(2)
7Mhadh Rol. Uimh. 2.
GIONBHAR,
1889.
I g-cathamh na míosa seo fuaireamar
misneach mhór o chongantóiridhibh an Ghao-
dhail ins gach ceárda de'n tír, Easboig,
sagairt agus tuattha ag rádh go n-deun-
faidís a n-dhithchioll le cúis na Gaodhail¬
ge leathnughadh. Gidheadh gur mór an t-
ádhbhar ríméid é seo — ⁊ támar rímeudach
as — ní'l na h-Éirennaigh seo ag deunadh
ach an nidh atá oibliogháideach ortha, mar
Éireannaigh, do dheunadh Mar dubhra-
mar go minich, ní'l aon t-sochar dhúinn-ne
san nGaodhal — ní iarramuid aon t-soch-
ar as. Go d-tí seo chailleamhar suim
mhór de mhaoin agus d'aimire leis — níos
mó, do réir an chosamhlacht atá in ar d-
timchioll, ná chaillfeadh aon fhear eile sa
tír.
Tá AN GAODHAL anois air a bhun
go daingean agus ní'l beann aige air
éinneach — s. s., a námhaid, agus, nach h-
iongantach le rádh é, bhí go leór acu aige —
an cineál sin, faraoir! atá g-comhnuidhe
farsaing, ce d'iompóchadh Éire faoi 'n t-
sáile dá bh-fághfaidís, buntáiste saoghal-
ta as.
Ach anois ó thárla go bh-fuil an Gaodh-
al as cumhacht a námhaid agus go bh-fuil
cúis na teangan buaidheach, tig leis a
mheura a smeacheadh ag na ruidínighibh
suarach ce shaoil a ghoinneadh, agus a dhul
air aghaidh a g-cúis mhór na h-Éireann.
Deunach gach duine a dhithchioll an Gao-
dhal a sgeitheadh cho maith as is féidir a
dheunadh. Cia'n fáth a g-cuirtear páipeur
ar bith air bun? Le cúis éigin a thabhairt
faoi chomhair na n-daoineadh. Agus nach
bh-fuil sé dlíghte de'n mhuintir a deir go
bh-fuilid dithchiollach a saothar na cúise
sin a b-páipeur a sgeitheadh go fóirleath-
an air fud na tire. Muna n-deunfaidh
siad seo ní thig leo a rádh go bh-fuilid go
fírinneach a saothar na cúise.
Ní'l cineadh faoi 'n gréin níos faill
ighe d-taobh a d-teangan ná cineadh na
nGaodhal. Cad fáth? I n-aineolgacht!
