874
AN GAODHAL.
"Ní mheiltfidh muilionn go deó.
Leis an uisge d'imthigh faoi."
Uch! uaire diomailte 'r m-beatha,
Táid imthighthe uainn air fad;
Uch! an mhaith b'fhéidir bheith deunta!
Imthighthe, caillte gan cnead!
Grádh b'fhéidir linn shábháil lá,
Le aon fhocal caoin 's tláth!
Smuainte deunta, gan a rádh,
'G eugadh, gan chlos go bráth!
Glac an sean-rádh ann do chroidhe;
Glac, 's beir air le neart:
"Ní mheiltfidh an muilionn choidhch'
Leis an uisge chuaidh thart."
Uch! grádhuigh do Dhia 's do chinneadh —
Meas thú fhéin n-diaigh do ghaoil,
Óir tiocfaidh 'n t-am 'g-caithfir scrúda
Air mhearbhaibh dubha do shaoghail
Nuair béidheas troid na beatha thart
A's rachas an talamh siar
As shoilseochas neamh ann a ghlóir
'Measg na n-deágh sna bh-fíor:
Feicfir ann sinn — ní breug —
An sean rádh, domhain, air d'aghaidh:
"Ní mheiltfidh muilionn go h-eug.
Leis an uisge d'imthigh uaidh."
"The mill will never grind
With the water that is past."
Oh! the wasted hours of life
That have swiftly drifted by,
Oh! the good we might have done,
Gone, lost without a sigh!
Love that we might once have
[saved
By a single kindly word,
Thoughts conceived but ne’er ex¬
pressed.
Perishing unpenn'd, unheard!
Take the proverb to thy soul,
Take, and clasp it fast;
“The mill will never grind
With the water that is past."
Oh! love thy God and fellow man,
Thyself consider last,
For come it will when thou must
[scan
Dark errors of the past.
And when the fight of life is o'er,
And earth recedes from view,
And heaven in all its glory shines,
Midst the good, the pure, the
true —
Then you will see more clearly
The proverb, deep and vast:
“The mill will never grind
With the water that is past."
TOBAR NA n-INGHÍNE CÚL-BHUIDHE,
Le
LAIGHNEACH,
(Continued)
mheall daoineadh, agus do bhris sean-
fhear urramtha asteach tríotha.
"O! cad do righne sibh," d' fhiafruidh
sé go dobhrónach, mar thóig sé an corp
fuilteach 'na lámhaibh, agus tharruing siar
an cochall fasgadhach, agus nocht gnúis
bán áluinn Fhíola do shúil sgannruighthe
a h-athar.
"Ba dána an gníomh é rúd," ars an
sagart, agus é air críth aig mothuigh¬
eacht. "Gníomh dána — acht glórmhar."
Do thóig an Inghíon, anois air bhruach
báis, a súile slámacha chum gnúise a h-
athar fheargaigh. "A athair, a Ghríobhtha,"
ar sí go mall, "caithfidh sibh-se an t-anam
do shaor mise le mo chuid fola a shábháil
Chualaidh mé sibh ag tabhairt móide go
m-bainfeadh sibh an t-anam sin, agus dob'
eol dam go bh-fuighinn é shábháil le m'anam
féin a chailleamhain. Éistidh le n-a theag¬
asg air mo shon, mar gheall orm-sa a bhí
am' ghleus lé a d'tharruingeann an Té
naomhtha chuige féin sibh. Déanfaidh sé
trácht libh ar an saoghal iongantach chum
a d-triallaim. A athair, a dhearbhrá¬
thair, a Ghríobhtha dhil dhílis! móididh dham
go n-éistfidh sibh leis, agus go g-coigleó¬
chaidh sibh dhó."
Air a m-beith athchuingighthe mar so
dhóibh, do mhóiduigheadar le guthaibh cráidh¬
te go n-déanfaidís amhail ba toil léithe.
Bhí gnúis Fhíola air lasadh anois le smig¬
eadh lonnrach; do thug an sagart gan
toirmeasg congnadh déigheanach na h-Ea¬
glaise dhí, agus sul a raibh sé réidh, do
chuir sí an t-sean-nádúir dhí, chum an
bheatha áluinn úd, air a bh-fuair sí eolas
chomh goirid ó, a thosughadh.
