MO MHÁIRE 'SAN bh-FLAITHEAS.
By "Pádraic."
Do chonnarcas í aon uair amháin.
Bhí sin go leor;
Oir ins an radharc sin bhí mo dhán,
'Gus cúis mo dheor.
Ba shíos in iachdar cúige Múmhan;
Do casadh liom mo mhaighdean chiuin —
O! béidh a cuimhne liom go buan.
Mo mhíle stóir!
'Nuair d'fheuch mé air a cuma fíor,
Gan bhéim gan locht;
Do lasad teine grádh go fíor
Astuigh in m' ucht.
A cuma, bhí cho lán le stuaim,
'Sé ghoid mo chiall 's mo chúmhachd uaim,
'Sé d'fhág mé timchiollta le gruaim
Mar táim anocht.
'Sí lonnracht súile duibh' mo rúin
Do loit mo chroidhe;
'Sí d'fhág mé cloidhte, chráidhte, ciuin,
Gan suan, gan síoth;
'Sí d' fhág mé cromtha síos le brón,
'Sí d'fhág mé sean roimh' theacht mo nóin,
'Sí d'fhág mé gan aon dúil 'san domhan
Go bráth, a choidhch' !
A bh-facadh sibh ariamh 'san spéir
Air uair meádhon-oidhch',
Aon reult ag lasadh suas an aeir
'San talamh faoi?
Acht 'nuair a thuiteann uirri smál,
Ní'l solus ins an spéir le fághail,
Mar sin atá mo shaoghal faoi sgáil, —
Mar sin mo shlíghe.
Acht tigeann oidhche thart arís,
Tar éis an lae;
'Gus soillsigheann an reult seo síos
'Go h-áluin, glé.
Acht ní mar sin a tá mo chás,
Ní thiocfaidh reult mo chroidhe air ais,
I ngruaim béidh mé go lá mo bháis,
'S is geárr uaim é.
Ní bh-fuil mo laethe bh-fad, — faraoir!
Ameasg na m-beo;
Gan mhoill béidh m' anam sgaoilte, saor
O ghleann na ngleo.
Oir cluinim spioraid ghlan mo ghrádh
Ag glaoidh o'n bh-Flaitheas, 'gus a' rádh, —
"Annso ní'l sgaradh, brón no crádh,
Acht sógh go deo."
The Record of the Catholic Benevolent Legion
publishes the following earnest invitation to Irish
Americans to join the Legion. And in reproduc¬
ing it in the GAEL, we avail ourselves of the op¬
portunity to thank the editor of the Record,
Counsellor John H. Kuhn, for his very flattering
reference to the GAEL and to us. The Legion is an
organization which all Irish-Americans should
join. The office of the Record is at 26 Court St.,
Brooklyn, N. Y.
CUIREADH DIONGBHÁLTA.
Thríd an tír mhór, ghlórmhar seo, ó
fhairge go fairge, in gach uile treud,
ce b'é a bh-fuilid láidir agus saidhbhir
no fan agus i streachlach air thóir
dín; ce b'é áit i n-deárnaidh leath-
dhoisín bunadh, cliste do chreideamh
ar n-athrach, a n-áras agus ar thóig¬
eadar altóir, in sin is mian linn
Cómhairle do'n t-Sluadh Deághaigneach
Coitiliceach a chuir air bun.
Is Ord é seo a thóruigheas an saidh¬
bhir agus an daidhbhir; an fear óg
agus é seo a thug tonn d'a aois; an
fear-léighin agus an te nach rabh uain
aige fóghluim d' fhághail, a cheangal in
aon locadh brathaireamhail amháin.
Ceangailte i g-Creideamh, Dóchus
agus Grádh, tá baill an chumainn seo,
déantadh suas le fearaibh as gach h-
uile náisiún, air aon mhian 'san saoth¬
thar puiblighe seo in a bh-fuilid ag oib¬
riughadh go dithchiollach.
I d-teangain Éireann ársa, tá
bróid mhór orrainn a bheith ionann
cuireadh a thabhairt chum an chumainn
óig seo do shliocht na muintire cé,
ins na bliadhantaibh atá thart, thóig¬
mar róghain díbreachd do thruailligh¬
eacht; d' iarr coimirce ins na cuan¬
taibh seo, cho maith leo seo a thainic
chugainn ó'n Oileán Glas le n-a neart
agus le n-a m-beatha a thabhairt do
shaothar na tíre seo.
Le mór chionamhlacht agus le mór
cháirdeamhlachd a thugas Foilseóir An
Buanchuimhne an cuireadh seo do
mhuintir tíre athar a mháthar, lán-
chinnte i bh-feidhm agus in m-buanacht
an chumainn seo, mar atá sé eolgach
air a fholladh ó cuireadh air bun é.
ársa na h-
