AN GAODHAL.
851
calma, árdeagantach an mac. Bu cail¬
ín donn áluin an inghíon; agus an t-amh¬
arc doimhin meabhruightheach úd na shúilibh
a réimhinnseas, deirtear, bás go n-óg.
Bhí grádh, agus adhradh beagnach, uirthi aig
a h-athair agus a threibh go léir. Bhí sí
mar bhainrioghain ós a g cionn uile — 'gá
riaghlughadh leis an g-cumas doifheicsiona
sin bhidheas i g-comhnuidhe aig inntinn lái¬
dir dhaingin ós cionn intinne fuadaraighe
mí-riaghalta. Do luadhadh í le Gríobhtha,
taoiseach óg eile sa g-cómhursanachd a¬
gus bhí an ceangal so naomhuighthe aig
fíor-ghrádh d'a chéile; ní raibh siad ag
fuireach acht go d-tiocfadh an t-Árd-
draoi chum an pósadh do chríochnúghadh.
Bu gheal ciuin an trathnóna é i mí-
mheadhain an fhoghmhair, agus do réir mar
chaill an spuer ghorm a lonnracht, bhí sé
d'a fholughadh ag dathaibh & ag líthibh dia-
mhaire, a líonfadh croidhe an bhreathnuigh-
theóra le córruigheachtaibh neimhchinnte
neimhdhealbhtha. Bhí na realta — grianta
domhan eile nach n-ainmnighthear — sgap¬
tha thríd an machaire neamhdha so; agus
do bhreathnuigh an ghealach anuas air a
dealradh féin in uisge ciuin an tobair.
Do bhí an taoiseach, in éinfeacht le n-
a mhac féin agus Gríobhtha as baile ó
mhaidin ag sealgaireacht an charr-fhiaidh
a measg na sléibhteadh fraoich. Agus
anois air an taoibh thall de chaisleán
Mhic Ghamhna, chloisfeá glaodh mear an
ghadhair agus adharc na sealgairidh ag
teacht a bhaile Sheas Fíola le geata an
chaisleáin ag feitheadh air a grádhuigh¬
theóir, agus i g-ceann tamhaill, meallta
amach aig spiorad na h-oidhche, shiúbhal sí
go seachránach i solus ómra na gealaighe,
agus air n-dul treasna an fhéir bhláthach
síos do'n ghleann chiuin, shuidh sí síos go
neamhshuimeamhail ag an tobar.
Le cumas na h-oidhche naomhtha ciuine
sáimhe, dúiseadh innte smuainte air an
am neamhaithnighthe neamh-nochtuighthe le
teacht, agus gan fhios dí féin, do labhair
sí amach iad.
"Dob áluinn í gnúis mo mháthar," chog¬
air sí, "agus do h-aiththeilgthí a h-áilneacht
ó'n uisge ceudna so, uair. Anois tá
mo ghnúis fhéin d'a h-aiththeilgeadh, ach cia
an fhaid? Agus feuchann an ghealach
chiuin anuas gan athrughadh fós. O! dá
bh-fuighmís marthuinn go deo!"
"A inghíon," dubhairt guth a láimh leithe,
"do rugadh thú le bheith síoruidhe, agus tig
leat féin an t-síorruidheacht sin a dhéan¬
adh seunmhar nó leunmhar."
Do léim an inghíon suas na seasamh,
agus d' fheuch sí le pusaibh sgartha air
an duine oirbhidineach do bhí os a coinne.
"O!" ghlaogh sí, "is tusa ceann de na
Críostuidhthibh fuathuighthe. Nach feasach thú
gur bás do dhíol má faghthar annso thú?"
"Is feasach mé sin, a Inghíon," d'fhrea¬
gair sé. "Acht do thóig ar Slánuightheoir
ar nádúir daonda air féin agus a fhíos
Aige go n-déanfuidhe iodhbairt fhuilteach
Dhe; agus cad chuige a bh'eagal liomsa
mo bheatha shuarach a chur a g-contabhairt,
dá bh-feudfainn aon anam amháin a ghnó¬
dhachan as dorchadas no Págántachta?"
Annsin, faoi ghaethibh tuilteacha na
gealaighe, i d-taoibh uisge chogaraigh an t-
sean-tobair, righne beatha cheannsa ar
Slánuightheora, agus a bhás leor-ghníomhach
a chraobhsgaoileadh do chluais na h-inghíne
Págánaighe.
"O, ní fheudaim bheith ag éisdeacht
leat," a bhris sí amach, " agus tú i m-
baoghal báis gach uile mhóimeud. Ní
chreidim a n-deirir liom, gidh go g-corr¬
uigheann tú gach uile chuisle de'm chroidhe.
Acht sábhálfad thú más féidir liom é —
lean mé."
Do ghéill an soanduine dhí, óir chual¬
aidh sé glór na luchta seilge aig teacht
a bhaile aig briseadh ciuinis na h-oidhche.
Do threóruigh Fíola tamall beag as sin
é go sean-bhothán i léig, foluighthe aig na
carraigeachaibh agus ná sgeachaibh do bhí i
d-timchioll air.
"Leig do sgíth annso, a sheanduine,"
ars an Inghíon, "Ní thig liom thú thabhairt
go fasgadh níos feárr anois; feuchad a
m-beidh d' easbhadh ort a sholáthar dhuit
annso nó go bh-feudfair dul air ais chum
do mhuntire féin."
Do leag an sagart a lámha air a
ceann, chrom sí faoi bheannacht an Chríos¬
tuidhe, agus d'imthigh sí chum siúbhail.
D'eulaigh seachtmhain thart, agus bhí
