862
AN GAODHAL.
inghíon 'na seasamh, chogair sí rud éigin
tré n-a pusaibh, agus chuaidh sí amach air
an dorus sé shoillsighthe, thar an bh-fraoch
dealrach, gan stad go ráinig sí tobar
an t-sléibhe. Bhí an sagart ann roimpi.
"Deun deifir, a athair," a ghlaodh sí,
"ní 'l acht seal geárr againn ; leig mé a¬
steach i g-cró an Té Naomhtha. O! an
fhaid a's tá an t-am againn tabhair dham
an brat-pósta le h-aghaidh bainise Chrí¬
ost." Righne an sagart mar ba toil
léithe, dhóirt sé an t-uisge air a ceann
agus d' éirigh sí arís 'na leanbh glan
neimhchionntach aig flaitheamhnus Dé.
"Anois bhí aig teitheadh," chogair sí,
air maidin andiu do chonnaic mo theagh¬
lach thú, agus sul a m-béidh uair dhe chlog
caithte tiocfaidh siad agus an draoi 'na
cheannphoirt orra, le d' anam a bhaint
dhíot. Teith, sul a n-déantar dunmhar¬
bhuightheoir díobh sin is ionmhuin liom. Tá
slighe agam a chuirfeas d' fhiachaibh orra
thú d' fháiltiughadh air air chuca, acht ní 'l
am agam anois í mhíniughadh dhuit Fág
d' aibíd agam mar comhartha cuimhne, a¬
gus go d-tugaidh Dia naomhtha na Chríos¬
tuidhtheadh slán thú. Éist! anois féin
tigid, imthigh!"
Chualaidh an sagart gutha árda tam¬
all uaidh ; ní raibh am aige le smaoin¬
eadh; & n-déidh a bheannacht fhágail go sol¬
lamanta aig an anam nuadh-shlánuighthe,
d' imthigh sé leis.
An lá roimhe sin, chonnaic ceann de
threudaidhthibh an taoisigh é, le linn bheith
aig urnuighe, agus cuireadh daoine dá
fhaire ionnus nach rachadh sé as nó go d-
tiocfadh an sagart págánach.
Líonta le teasuidheacht i n-déidh bheith
aig itheadh agus ag ól, tháinic an draoi,
Gríobhtha, agus an taoiseach agus muin¬
tir a theaghlaigh, síos air an ngleanntán
ciuin le breith air an g-Críostuidhe grái¬
neamhail, agus iad ag dúiseacht le n-a
nglór mac-alla tosdach na g-cnoc im-
chianach. Ní raibh sé san ngleann: le
gárthaibh garga scap siad fá 'n g-coill
dhá lorg & d' fhan an draoi & an taois¬
each aig an tobar go d-tiocfaidís air
ais. Ní raibh siad a bh-fad ag fanacht —
chonnaic siad beirt fhear ag teacht chuca
ag sracadh an t-sagairt fhaitigh leo gur
sheas sé ós a g-coinne agus a náimhde
go h-uile 'na thimchioll.
Chuaidh a ngártha borba maoidhteacha
suas thríd an aer gorm. Bhí cuid acu
glaodhach amacch é shracadh go h-altóir an
draoi, cuid eile ag fiafuighe cad chuige
a raibh siad ag déanadh moille.
Chuaidh Gríobhtha asteach de léim i g-
ceartlár an t-sluaigh agus dubhairt:
Tugaidh do 'n t-seanduine aon fhaill
amháin air a anam a shabháil le teacht in
ar measg, agus le h-iodhbhairt a dhéanadh
d'ár n-déithibh masluighthe. Éist! a choimh¬
thighigh, sábháil fuighioll do shaoghail, sal¬
tair air an g-crois sin ad' láimh a n-
deirtear gur ab comhartha do creidimh
í, agus saorfar thú ó bhás cruaidh.'
Ní bh-fuair sé aen fhreagradh ; do thóig
an sagart an chrois fá na chochall, phóg
sé í, chonnaic siad, le gáirdeachus.
Do rith easgaine gharg thríd an bh-fáin¬
ne daoineadh do bhí timchioll air. Is
iomdha lann do lonnraigh fá ghaethibh na
gealaighe, acht bhí scian an draoi róm¬
pa go léir, sáitthe gan toirmeasg i m-
brollach an t-sagairt. Annsin do clui¬
neadh gleo mór air an taoibh amuigh de'n
Le bheith ar leanamhuint.
Glossary.
cróna, brown, krownah.
ré-shoillsighthe, moon-lit, re-hollshe-e.
cró, fold, crow.
sallamanta, solemnly, salmauntha.
masluighthe, offended, moss-lhu-he.
chochall, cowl, koch-uhl.
This will be concluded in the next
and we would recommend the readers
to preserve their copies.
Let each reader try to get a few sub¬
scribers among his friends.
It would be an excellent thing for those studying
Irish to carry on a correspondence with one anoth¬
er in Gaelic by postal cards. It would also be a
means of advertising the Gaelic movement.
DONAHOE'S MAGAZINE, Devoted to the Irish
Race at Home and Abroad. — Address
PATRICK DONOHUE, Boston, Mass.
