
(4)
7Mhadh Rol. Uimh. 4.
IUIL,
1889.
NUADHACHT NA MÍÓSA.
Ní'l mórán le rádh againn san dul-
thaobh seo anois. Dúbhramar a rabh le
rádh againn a d-taobh marbhúghadh an Chró
nánaigh a m-Béarla agus ní'l aon mhaith
a bheith da aithrist arís. Ach a bh-fuil sé
marbh? Cia 'r b' as ar thainic meur na
mná a fuaireadh san súmaire a n-éin-
feacht leis an g-corp? Ca bh-fuil an co-
lann ar bhain an mheur sin leis? Cad
fádh ar baineadh an t-eudach de'n g-corp?
H-aithneóchaidhe an t-eudach, sin é an fágh
Maidir leis an Uan Dé, cuireadh air
an g-corp é sin go m-beidheadh sé le rádh
go m-budh Caitiliceach maith é agus go
m-budh de'n chreideamh ceudna a mharbh-
theóra.
Anois a d-taobh an Ghaodhail ⁊ saothar
na teangan. Dá gcuirfeadh an mhéid a
tá 'nan na focla seo a léigheadh rómpa
é budh thig leis an nGaodhal a dhul amach
gach mí go beacht. Ní iaramuid ortha a
lámh a chur ann a b-póca, ach iaramuid or
tha a dhul thré na g-comhursanaighibh agus
cuidiughadh iaraidh do shaothar na teang¬
an. Deirtear nach d-tigeann sé 'mach
go puinnteálta gach mí: Creud a chuir-
feadh amach é? Bh-fuil sé oibliogáideach
orrainn-ne ar lámh a chur ann ar b-góca
thair aon Éireannach eile? Dúbhramar
san g-ceud chóibh de'n Ghaodhal ocht m-blia-
dhana ó choin go mairfeadh an Gaodhal cho
fad as mhairfeadh muidne; deirmid a-
rís é. Ach más mian le Éireannaighibh é
dhul amach gach mí go beacht caithfid an
cosdus íoc, agus ní mór é.
Tar éis an rádh, seo tig le Éireann-
aighibh deunadh mar is áil leo. Má's
mian leo an teanga a shaothrughadh caith-
fid oibriughadh san saothar; agus caith-
fidh an beagan ata 'g oibriughadh foighid
a beith acu. Tá ádhbhar amhain ríméid
againn — go bh-fuil an t aos óg a fóghluim
na teangan san scoil sa m-baile.
thiocfadh
a theacht

