f hum. l murmuring. j pilgrims.
I out of number, countless.
We are run out of accented as.
