AN GAODHAL.
877
sin, an taobh amuigh de intinn an chréat¬
úir dab' airde. Ní bh-fuil fios againn
acht go d-tiocfaidh lá an bheitheamhnuis
uair eigin a ta le theacht. An focal
uile-Cumhachtaigh ceudna a chruthuigh gach
nidh air tús thug dúinn an fios seo ; an
fhiadhnuise fhírinneach ceudna a chruthuigh
nádúir d-foillsigh dúinth móid a chríoch¬
nughadh.
Tá smuainte agus focla feirgeach
an dream dhamanna go soilléireach tais¬
beánta dhúinn a g-caint Chríosd féin
Tá sé go cinnte le nidh air bith eile thar¬
luigh na thuit amach, a bh-fuaireas fios
air roimh re, go g-cuirfidh amh gar Dé an
domhan faoi theine An tomhan mar sin
a dhóghtha agus da losgadh mar nidh neamh-
labarthach roimh lá an bhreitheamhnais ag¬
us stáid dheighionach an duine, ní bh-fuil
ach sim cúrsa aimsire. An uair a thioc¬
fas sé, ní féidir le créatúir an domhain
an leithsgeul a ghabhail nach bh-fuair siad
fuagradh. Fuaireadar fuagradh air
theacht an díle, agus chonnairceadar é
comhlíonta. Fuaireadar fios roimh re
go d-tiocfadh an Mesia, mílte bliadhain
roimhe theacht chualamuid buile an chas¬
úir air Cealbharaigh; chualamuid É caoi¬
neadh agus ag osnaoighil. Air an g-cás a
lathair ní thig linn a rádh go d-tainic sé
orrainn gan mothughadh : fuaireamuid
fógra cheana: tá an lá millteach seo a
teacht mar thainic gach aon dona cúis¬
eannaibh seo eile. Ach cia an uair ní thig
le aon chréatúr insinn. Is nidh dí-chéil¬
ige go aon neach a rádh cia dheunfas Sé
agus é bhaint tuairim uaidh nidhthibh a tá
deunta Aige. Bhí am ann nuair nach rabh
domhan, grian, gealach na reulta;
an uair nach rabh dadaidh do'n méid a
fheiceasmuid anois le fághail; ní rabh an
ach dorchadhas, folamhacht — an uair a bhí
Dia leis féin; an uair nach rabh aon
chréatúr amháin cruighthe le a ghuth a shéid¬
éadh air fad ríoghachta Dé. Ní bh-bhuil ach
sé mhíle bliadhain ó chruthuigh Sé an domh¬
an seo & a mhéid reultha agus pláinéid
a tá os a g-cionn san spéir. Tá plaosg
no ceudádhbhar an domhain, badh féidir,
suim eigin níos aosta, ach ta, muid cinn¬
te ca fhad ó chruthuigheadh Ádhamh. Ta sé
budh fhéidir sé mhíle bliadhain ó thoinn, a¬
gus ó 'n am sin ní'l cundas bheatha an
chinneadh daona ach dilleog go thubaiste
's ainchreideamh. Is beagnach sgrios Dia
an domhan aon am amháin, an amhghar; a¬
gus mhaith Sé dhúinn, an A throcaire, uair
eile. Na dhiaigh sin ta an domhan cho
dearg le fuil le coirthibh; mar sin tá
Dia foighideach linn. Cia a d-tig leis
inseacht a méid churtha a deuntar ann
aon chathair amháin air fad lae. Ach cia
d-tig leis a méid gníomhartha mailíse ta
deunta aig gach tír agus gach náisiún ó
thúis ama a inseacht, ag árdúghadh agus
a meudughadh an aon chnap a bh-fiadhnuise
Dé Tá Dia go ro mhór a g-cúmhacht, go
ro mhór a mathas, go ro mhór a d-troc¬
aire agus go ro mhór g-críonnacht; ach
tá Sé níos mó na mór a bh-foighid, faoi
méid curthaibh agus droch ghníomharthaibh
na n-daoine a fhulainge. Acht mar leag
Dia amach uair cruthuighthe agus slánuigh¬
the an duine, mar an g-ceudna ta deir¬
eadh ama air a t-saoghal a teacht; agus
an uair a thiocfas an uair ata ainmthe
ansna flaithis le seo dheunadh, comhlíon¬
thar an t ordughadh naomhtha. Le aon fho¬
cal chruthuigh Sé an domhan, agus le aon
fhocal ta Sé ábalta a mhilleadh. Le aon
bhuille Dh'a bhruis uile-chumhachdaigh dhealbh¬
uigh Sé an méid a thig linn fheicbheal; le
aon tarraing de'n m-bruis ceudna, tig
Leis sgriosadh mar an g-ceudna agus
gan dadaidh dhe fhágbháil air fághail. Tig
Leis an aon mhomuint, gach nidh a mhilleadh
agus a g-cur ansa staid dhorchadas a
rabh siad ann air d-tús, ach t-anam a¬
mháin. Ní thig Leis an t-anam a mharbhadh.
Mar chruthuigh Sé Fhéin gach h-uile nidh, tig
Leis mar sin a léirsgriosadh. Ach sé
Críosd Slánuightheoir an anama, mar
sin ta a mharbhadh cho do-dheunta le crioch
a chuir air shíorruidheacht Dé. Tá slán¬
ughadh an anama mar choingioll eidir an
t-Athair agus an Mac, mar sin ní féi¬
dir a bhriseadh gan neamhshuim a dheunadh
do 'n g-crois. Tá pribhléid aig Dia a
méid a cruthuigh Sé Féin a mhilleadh; ach
ní thig Leis léirsgios a dheunadh air an
obair a cheannuigh foil Chríosd. Mar sin
tá an t-anam do-mharbhtha, agus seo é
an cuimhniughadh a chuireas gardachas mór
air an dream bheannuighthe agus brón -
