876
AN GAODHAL.
Ach osnadh 'nn a chliabh faraor! 's ní 'l
fortacht a n-dán.
Míle 's ocht g-céad a léightear dimin
gan chlaon,
A' cúig agus sé leis a' scéal so 'aith¬
readh go fíor;
A' thanaic Mac Dé 'nn a' t-saoghal d'
ar g-ceannacht go daor,
'S mo Phadaidh sa g-cré monuar! 's nach
b-pillfidh sé 'choidh.
AIG ÉIRIGHE 'MACH DAM
From the dictation of Mrs. Moy of Bristol, Pa.
formerly of Glenties, co. Donegal, by J. J. Lyons.
(Mr. Lyons deserves great credit for his unceasing
exertions in preserving the old songs and liter¬
ature of his native land. We have many so called
Irishmen, but when we of the present generation
shall be numbered with our fore-fathers, the im¬
partial historian will record from the columns of
An Gaodhal the names of those who are really and
earnestly laboring in the cause of Irish National¬
ity — Ed G.)
Aig éirighe 'mach dam a n-dé,
Dar liom fhéin go rabh an mhaidin fuar,
Thárla damh-sa an spéirbhean
Budh deise 's budh áille gnaoi:
Bhí a dhá cích córa, glégeal
'Sa taobh mar an eala air cuan,
'S má thug mé cion no spéis dí
Ní féidir a congbháil uaim.
Mar ab é do d-tug mé grádh dith
Gheobhfainn fóiris inn mo thír bheag féin,
Ba 'gus caoire bána
'Gus áit mhaith le go g-craithfinn síol;
Colladh fada samhraidhe
'S greann a bheith d'á dhéanadh dhíom,
'S go mb'fheárr liom bheith air mo pháidhe
Gach aon lá 's a bheith le na taobh.
Tabhair aon phóg amháin dham
Ann a n-deárnadh mé de mhailís leat,
A chúl tiu na bh-fáinnidhe
Is áille 'ná 'n feur a teacht;
Air neimhchead iad eilic air gárda,
Mar n-déanfamuis acht eulóghadh seal,
Gan cúite loing nó báide,
Is deas a shnámhfainn an Éarna leat.
Budh fhorus dhamhsa aithin anuair sin
Gur luaidheadh mé go h-óg le mnaoi,
Nach n-déanfainn faillighe no fonamh
No nidh air bith de ghnóthuidhe 'n t-saoghail;
Na tighthe a bhidheas d'á bh-fuadach
Ní dual go n-déanfadh siad díon,
'S ní'l easbhuigh tuidhe na luachra
'San gcuan 'g-colluighean grádh mo chroidhe
A Mhuire, a chroidhe, cá'r bhudh iongnadh
Dá n-íosfainn-se bárr an fhraoigh,
Mo chur 'sa talamh síos
Fá 'n nidh údaigh nach n-deára mé ;
'S mar d-tigeadh acht séideán gaoithe
Anns an taobh a g-colluigheann grádh mo
chroidhe,
Go bh-fuighinn-se sláinte míosa,
Acht mo chroidhe astigh bheith fáisge léi.
A bhailintín ná feall orm,
'S geall agam air mhnaoi mar thú,
Is duit a thug mé m'intinn
Gan amhras as radhairc mo shúl;
A chúl buidhe fighte na threilsighe
Is leat chaill mé colladh ciuin,
Mo leun geur 's m' amhgar
Gan mé a g-claimhneas le bláth na n-úbhal
Dá mar dubhach an fhairige
'S an talamh bheith 'na pháipéar bhán,
Cleitidhe fada, geala 'gam
De na h-ealuigheacha is aoibhne snámh;
Cléirigh Éireann is Alaban,
Shasanaidhe, an Fhrainc 'san Spáinn,
Geanamhlacht mo chailín deas
Níor bh' fhéidir leo scríobh go bráth!
ar g-cáirde
aithne
Cailín De
as
na Luchra
see Vol. VI. p. 757.
see Vol. V. page 668.
SEANMHÓIR air LÁ AN BHREITHEAMH¬
nais,
Leanta.
Tá muid cosamhuil leis air nidhthibh spir¬
iodalta beagan; de bhrigh go bh-feiceann¬
muid nidhthe atá lathaireach agus chuaidh
air an inntinn, in ar stáid bheag fhéin.
Ach feiceann na aingle iad seo air módh
níos leithne agus níos soilleurtha ná
muidne : ach ní thig le créatúir a airde
dhearcadh anso a n-am a ta le theacht, a¬
mháin mar bh-foilsighe Dia dhó é. Ní féi¬
dir leis an am a ta le theacht a bheith
lathair, mar nach thoisigh sé go fóil. Ta
sé go h-iomlán a n-intinn Dé, Is mar
