AN GAODHAL.
863
SAN PHROINSIAS, MÍ DEIRE
Na Bliadhna, 1888.
A Shaoi Chóir :
Fáluighthe le seo,
deónuigh aon dollaer amháin a b-páipéar
tírthamhuil d'fhághail air shon An Ghaodh¬
ail air feádh na bliadhna so chugainn.
Ba chóir dam cúntas éigin a chur chugat
timchioll ar sgoile Gaedhilge, óir is dóigh
liom go m-ba ró-mhaith leat-sa agus
léightheoiridhibh An Ghaodhail go m-beidheadh
ní amháin sinn-ne, acht gach aon rann d'ár
g-cineadh air feadh an domhain atá ag
fóghluim na Gaedhilge agus leis sin ag a
thabhairt air ais, ag deunadh go maith;
acht 'sé mo bharamhuil go g-congbhaigheann
an Saoi Mac an Bháird thú cómhairlighthe
air neithibh 'nár measg gur fiú d'innsinn.
Agus go deimhin, is ball maith agus ús¬
aideach d'ár g-cumann-na an duine uas¬
al ceudna sin; óir anuair a bhidheann
aon chonspóid eadrainn tré cumhachd
riaghluighthe an fhocail achranaigh sin "chum"
nó rod air bith eile, buaileann sé suas
ceann de na sean-phortaibh chroidheamhla
san d'fhóghluim sé 'na óigeachd cois na
teine, cuideachtaighthe le foclaibh milise
Gaedhilge cumtha le chéile le filidhibh eal¬
adhanta na laetheadh tá thart; agus tré
binneas agus draoidheachd na n-abhrán
san tigid ár g-céadfátha air ais chug¬
ainn fá cheudóir, agus bímíd ceannsach,
grádhmhar agus fíor-bhráthaireamhail le
n-a chéile a n-aon uair mó Acht mar
nach bh-fuil aon nuaidheacht air fóghnamh
agam le sgríobhadh anois, cuirim chugat
sgeul beag do thárla liom féin a n-am
fad ó anuair a bhídheas óg, agus go
deimhin duit, a Shaoi, is iomadh lá fada
chuaidh tharrainn ó'n tam san.
Maidin bhreágh earraigh timchioll mío¬
sa no dho taréis oidhche na gaoithe móire
mar do bhídheas ag dul go margadh an
Chaisleáin Nuaidh, do shiúbhlas go réidh,
socair ó dheas fá bhóthar Bhaile-Aodhgáin
ag éisteacht leis na h-éinibh ag seinm go
milis air bárraibh crann a bhí ag fás go
tiugh air gach taoibh de'n bhóthar agus a
ngeuga duilleógacha ag teacht le chéile a
n-áirde ag deunadh parrthas de'n áit, —
crainn a bhí ag fás air thalamh ba chóir go
m-bainfeadh liom-sa nó dom' leithéid, acht
anois, faraoir! baineann le sliochd Mhur¬
cha na d-tóiteán no Riocaird na g-ceann,
no sliochd iompadórach gránda éigin
eile mar iad do mheall agus thréig Éire
bhochd anuair a bhí sí ag troid go dian
chum a saoirse chongbháil.
Air n-dul air aghaidh dham go sámh,
socair am' aonar ag machtnamh air dío¬
mbuanas neitheadh somharbhtha an t-saogh¬
ail seo, do thárla liom feuchain siar a¬
gus chonnairc mé Nioclás de Long,
ceann dem' chómharsanaibh, ag siúbhal le
deibheadh am' dhiaigh agus d' fhanas leis
gur tháinic sé suas liom. Tar éis mal¬
artuighthe na m-beannacht ngáthach dhúinn
d' iarr sé dhíom cá rabhas ag dul. "Go
d-tí 'n margadh," ar mise. "Is maith
liom sin," ar Nioclás, "óir táim-se dul
ann leis agus beidhmíd mar chuideachtain
d'á chéile. Cad tá uait ann, a Sheághain?"
ar se-sean. "Atá bó bhainne uaim," ar
mise. "Is iongnadh liom," ar sé, "go g-
cuirfeadh d'athair duine chómh óg agus
tá tusa air teachdaireachd chómh trom-
san." "Ní raibh aon leigheas aige air,"
ar mise, "óir tá sé féin agus mo dhear¬
bhráthair is sine síos le fiabhras; tá mo
dheirbhshiuir ag dul go tigh an t-sagairt
a n-diu chum fear do phósadh, agus bhí sé
d'fhiachaibh air Dhómhnall, mo dhara dhear¬
bhrathair, dhul léithe chum í tabhairt suas;
agus d'fhág sin mise le bheith an t-aon
duine fágtha chum an teachdaireachd so
a dheunadh; agus a n-aon mhódh tá muin¬
íghin go leór ag m'athair air mo ghliocas
chum bó mhaith a thogh. Bhí bó an-mhaith ag¬
ainn thríd an ngeimhre, acht gortuigheadh
ceann d'a cosaibh oidhche na stoirme, ag¬
us tá sí dul as a bainne gach aon lá ó
shoin go d-tí anois ní thugann sí deór
air aon chor uaithe." "Is maith an buach¬
aill thú, a Sheághain," ar Nioclás, "agus
má chídheann tú aon bhó ag an margadh a
n-diu do thaithneóchadh leat, beidhead-sa a
n-gar duit agus tabharfad congnamh dhuit
í do cheannach. Acht dar go deimhin níor
innisis dam fós cér bh'é an fear úd do
phós do dheirbhshiuir" "Mac mic Thomáis
fhada ui Bhriain ó Chnoc Fírinne, ar mi¬
se. "Tomás óg ó Briain! an eadh?" ar
sé, le h-iongantas mór. "Is maith an
