AN GAODHAL.
875
Do cóimhlíonadh go naomhtha an gheall¬
eamhain do tugadh dhí, agus righneadh
Críostuidhthe díobh sin go léir a bhí chomh-
ionmhun sin dí. Thugh Gríobhtha suas a
mhaoin agus a áirdchéim do dhearbhrá¬
thair ní b' óige, agus chuir sé cochall na
m-bráthar air féin. Chuaidh an taois¬
each in a oilithreach aig tabhairt toruis
air a lán áiteadh naomhtha agus fuair
sé bás air nós leinbh neimhchionntaigh.
Agus leis na ciantaibh ina dhéidh sin, tá
an gleann ciuin úd ina áit-taithidhe aig
na creidmhighibh, a ghuidheas faoi sgáile na
g-crann, agus tá meas uisge beannuigh¬
the air uisge airgeadamhail an tobair
ó'n am ar measgadh é le fuil croidhe na
h-Inghíne Cúl-bhuidhe.
Críoch an sgéil
Glossary
meall, crowd, me-uhl.
mothuigheacht, emotion, mohyucht.
gleus, means, glay-uss.
creidmhighibh, the faithful, kredveev.
Coláiste Naomh Charoill, Phila.
8adh lá deug dhe mhí 'n Fheabhra, '89.
A Chara ionmhuin:
Seo dhuit abhrán
a righnigh fear dhe mhuintir Dhomhnaill ó d-
tuaidh air bháthadh a mhic. Tigfidh fear
a léighte an deágh chroidhe lághach budh dual
dho 'n g-clann, gidh nach d-tugadh lucht an
bhíodáin orthadh le n-a linn-san, agus air
chineadh na nGaodhal go h-uile, ach na h-
"Éireannaigh fiadhaine." Faraor géar
sé 'n sean scéal céadna é g-comhnuigh.
Tá Éire bhocht faoi chraos an leoghain 's
is truaigh le fir an domhain a brón-scéal
Ní'l maith ag caint ná aig iaruigh ceart
agus ní'l fhios aig fear beo an croidhe
cruaidh a tá sa nGall borb.
"Dhuit-se go measamhuil.
Domhnall O'Murchadha.
A' chéad mháirt dh'fhoghmhar badh bhrónach
torsach mo scéal,
Lámh thapaidh 'rabh cróga 'fhághail rómham
ar leabaidh na n-eug;
Ar charraic na n-deor mo bhrón! gur
chaill mé mo radharc,
'S go d-téidh mé faoi 'n fhód cé thógfas
m'aigneadh 'do dhéigh.
Mo mhallacht go buan fá bhruach a' chlad¬
aigh so 'síor,
'D' fhág osnadh 'nn mo stuaim a's gual
dubh 'n-aice mo chroidh;
'Sé d'imtheacht-sa uaim, monuar! d'fhág
mise gan bhrigh,
Gan miseadh gan stuaim mar shoighead
's mé 'g imtheacht le gaoth.
Do dhearbhráirthe cráidhte go brách ag
sileadh na súl,
A's ní'l fhios cé 'n lá go brách a n-imtheá¬
chaidh 'n chúmhaidh;
Tá d' aicme faoi smál 's is gránna
'righnigh tú 'n siúbhal,
'S cad aige nár agar tú Parthas le spás
bheag eile 'tobhairt dhúinn?
Do mháthair a's Niall faoi chian 's is fad¬
a leo 'n lá,
A's osnadh 'nn a g-cliabh nach léaghasfadh
dochtúr na leághaidh;
Ar sholár mé 'riamh a's bidh' sé cruinn
ann mo lámh,
Go d-túbharfainn féin uaim é mar fhuas¬
gladh 's Padaidh 'bheith slán.
Badh charthannach fial thú riamh 's badh so¬
na do lámh,
'S go m-beidhtheá faoi chian mar riarfa
'd-tiocfadh 'nn do dháil;
Badh deasmhar do chiall le 'ch aon dhe d'-
aicme 'r a' t-sráid,
'S ní mhairfidh mé bliadhain 's mé 'm-
buaidhreadh d'easbhaidh mar táim.
Stadfaidh mé m'éagchaoine 's deánfaidh
mé géarán le cách,
'Fuair pileáid a's pian ar thaobh na
croiche go h-árd;
A Mhuire dhá m-b'fhéidir d' Aon-mhach
'agradh gan spás,
Ach guidhim-sa Dia 'bheith fabhrach dhuitse-
faoi 'n cháin.
Is fada mo shaoghal 's mé 'deanadh géar¬
án go brách,
Ag coimheádh uaim síos fá thaobh a' chladh¬
aigh 'ach lá;
Ni'l cuideacht aig aon mar bhidheadh fá'n
rannaigh so gnáthach,
An Chead Mháirt D'Fhoghmhar
mheisnigh
deismear
