864
AN GAODHAL.
aithne atá agam-sa air mhac a athar ag¬
us a mháthar mhaith féin, agus ní'l aon
amhrus air domhan agam air a fheabhas
chum céile mhaith do dheunadh."
Air ngluaiseacht air aghaidh dhúinn d'
iarr sé dhíom an raibh aon sgeul nuadh
agam dó. Ní'l nuaidheacht air bith agam
le h-innsinn duit," ar mise, " acht go bh-
fuil an t-athair Maitiu ag dul air aghaidh
go buadhmhar le cúis na measarachta; tá
Dómhnall Ó'Connaill ag tagradh le díog¬
ras air ath-ghairm na cóimh-cheangaile; a¬
gus tá tráchd go m-beidh an féis láthair¬
each briste suas go goirid, agus go m-
beidh an tighearna Seághan Ruiséal togh¬
tha os cionn na féise nuaidh." "Go dei¬
mhin, a Sheághain, is sé mo bharamhuil slán
duit gur cuma dhúinn-ne agus d'ár g-cin¬
eadh cia aca Píel nó an Ruiséalach a
bheidheas suídhte 'san g-cathaoir sdáid¬
eamhuil sin, is mar a chéile dhúinn iad, a¬
gus gach Sacsanach eile aca chómh maith.
Tá ár d-talamh aca ; tá ár léigheann tóg¬
tha uainn leó; tá ár d-teanga beag nach
imthighthe, agus teanga na m-buaidhteóra
ann ár m-beulaibh; agus chómh fíor agus
tá tusa agus mise ag cómhnuidhe i d-
triucha céad íochdarach uí Chonnaill Ghabh¬
ra, chómh fíor-san ní chídhfidh aon againn
riam aon mhaith deunta d'Éirinn leis an
tíorghrádhuightheoir mheisneamhuil sin,
Dómhnall Ó Connaill, nó aon tagarthóir
Éireannach eile, is cuma cia h-é."
Timchioll an ama so tháinic mian orm
féin gal tobac a chaitheamh, & chuadhas as¬
teach chum botháin bhig a bhí cois an bhóthair
chum spré a chur am' phíopa; mar do bhí
dailtíneachd ameasg na n-aos óg an uair
sinn chómh maith agus tá a n-diu. Mar do
chuadhas asteach cé chídhfinn acht bean mheá¬
dhon aosda suídhte cois na teine ag luas¬
gadh cliabháin ann a raibh beirt leanbh 'na
g-codladh. "Go m-beannuigh Dia annso
'steach," ar mise léithe. "Go m-beannuigh
Dia agus Muire dhuit, a shaoi," ar sise.
'Thángas asteach," ar mise, "chum mo
phíopa do lasadh, a bhean uasal, ma 'sé
do thoil é." "Tóg é le fáilte," ar sise.
Chromas síos agus bheireas air fód mó¬
na a bhí leath-dhóighte agus las mé mo phío¬
pa.
Air leagan mo shúl air an g-cliabhán
dam, dubhairt mé : "Is breágh na leinbh
iad so atá tú ag oileamhuin, a bhean mha¬
cánta, bail ó Dhia ortha." "Tá siad go
meódhanach," ar sise. "An leat féin
iad?" ar mise. "Ní liom," ar sí, "acht
is clann clainne dham iad agus is chlann
do lánamhain an tighe seo iad, agus ní'l
aon ghaol agam-sa le lánamhain an tighe
seo." "Maiseadh," ar mise, is greann¬
mhar agus is achranach an cheist í sin má
's fíor í." "Tá sí fíor agus ceart," ar
sise, "agus do réir dlighe Dé agus duine
mar d'inneósad duit air an m-ball."
"Ná innis aon nídh d'á shórt dam, má 's
é do thoil é," ar mise, "óir beidh fonn a¬
gam ag a réidhteach;" agus air rádh sin
dam thógbhas mo chead agus bhuaileas a¬
mach an dorus, agus suas liom an bóth¬
ar gur tháinic me suas le Nioclás a bhí
ag siúbhal go réidh ag fanamhain liom.
Thugas an cheist dó air an móimeint, acht
ní raibh an focal déigheanach acht go tearc
as mo bheul go raibh sí réidhtighthe aige.
Cuirim míniughadh na ceiste seo chug¬
at, a Shaoi, ionnas dá m-b' áil le h-aon
de léightheoiridhibh an Ghaodhail iarrachd a
thabhairt air í d'fhuasgladh agus gan a
bheith ádhmharach, go m-b' fhusa dhóibh é d'
fhághail uait-se fá dheoigh dá m-ba mhaith
leó é Agus anois leigfead as, ag mian¬
ughadh dhuit maitheas na n-aimsir.
"SEANGHUALAINN."
a dheargadh
If any of our readers has no. 6 and 7 of vol.
6 to spare, we hope he will send them to us. Mr.
John M. Tierney of San Juan wants no 6, and
Major Maher, of New Haven wants no. 7. to com¬
plete their respective volumes.
Let no one say that he cannot learn the Irish
language. There is no difficulty about it, we
have a sample of how Mr. T. O'N. Russell wrote
Irish ten years ago, and yet he is a tolerably good
writer of what is called classical Irish to-day. We
shall give in the next issue samples of what Dr.
O'Duffy, who is now a professor, and other Irish
scholars in New York City, wrote some seven
years ago, and they are now the best Irish schol¬
ars in the country, and are able to take charge of
a Gaelic department in any newspaper.
The Mugwump papers ; laudate ex President
Cleveland's public policy and commend it as a
pattern for President Harrison to follow — Hardly
President Harrison may desire a second term.
