852
AN GAODHAL.
athrughadh air inghíon an taoisigh. Níor
bh' í anois is túisge ráinig ag altóir an
Draoi. Do réir cosamhlachta bhídheadh sí
báidhte i smuintibh dubha, agus bhídheadh sí
ag dearcadh asteach ins an domhan mór
tháll leis an amharc imchianach in a súilibh
móra inntleachdacha. Níor lean sé ní ba
mhó an t-sealg air na cnocaibh gaothmhar¬
a; ní raibh sí le fághail i lár na rince
meudhraighe ná an aoibhnis do bhí air bun
anois de bhárr an phósta, óir bhí an Draoi
tar éis teachta, agus lá air na mhárach
ba bhean-phósta a grádhuightheora í.
Bhí grian an tráthnóna ag dul faoi
san bh-fairge lonnraigh, agus bhí na
feoithne úr ag tógbháil suas ceann ísligh¬
the na m-bláth seargtha. Bhí sláinte an
chúpla óig dá h-ól ins an g-caisleán as
cornaibh lán-doimhine; bhí Fíola ag clao¬
nadh air ghualain a rúin agus é ag cog¬
aradh le n-a cluais briathar mealltach an
ghrádha, ag dealbhadh dhí, le muinighin shim¬
plighe na h-óige, na h-aimsire rómpa, do
bhí siad le cathadh i bh-fochair a chéile."
D' éirigh torann na n-óladóir níos
[Le bheith ar leanmhaint.]
Glossary, —
pronunciation.
tuaithe, peasantry; thoo-yah.
imnidhe, anxiety; imnee.
cearnaidhibh, corners, districts; karneev.
sáruigh, overcome; sawr-i.
dorcha, gloomy; dhurcha.
searmóntuidhe, preachers, sharmónthee
paisde, tract, piece; poish-de.
danardhacht, cruelty; dhanurucht
iompuightheoir, converts; umpy-ho-ir.
dosán, bouquet; thus-awn.
chóimhthionól, community; co-hinn-ole.
neabhruightheach, contemplative; navreeuch
diamhaire, mysteries, shades; dheewir-e
breathnuightheóra, watchers; brahnyhóra
carr-fhiaidh, red deer; kur-ee-a.
neamhshuimeamhail, listlessly; navhimooil
aiththeilgthí, reflect; ah-hlig-he.
oirbhidineach, venerable; uirvidnach
díol, doom (in this instance); dhee-ul.
leor-ghníomhach, atoning; lhore-yneevach
i léig, in ruins;
imchianach, distant;
feoithne, breeze;
dealbhadh, sketching.
Phila. Pa. Jan. 1889.
To the Editor of the GAEL.
Dear Sir — The following translation of Dr.
Cahill's famous sermon on the Last Judgement,
delivered in St. Peter’s Church, New York, Sun¬
day Nov. 29th 1863, will afford a further addition
of Gaelic prose to the readers of the GAODHAL. To
translate with any degree of accuracy and cor¬
rectness such an eloquent and learned discourse
as this sermon undoubtedly is, would require the
ability and experience of something more than a
mere novice in Gaelic literature. But I trust that
whatever annoyance may be caused by the im¬
perfections of the translation, the readers will be
amply compensated by having in the idiom and
under the garb of their beautiful native language
such incontrovertible facts and positive truths as
are so vividly portrayed in this beautiful Ser¬
mon.
For the benefit of those commencing the study
of the language, my desire was to have it as lit¬
eral as possible; and for that reason, I have, as
far as the genius of the language would admit,
translated it word for word into corresponding I¬
rish ones, with the exception of very few words,
which I considered, would, if translated, appear
to be superfluous. Even the tenses of the verbs
in the original are to a great extent reproduced by
corresponding Irish ones. While at the same
time I have tried to render it as idiomatic and as
close to the spoken language as the conditions of
the case would allow.
P. J. CREAN.
SEANMÓIR air LÁ AN BHREITHAEMH¬
nais.
A Bhráthaire ionmhuin — Ní bh-fuil a bh-fo¬
cal Dé aon nidh atá taisbeánta dhúinn
cho soilleurtha breágh, ana ádhbhar fait¬
chíos chomh mór, agus na dhiaigh sin, na ádh¬
bhar luthgháire cho do-choimsighthe, na Sois¬
geul an lae n-iudh atá anois léighte agam
dhíobh. Ní'l fios aig duine cia 'n nidh is
iongantaigh air an lá uathbhásach seo; ce
b' é a smuainimid air dheireadh an t-
saoghail, no air chascairt an domhain no
air chomhchruinniughadh sluaghtha gach h-uile
náisiún go gleann Iosephet, air sdáid
an dream dhamanta no glóir na muin¬
tire beannuighthe — na dhiaigh sin, dha mheud
an t-ádhbhar iongantais an méid sin,
leaghan siad ó'n ar radhairc anuair a
curtar iad a g-comórtas le cumhacht
Dé air an lá mór seo, na shuigheadh air
A chathaoir rioghamhuil agus aingle 's
naoimh na bh-flaithis gach uile iona thim¬
chioll. Is sé an lá mór é atá ceapuighthe
a bh-flaitheas chum buaidh an t-subháilce
as cionn an dubháilce a árdmolladh, ag¬
us cumhacht an t-Slánuightheora as cionn
an diabhail. Is sé an la is uathbhásaighe
